Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Níorbh iontas nuair a rinne sé freastal ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ina dhiaidh sin (ó 1976 go 1979) gur ar an stair, ar an bpolaitíocht agus ar an mBéarla a dhírigh sé. Thug sé scaitheamh ag múineadh i Scoil Náisiúnta Bhaile Shéamais Dhuibh i gContae an Chabháin, ach ba sa phríomhchathair agus sa cheantar máguaird a chaith sé an chuid is mó dá shaol múinteoireachta – i Scoil Cholmcille, Sráid Mhaolbhríde (Scoil Chaoimhín mar atá anois), Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, agus Scoil agus Coláiste na Toirbhirte, Bré, Co. Chill Mhantáin, baile inar chuir sé faoi. Sa bhliain 1976 phós sé Caitlín Ní Shíthigh as Glas Naíon i mBaile Átha Cliath agus bhí beirt chlainne orthu, Áine agus Brian. Ainneoin oiread ama a bheith caite aige sa phríomhchathair agus a bhí taobh amuigh di, shantaigh sé saol na tuaithe i gcónaí agus in 1999 cheannaigh sé gabháltas beag i Mullach na Sí in aice leis an gCaisleán Riabhach i dtuaisceart Chontae Ros Comáin
Chaith Mary blianta fada ag múineadh i scoil shóisearach Choláiste na Toirbhirte, Bré