Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 41
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 “B’é an chéad duine é a léirigh conas staidéar ealaíonta a dhéanamh ar fhoghraíocht na Gaeilge”, a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin in aiste i dtaobh Choláiste na Mumhan (Feasta, mí Iúil 1954). I Lower Indigo, Barnawatha, Victoria, an Astráil, a rugadh é ar 18 Samhain 1865 de réir chlár na mbaistí i Chiltern, Victoria ··· Deir tuairisc an Irish Peasant ansin: “While some who began with him were still stumbling at the threshold, Dr O’Daly had gone into the rich house and through the halls and rooms of this marvellous Irish speech and came out again without delay, speaking, lecturing and preaching in Irish as though he had spoken the language from the cradle”. Fuair sé post an ardmháistir i gColáiste na Mumhan i 1905 mar is léir ón tagairt atá in Irisleabhar na Gaedhilge Lúnasa 1905: “Tá an tAthair Risteard Ó Dálaigh, Uachtarán Choláiste na Mumhan, ag cur amach leabhair ar fhuaimeannaibh na teangan Gaeilge” (l ··· Ba é Lámhbheartach Mac Cionnaith [B2] a bhí ina uachtarán ar Choláiste na Mumhan i 1911 nuair a bhí Risteard san Astráil ··· Ar éigean má luaitear an Dálach in An Claidheamh Soluis go dtí go raibh sé i láthair nuair a leag an tAthair Peadar Ó Laoghaire[B2] cloch bhoinn fhoirgneamh Choláiste na Mumhan 19 Aibreán 1914 ··· Scríobh Domhnall Ó Laoghaire, Inse Geimhleach, amhrán i dtaobh Choláiste na Mumhan, agus tá an cheathrú seo ann: ‘Tá Coláiste Gaelach i mBéal Átha an Ghaorthaidh/ Agus sagart naofa dá múineadh/ Bráthair gaolmhar le Máire Ní Laoghaire/ B’í bláth is craobh na n-údar í’
Ghlac sé páirt in obair Choláiste na Mumhan agus bhí ina ardmháistir ar feadh seisiúin amháin i 1912 ··· Aistríodh é go paróiste na hArdeaglaise, cathair Chorcaí, i 1917, agus mhúineadh sé ranganna i gcoláiste geimhridh a bhain le Coláiste na Mumhan ··· Nuair a cuireadh i mbun Coláiste na Mumhan sa chathair seo é an chéad bhliain chaith sé an samhradh san go léir ag faire na hoibre ins na coláistí eile Gaeilge (go mór mhór i gColáiste Ó Méith Mara in Ultaibh mar a raibh Módh Múinte an Athar Domhnall Ó Tuathail [B4] ar bun) féachaint an raibh aon ní i dtaobh múineadh ceart na teanga ag dul ó Choláiste na Mumhan’.
Bhí a dheartháir Muircheartach ag déanamh ionaid dó i scoil Dhoire an Chairn i rith an ama sin. Bhuaigh sé duais chuimhneacháin Philib de Barún mar gheall ar a fheabhas a bhí staid na Gaeilge sa scoil i nDoire an Chairn (idem 28 Iúil 1906) agus an bhliain chéanna sin d’éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan ··· In Féilire na Gaeilge 1909 tuairiscíodh go bhfuair triúr dá dhaltaí scoláireachtaí go Coláiste na Mumhan ··· Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Mumhan leis agus is mó múinteoir a d’fhoghluim uaidh conas obair scoile a dhéanamh as Gaeilge
Ní foláir nó is le linn do Ghertrude Schoepperle[q.v.] a bheith i gColáiste na Mumhan i 1909 a casadh ar Aindrias í ··· In imleabhar 1940 is é an cur síos: ‘Chaplain, Coláiste na Mumhan, Mallow’ ··· Tuairim 1928 osclaíodh coláiste ullmhúcháin san fhoirgneamh céanna faoin ainm ‘Coláiste na Mumhan
I 1944 dúirt Peadar Ó hAnnracháin faoi in Fé bhrat an Chonnartha: ‘Ó cheantar Bhaile Mhistéala ab ea Seán Ó Catháin, an múínteoir ba chliste, b’fhéidir, dár mhúin ceacht i gColáiste na Mumhan riamh ··· Ó 1906 go 1908 bhí sé ina phríomhoide i gColáiste na Mumhan agus i 1911 agus 1912 i gceannas ar Choláiste an Daingin
An mhí dár gcionn bhain sé amach dintiúirí i gColáiste na Mumhan (idem 15 Meán Fómhair 1906). Ag pointe éigin roimh 1916 chuaigh sé ar ais go Corcaigh ··· Bhuaigh Tadhg Ó Sé áirithe duaiseanna ar aistí ag Oireachtas 1913 (idem 16 Lúnasa 1913) agus ceapadh duine den ainm ina chláraitheoir i gColáiste na Mumhan (Freeman’s Journal 21 Feabhra 1914).
