Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 18
Chuaigh sé isteach sna Froinsiasaigh i gColáiste San Isadóir sa Róimh 2 Lúnasa 1632 ··· Bhí sé in Mantua i 1647 agus ansin cuireadh ar ais go Coláiste San Isadóir é i 1652 chun fealsúnacht a mhúineadh ··· Bhí sé i gceannas ar Choláiste San Isadóir go sealadach an bhliain chéanna sin. Leabhair leis a foilsíodh is ea: Iubalatio Genethliaca in honorem Prosperi Balthasaris Philippi Hispaniarum Principis, 1658 (dán); Theologia Sacra, 1666, imleabhar dá Cursus philosophiae, saothar nár cuireadh a thuilleadh de i gcló; Lucerna Fidelium seu Fasciculus decerptus ...de Doctrina Christiana .. ··· Más fíor a bhfuil scríofa ar leacht i gColáiste San Isadóir, is ann a d’éag sé í 1684, é ina ghairdian ar an gcoláiste ag an am
Is dóigh le Mac Cana gurb amhlaidh nár múineadh scríobh na teanga dó. Níl d’eolas ina thaobh ach a bhfuil scríofa aige féin sa lámhscríbhinn úd; tháinig sí i seilbh sagairt Fhroinsiasaigh i 1774, bhí tamall i Lováin, ansin i gColáiste Isadóir sa Róimh agus ar deireadh i Leabharlann na bhFroinsiasach i mBaile Átha Cliath
I 1938 cuireadh chun na Róimhe é, mar a ndearna sé staidéar ar an diagacht i gColáiste San Isadóir
Rinne sé staidéar san Ollscoil Ghréagóireach agus i gColáiste Idirnáisiúnta an Antonianum sa Róimh fad a bhí cónaí air i gColáiste San Isadóir sa chathair sin
Ar feadh ceithre bliana bhí staidéar ar an diagacht ar siúl aige i gColáiste San Isadóir sa Róimh agus oirníodh ina shagart é i 1941
Chaith sé blianta an chogaidh i gColáiste San Isadóir sa Róimh agus oirníodh ann é 16 Meitheamh 1941
Deir Fennessy: ‘The dates here seem unlikely, and there may be some confusion between two Franciscans named Francis Donovan, one of whom may have been a diocesan priest who became a Capuchin (OFMCap) late in life.’ Tuairimíonn Ó hÓgáin gurbh fhéidir dearmad éigin a bheith sa teastas baiste agus deir Fennessy go ndeachaigh Proinsias Ó Donnabháin áirithe isteach san ord i gColáiste San Isadóir sa Róimh um Shamhain 1759 ach gur mar fhear óg—‘ingenus iuvenis’—a tuairscíodh air
Oirníodh ina shagart é sa Róimh tar éis tamaill eile staidéir i gColáiste Naomh Isadóir
I measc na n-éachtaí scribhneoireachta agus eile a rinne sé ann tá: i 1623 saothar uile San Froinsias a fhoilsiú; Coláiste San Isadóir a bhunú i 1625 agus Coláiste Ludovisi do ghnáthchléir na hÉireann i 1627; an chéad eagrán criticiúil de shaothar Duns Scotus i 1639; Scriptores Ordinis Minorum i 1650
I gcoláistí Naomh Antaine agus Naomh Isadóir sa Róimh bhí sé ag gabháil don diagacht agus is sa chathair sin a oirníodh ina shagart é ar 8 Iúil 1934. Chaith sé na blianta 1935–1941 i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus an léann Ceilteach ar siúl aige
Rinne sé a chúrsa diagachta i gColáiste Naomh Isadóir sa Róimh agus is ann a oirníodh é in 1866
Chaith sé thart ar bhliain ansin sula ndeachaigh sé isteach sna Froinsiasaigh.’ Tar éis sé mhí a chaitheamh i gColáiste San Isadóir sa Róimh cuireadh é go paróiste Shráid na gCócairí, Baile Átha Cliath
I 1643, chuaigh sé a dhéanamh staidéir faoi Luke Wadding [q.v.] i gColáiste San Isadóir sa Róimh
Ag pointe éigin tar éis 1792 tugadh go Coláiste San Isadóir sa Róimh é agus in 1872 aistríodh go dtí Mainistir na bhFroinsiasach ar Ché na gCeannaithe
Is ar mhainistir sa Chabhán a ceapadh é ina ghairdian nuair ba ghnách gur ar choinbhint ina dhúiche féin a cheaptaí a leithéíd. Is i leabhair aifrinn Choláiste San Isadóir sa Róimh faoin mbliain 1668 atá an tagairt is túisce dó; dúirt sé Aifreann go minic ann 1669–85
Bhí sé sa Róimh i 1626: tá a ainm agus an dáta 19 Feabhra 1626 ar lss i gColáiste San Isadóir
I measc na n-éachtaí scribhneoireachta agus eile a rinne sé ann tá: i 1623 saothar uile San Froinsias a fhoilsiú; Coláiste San Isadóir a bhunú i 1625 agus Coláiste Ludovisi do ghnáthchléir na hÉireann i 1627; an chéad eagrán criticiúil de shaothar Duns Scotus i 1639; Scriptores Ordinis Minorum i 1650
Chaith Pól Breathnach[B2] dua lena thaispeáint gur Diarmaid a bhí ar a athair agus nár mhac é le Lughaidh Ó Cléirigh[q.v.], údar Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, mar a scríobh Seán Ó Donnabháin[B6] sa réamhrá a chuir sé lena eagrán de Annála Ríoghachta Éireann ; ní raibh an bhunchóip i gColáiste San Isadóir sa Róimh feicthe ag an scoláire sin