Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Nuair a bunaíodh an Ollscoil Chaitliceach in 1854 cheap John Henry Newman é ina ollamh le ceimic ann agus bhí sé ar ball i gceannas ar Dhámh na hEolaíochta, in ainneoin gur dhuine de na ‘quasi-rebels’ é, mar a thug Newman air, agus gur chuir an ceapachán olc ar an gCairdinéal Cullen ··· Arís chuir sé olc ar Ardeaspag Chaisil go dtréigfeadh sé ollscoil Chaitliceach chun post a fháil in ollscoil neamhsheicteach ··· Bhí sé pósta ar Frances Hennessy, deirfiúr le Henry Hennessy (1826-1901), an t-ollamh le Fisic san Ollscoil Chaitliceach, agus le Sir John Pope Hennessy (1834-91), agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu
In 1852 freisin bhí sé i gceist go gcuirfeadh sé féin agus an Donnabhánach foclóir mór Gaeilge le chéile, ach, cé gur fhág William Elliott Hudson[q.v.] £200 le huacht agus gur thug John Martin (1812-75) £200 eile, ní dheachthas ar aghaidh leis an bhfiontar ag an am sin. In 1853 rinneadh comhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann de agus 29 Meitheamh 1854 ceapadh é ina Ollamh le Stair agus Seandálaíocht na hÉireann san Ollscoil Chaitliceach a bunaíodh an bhliain sin
Tairgeadh ollúnacht dó i gColáiste na Tríonóide ach d’iarr an tArdeaspag Pól Ó Cuilinn air glacadh le post san Ollscoil Chaitliceach, rud a rinne sé, cé gur lú an tuarastal. Scríobh sé cuid mhaith téacsleabhar agus páipéiri, agus toghadh ina bhall de chumainn léannta go leor é le barr measa air
Bhí a hathair Tomás ina ollamh le hanatamaíocht san Ollscoil Chaitliceach
Ach níorbh ionann agus formhór mór ollúna na hOllscoile Caitlicí, níor ceapadh é nuair a rinne Ollscoil Ríoga na hÉireann (Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath) di in 1883