Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Déanann Mac Fhir Léinn áireamh ar na naisc leis an dúiche sin: an caidreamh a bhí aige le Diarmaid mac Sheáin Bhuí, agus le Mac Cairteáin; na caointe a chum sé ar Bharraigh agus ar dhaoine eile i mBarrachaibh; gur fháiltigh sé abhaile ó Shasana roimh Shéamus Mac Coitir [q.v.]; gur mhaígh sé anseo is ansiúd sna dánta gurbh ón dúiche sin é; gurbh ann a bheadh cónaí ar a mhac ar ball; gurbh iad scríobhaithe Chorcaí is mó a thug slán a dhéantús fileata. Bhí a mhuintir go maith as agus tuairimítear gurbh i nDámhscoil na Blarnan a cuireadh oideachas air, idir fhilíocht, sheanchas, ghinealas, Laidin, litríocht na Laidine agus eile