Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Cuimhnítear go geanúil i Glucksman Ireland House in Ollscoil Nua Eabhrac ar an seal a chaith sé linn anseo, agus díomá orainn an drochscéal a chloisint. Pearsa phoiblí ba ea an Buachallach, dar le Declan Kiberd (Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010): “Unlike many scholars, he made a point of writing regularly for a wide audience in newspapers and magazines, often taking strong positions in public debates.’ Samplaí fánacha is ea: a pháirt sa troid, in éineacht le staraithe nótáilte sna 1970idí, ar mhaithe leis Cé an Adhmaid agus oidhreacht Lochlannach Bhaile Átha Cliath a chaomhnú; a throid in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin, Co ··· Chuireadar blianta amú, dar leis, ar an seanphlé: moltaí, fochoistí, seimineáir agus mar sin de, agus i lár na hoibre go léir dúnadh Scoil Dhún Chaoin gan fiú amháin dul i gcomhairle le Comhairle na Gaeilge ··· Go dtí gur tháinig comhrialtas i gcumhacht in 1973, agus gur tháinig leigheas ar an scéal, bhí sé ar dhuine díobh sin is mó a rinne gach dícheall chun Scoil Dhún Chaoin a choimeád oscailte. Chaith sé ó 1973 go 1978 ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath)
Is inspéise nach raibh cead ag Méiní Gaeilge a labhairt sa teach. Bhí sí ar scoil Dhún Chaoin mar a raibh Seán Ó Dálaigh [B2] mar mháistir