Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
In 1984 mealladh é go Antigonish, Albain Nua, Ceanada, de bharr oidhreacht Ghaelach na bpobal ar an mhórthír thuaidh agus ar Oileán Cheap Bhreatainn, áit ar bronnadh Cathaoir Sister Saint Veronica i Léann na Gaeilge air in Ollscoil St Francis Xavier ··· Ceapadh é ina ollamh cúnta in Ollscoil St Francis Xavier in 1988 agus ina ollamh in 1997 ··· Ba chathaoirleach é ar Choiste na Gaeilge den American Committee for Irish Studies (ACIS) in 1988 agus bhí sé ina chathaoirleach ar chomhdháil bhliantúil an Celtic Studies Association of North America (CSANA) in Ollscoil St Francis Xavier i mí na Bealtaine 1992 ··· Bhí sé ar na baill tosaigh de NAACLT [North American Association for Celtic Language Teachers] agus bhí sé ina chathaoirleach ar an tríú comhdháil bhliantúil den North American Association of Celtic Studies (NAACLT) in Ollscoil St Francis Xavier i mí na Bealtaine 1997, díreach dhá bhliain tar éis bhunú an chumainn