Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Chuaigh sé le bunmhúinteoireacht agus tar éis dó tamall a chaitheamh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí sé ag múineadh anseo is ansiúd i mBaile Átha Cliath gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil Chaoimhín, Black Pitts ··· Múinteoir i Scoil Chaoimhín ba ea í agus luaitear í in An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1902 mar dhuine díobh sin a bhí ag teagasc na Gaeilge mar ábhar breise ··· Bhí tuairisc faoin scrúdú báis in Freeman’s Journal 4 Márta agus chuir Eoghan Ó Neachtain[q.v.] an nóta seo leis: ‘D’oibrigh sé go socair cúthail agus d’fhan sé amach i bhfad ón gcoimhlint a bhíos ag daoine eile ag iarraidh a bheith in ionad na honóra’. Bhí Brian Mac Giolla Phádraig mar chúntóir ag Pádraig i Scoil Chaoimhín agus ba é a fuair an scoil sin go luath i ndiaidh bhás Phádraig. Ina chuimhní cinn i dtaobh Chumann Lúthchleas Gael in An Camán, Márta 1934, deir Seán Ó Ceallaigh [q.v.] go raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí agus iománaithe na nGaeilgeoirí, an fhoireann a bunaíodh in an Stad tuairim 1900
Ba é Brian a chuir tús leis an gcúrsa sa tSean-Ghaeilge ann. Thosaigh sé ag múineadh i Scoil Chaoimhín, Black Pitts, Baile Átha Cliath, roimh 1911 agus ceapadh é i gcomharbacht ar Phádraig Ó hAichir [B3] i 1914
Seachas Scoil Eoin (Séamus Ó Duirinne [B4]) agus Scoil Chaoimhín (Pádraig Ó hAichir [B3]) níor bhain aon scoil eile i mBaile Átha Cliath iad an bhliain sin