Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Buaileadh buille trom ar Neans nuair a bhásaigh a fear céile Breandán in 1997. Sa bhliain 2010 bhí an phríomhpháirt ag Neans i gclár faisnéise teilifíse dar teideal Torann na dtonnta a craoladh ar TG4, scéal tragóideach faoi thriúr iascairí as Heilbhic a bádh le linn an Dara Cogadh Domhanda nuair a phléasc mianach a chuaigh i bhfostú i líon trálaeir, an Naomh Garbhán, naoi míle farraige amach ó Dhún Garbhán. Bhí amharc na súl caillte ag Neans faoin tráth sin, ach mar a dúradh san eagrán de An Linn Bhuí: iris Ghaeltacht na nDéise 17, a foilsíodh ina cuimhne tar éis a báis ar 13 Feabhra 2013: ‘níor tháinig aon tréigean ar a misneach, ar a cumas intleachta ná ar a buaidh urlabhartha.’ San eagrán céanna, scríobh a cara agus a comharsa, Nioclás Mac Craith, na línte seo ina hómós: Sa tSean-Cill ’s ea chomhnuigheadh an deigh-bhean, Fuair gradam is meadhar thar mhnáibh, A hiontsamhail ní raibh lena linn ann, A comhsamhail ní thiocfaidh go bráth. Go gairid tar éis a báis, reáchtáladh Comhdháil na nDéise 2013 ina hómós, an chomhdháil a reáchtálann Grúpa Taighde na Cruthaíochta agus an Chultúir in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Tá Neans Bean Uí Bhraonáin curtha i Reilig na Seanchille i Rinn Ó gCuanach. Ailt Mac Craith, N