Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Ó 1974 go 2002 bhí sé ar fhoireann Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (Coláiste Teicniúil Réigiúnach, Gaillimh, go 1998), agus Gaeilge, cumarsáid, léann Eorpach agus an nua-stair faoina chúram
Ina theannta sin bhí sé ina stiúrthóir ar Bhord Rialúcháin Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo, Comhar na nOileán Teo agus Bord Rialúcháin Airéine Spóirt Ollscoil Luimnigh. Ní raibh traochadh ar bith air, agus sa mullach ar an méid sin ar fad chaith sé tamall mar chraoltóir agus mar cheannasaí spóirt ag an stáisiún raidió Galway Bay FM agus ba mhinic ag aisteoireacht é ar stáitse na Taibhdheirce agus ag canadh i léiriúcháin éagsúla a rinne na cumainn cheoil atá timpeall na Gaillimhe. Ba nuair a tháinig deireadh lena chuid imeartha ar fhoireann shinsearach an chontae in 1983 a thosaigh Seosamh Mac Donncha ar na cúraimí riaracháin laistigh den Chumann Lúthchleas Gael a d’fhág an oifig is airde san eagraíocht sin ina sheilbh