Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Bhí poist éagsúla aici in ollscoileanna Mheiriceá idir 1911 agus bliain a báis: baint aici le roinn an Bhéarla in Ollscoil Illinois ó 1911 go 1919; ina teagascóir Gearmáinise in Ollscoil Nua-Eabhrac i 1912–3; ina hOllamh le Fraincis i gColáiste Vassar 1919–21. Bhí aiste ag Gertrude in Studies, Márta 1913, i dtaobh shaothrú léann na Gaeilge agus na spéise i gcultúr na hÉireann in Ollscoil Illinois ··· Ba í Ollscoil Illinois freisin a d’fhoilsigh an chéad saothar scolártha Sean-Ghaeilge dár foilsíodh sna Stáit, Miscellanea Hibernica le Kuno Meyer
Chum sé Óid an Oireachtais i 1910. Um Shamhain 1916 a thosaigh sé ag léachtóireacht in Ollscoil Illinois in Urbana tar éis dó glacadh le comhaltas taighde a thairg an ollscoil dó (feic SCHOEPPERLE) ··· Nuair a tháinig deireadh leis an bhfiontar Gaeilge in Ollscoil Illinois d’fhill sé ar a dhualgais sagairt i Sasana
Chaith sé an tréimhse ó 1914 amach sna Stáit Aontaithe, ag léachtóireacht i Harvard agus in Ollscoil Illinois agus ar fud na tíre. Tá leide bheag dá aigne ag an am agus den uisce faoi thalamh freisin le brath ar a litir chuig John Devoy ar 2 Meán Fómhair 1915 (Devoy’s post bag Vol