Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Bhí poist éagsúla aici in ollscoileanna Mheiriceá idir 1911 agus bliain a báis: baint aici le roinn an Bhéarla in Ollscoil Illinois ó 1911 go 1919; ina teagascóir Gearmáinise in Ollscoil Nua-Eabhrac i 1912–3; ina hOllamh le Fraincis i gColáiste Vassar 1919–21. Bhí aiste ag Gertrude in Studies, Márta 1913, i dtaobh shaothrú léann na Gaeilge agus na spéise i gcultúr na hÉireann in Ollscoil Illinois
I 1940 fuair sé post in Ollscoil Nua-Eabhrac agus ceapadh é ina Ollamh le Béarla ann i 1948 agus bhí cúrsa sna teangacha Ceilteacha á stiúradh aige freisin
Liostaítear ceapacháin mhórchlúiteacha eile in Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010: ‘He was Burns Scholar at Boston College, Parnell Fellow at Cambridge University, a French Government Fellow at the Sorbonne, a Folger Library Fellow at Washington and a visiting professor at New York University.’ Gan amhras bhí aistí iomadúla aige in irisí léannta agus foilseacháin mar Zeitschrift für celtische Philologie, Lochlann, Ériu, Celtica, UCC Record, Éigse, Studia Hibernica, Léachtaí Cholm Cille, Scríobh, Galvia, Seanchas Ard Mhacha, Ulster Local Studies, The Irish Review, Proceedings of the Royal Irish Academy ach bhí aistí agus léirmheasanna go rialta aige freisin ó 1957 amach in irisí mar Comhar agus Feasta a bhí ag freastal ar phobal leathan na Gaeilge