Deir Donncha Ó Súilleabháin san aiste ‘An chéad choláiste samhraidh’ (Feasta, Meán Fómhair 1972) gur fhreastail sé ar Choláiste na Mumhan i 1905 ··· Thosaigh sé ag teagasc i gcúrsaí samhraidh Choláiste na Rinne in Iúil na bliana sin agus d’éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan (idem 15 Meán Fómhair 1906)
Bhí sé ar dhuine de scoláirí Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i rith an chéad téarma sin i 1904 agus bhain teastas amach ann i 1906 (idem 15 Meán Fómhair 1906) ··· Agus dúirt Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Bhíodh Diarmuid réidh Ó Laoghaire ann [Coláiste na Mumhan]; agus chaith seisean téarma fada ina ollamh sa choláiste ann
Bhí sé ina bhall de choiste Chraobh an Pharóiste Thuaidh den Chonradh agus thug siad scoláireacht go Coláiste na Mumhan ··· Bhí sé ina léachtóir i gColáiste na Mumhan i 1923 agus ina ollamh i gColáiste Samhraidh an Daingin an bhliain dár gcionn
Bhí sé ar an gcéad dream a bhain dintiúirí amach i gColáiste na Mumhan i 1906 agus um Shamhain na bliana sin thug Coiste Ceantair Bheanntraí post dó ··· Mhúineadh sé i gColáiste na Mumhan gach samhradh
O’Reilly’ a bhí ag múineadh Gaeilge i gClochar na Trócaire i gCaiseal Mumhan (idem 9 Samhain 1901). Bunaíodh Coláiste na Mumhan i 1904 agus ceapadh Áine ina hollamh le hamhránaíocht i 1905 ··· Níl aon fhianaise i bpáipéir Chorcaí gurbh í Áine Choláiste na Mumhan í
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 15 Meán Fómhair 1906 gur éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan
Dúradh ann gur chónaigh sé tamaill i gConnachta agus i nDún na nGall, gur chaith sé téarma ag múineadh i gColáiste na Mumhan, gur chara ar leith é leis an Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] (‘Nobody knows an tAthair Peadar better than he’) agus go scríobhadh sé na nótaí ar chúrsaí reatha in Cork Examiner
Bhí sé ar dhuine de na chéad scoláirí i gColáiste na Mumhan i 1904 agus deirtear gurbh í Eibhlín Ní Chróinín [B3] is mó a mhúin Gaeilge dó
Bhí tionchar ag an leabhar sin, agus ag an díospóireacht a lean a fhoilsiú, ar bhunú Choláiste na Mumhan i 1904
I 1915 phós sé Máirín Ní Chillín, muinteoir i Scoil Phádraig, Luimneach, a casadh air i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh
Coláiste na Mumhan a bheadh ina eiseamláir, dar leis
Rinne sí cúrsa i gColáiste na Mumhan agus is dóigh go bhfuair sí cáilíocht ansin
Bíonn tagairtí dó in An Claidheamh Soluis i rith na tréimhse 1917-18: ar 1 Meán Fómhair 1917 gur bhuaigh sé £5 ar eolas coiteann le híoc ar théarma i gColáiste na Mumhan; ar 27 Aibreán 1918 go raibh sé ina rúnaí ar choiste ceantair Mhaigh Chromtha de Chonradh na Gaeilge; agus ar 20 Meán Fómhair 1918 gur mhol Coiste Chontae Chorcaí obair Phroinnséis Uí Cheallaigh, an ‘Ceithearnach’, i mBaile Bhuirne. Bhí sé ina bhall de Chomplacht B den 8ú Cathlán de Chéad Bhriogáid Chorcaí d’Óglaigh na hÉireann i rith Chogadh na Saoirse
Tuairiscíodh (idem 28 Iúil 1906) go raibh ceachtanna ar Mhodh Réidh agus ar ghramadach na Gaeilge á dtabhairt aige i gColáiste na Mumhan
