Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Tá fáil ar chuimse acu i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ba as Machaire Rabhartaigh dá athair, John Mhicí Óig 'ac Géidigh, a phós Mary Jeaic Shéamuis William Mhic Gonagail as an Ailt, an Ardaidh Bheag i nGort an Choirce, áit a raibh siad i mbun feirmeoireachta agus áit ar thóg siad ceathrar clainne, Anne, Jack, Micheál agus an té ab óige acu sin, Séamus, a saolaíodh i mí Lúnasa 1961. D’fhreastail Séamus ar Scoil Náisiúnta Chnoc na Naomh i nDoire Chonaire agus ina dhiaidh sin ar Phobalscoil Chloich Chionnaola ··· Bhí sé freisin ina chathaoirleach ar bhord bainistíochta Phobalscoil Chloich Chionnaola, agus bhí baint aige le feachtas láidir a cuireadh ar bun a chinntigh go mbeadh sruth Gaeilge ar fáil mar chuid de churaclam na scoile sin. Bhí sé orthu siúd a d’eagraigh Ceiliúradh Céad Bliain Choláiste Uladh 2006, agus bliain a bháis bhí baint mhór ag Mac Géidigh lenar tharla i nGort an Choirce mar chuimhneachán ar Éirí Amach 1916, ar fhreastail beirt dá cheannairí, Pádraig Mac Piarais agus Joseph Mary Plunkett, ar an gcoláiste, mar aon le Ruairí Mac Easmainn.. Bhí sé sáite i bhFéile Ghort an Choirce agus i dtógáil ionad pobail i Machaire Rabhartaigh, áit dúchais a athar
Ba é freisin a leag bunchloch na seirbhíse spóirt a chuir an raidió ar fáil dá chuid éisteoirí in iarthuaisceart na tíre. Ach ní le cúrsaí polaitíochta agus spóirt amháin a bhaineann an chraoltóireacht raidió atá fágtha ina dhiaidh ag Feardorcha Ó Colla agus a chruthúnas sin le fáil sna cláir Conallaigh chonallacha, Stair paróistí, Deis a labhartha, Bunscoileanna na Gaeltachta, Tuairisc phearsanta, Teaghlaigh cheolmhara Chúige Uladh, Díospóireacht na seachtaine, Dúchas & cinniúint, Ón tsean-am anall, Fios farraige, Na hUltaigh ag gabháil cheoil, Tamall comhrá agus go leor eile. Lean sé leis ag obair le Raidió na Gaeltachta gur aistrigh sé chuig Seomra Nuachta RTÉ i nDomhnach Broc in 1987, áit ar chaith sé tréimhse ghairid. Thug sé tamall gearr eile don mhúinteoireacht ansin i bPobalscoil Chloich Chionnaola, ach d’fhill sé ar ghnóthaí pobail nuair a fuair sé post le Meitheal Forbartha na Gaeltachta i nGaoth Dobhair