B’fhéidir gurbh é an Diarmuid Ó hÉigceartuigh é ar éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan i 1906 (An Claidheamh Soluis 15 Meán Fómhair 1906). Phós sé Eibhlín de Barra, múinteoir cúnta i gCill Chomáin, in 1891
Mhúin i gColáiste na Mumhan ar feadh i bhfad, é ina phríomhoide i gcraobh chathair Chorcaí den Choláiste
D’fhreastail sé ar chúrsa i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh an samhradh sin agus d’fhill ar Bhaile an Fheirtéaraigh ar 12 Lúnasa agus chaith coicís sa Bhlascaod gur chuir aithne ar Thomás Ó Criomhthain [B5], ar Pheig Sayers [B5], ar Mhicheál Ó Gaoithín [B5] agus ar scéalaithe eile
Bhí freastal déanta aige ar Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, in 1960, 1961 agus 1962
Bhí baint aige le bunú Choláiste na Mumhan
I Samhradh na bliana sin bhain sé amach lánteastas múinteora Gaeilge i gColáiste na Mumhan
Bhí baint mhór ag Micheál le cúrsaí Choláiste na Mumhan ar feadh tamaill. I 1956 d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair cnuasach gearrscéalta, A cheart chuige, a scríobh sé faoin ainm cleite ‘Muisire’
An bhliain dár gcionn fuair sé an chéad duais do bhailiúchán de shean-fhocail. Chaith sé bliain timpeall an ama seo ina mhac léinn i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus d’fhreastail ar an gcéad seisiún de Choláiste na Mumhan
Thugadh sé féin creidiúint na hoibre don Aimhirgíneach agus don Dálach. Fuair a bhean bás in 1939 agus d’éag sé féin ar 13 Lúnasa 1940. Bhí baint mhór aige le bunú Choláiste na Mumhan in 1904
Bhí siad go léir bainteach leis an gConradh. Ceapadh Diarmuid ina Ard-Mháistir i gColáiste na Mumhan nuair a bunaíodh é in Iúil 1904
Bhí sé ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Múinteoireachta Mhuire, Béal Feirste, ag an am céanna. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na Mumhan i 1904, an bhliain a osclaíodh é
Chreid sé san aithionchollú, mar shampla, agus gur Ghael a bhí ann féin sa tseanaimsir, é ina Rua-Indiach tamall eile. I gColáiste na Mumhan a casadh a bhean Móirín Fox air den chéad uair
I samhradh 1909 d’fhreastail sí ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar Choláiste na Mumhan
Bhain sí teastas múinteora amach i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i 1904, an bhliain a osclaíodh é
Bhí teastas múinteora faighte aige tar éis cúrsa i gColáiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh
Chaith sé téarma i gColáiste na Mumhan 1905 agus bhain dintiúirí múinteora amach
Chaith sé téarma freisin i gColáiste na Mumhan sna 1920idí
B’fhéidir gur timpeall an ama chéanna a chaith sé tamall i gColáiste na Mumhan
‘Tháinig an tOllamh J.Vendryes cúpla samhradh, is dóigh liom, ag triall ar Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh
Más é an Seán Ó Cearbhaill céanna é mhíneodh sé conas a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga. Chaith sé Lúnasa 1904 i gColáiste na Mumhan agus i 1906 ceapadh ina thimire faoin gCoiste Gnó é
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, i 1904