Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 19
Is cosúil gur fhreastail sé ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh i 1905 ··· ‘Ar feadh trí mblian i gColáiste Chonnacht chuireas aithne, caidreamh agus eolas air ··· Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F
Bhí sé ina ollamh cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1910 agus ina bhainisteoir stáitse ag Feis Chonnacht ··· Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Chonnacht sa Spidéal
na Mí, den Chonradh, craobh a bhunaigh sé féin. Cháiligh sé mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1910 ··· Meastar gurbh é faoi deara an chéad cheardscoil tuaithe in Éirinn, an ceann a osclaíodh i seomraí a bhí ar cíos ó Choláiste Chonnacht sa Spidéal
Foilsíodh é mar leabhar ann féin i 1923 faoin teideal Amhráin Mhuighe Seola. Bhí sí ar an dream beag a bhunaigh Coláiste Chonnacht i 1905 ··· Bhí sí mar ionadaí ag coiste an Choláiste ag comhdháil na gcoláistí samhraidh Satharn na Seachtaine Móire, 1916
Mhúineadh sí an teanga i gColáiste Laighean agus i gColáiste Chonnacht. D’éag sí ar 21 Iúil 1936 ina teach 18 Bóthar Lea, Dumhach Thrá, Baile Átha Cliath ··· D’fhoghlaimíos an Ghaeilge uaithi i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal sna laethe iontacha úd díreach tar éis Éirí Amach na Cásca
Sa pháipéar sin 21 Feabhra 1903 rinne Tadhg Ó Donnchadha (Torna) [B1] tagairt do dhrámaí Gaeilge sa Rotunda: ‘Dhin Iníon Uí Fhlannagáin a cuid féin go deas; tá sí ag teacht chun cinn go seoigh’. Bhí baint aici le Coláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh ó 1905 (idem 19 Lúnasa 1905) amach agus leithéidí Mhichíl Bhreathnaigh [B2], Phádraig Uí Dhomhnalláin [B2] agus Sheáin Uí Ruadháin [B1] mar ollúna aici ··· Bhí siad le chéile i gColáiste Chonnacht an samhradh dár gcionn agus phós siad 8 Eanáir 1910 in Eaglais Naomh Pól, Cé Árann
B’fhéidir go bhfuil an obair a rinne sé ar son Choláiste Chonnacht sa Spidéal ar an obair is tábhachtaí dá bhfuil déanta aige ··· Dúirt an Dochtúir S.P.Mac Énrí [B2], Uachtarán Choláiste Chonnacht, faoina obair ansiúd: ‘Ní féidir liom an tAthair Mac Giolla Sheannaigh a mholadh de réir a thuillimh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí baint mhór aici ar feadh na mblianta le Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, agus tá cuntas uirthi in Coláiste Chonnacht: na blianta tosaigh i dTuar Mhic Éadaigh, 2005 a d’fhoilsigh Coiste Oidhreachta Thuar Mhic Éadaigh ··· D’fhill sí abhaile i 1905 agus fuair post múinteora i gColáiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh
I gColáiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, in 1908 is ó Sheán Ó Ruadháin[B1] a d’fhoghlaim sé Gaeilge Chonnacht
Rinne sé cúrsa oiliúna i gColáiste Chonnacht sa Spidéal 1911. Ó Dheireadh Fómhair 1910 ar aghaidh bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil
Scilling sa lá ag déanamh bóthair an t-aon phá a bhí saothraithe aige go nuige sin. Thosaigh sé ar chúrsa i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh 1 Iúil 1907
D’fhreastail sé ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh an bhliain dár gcionn
Bhí baint aige ar feadh tamaill le Coláiste Chonnacht sa Spidéal agus is ann a casadh air an bhean a phós sé, Caitlín Ní Mhaoldomhnaigh, múinteoir scoile ón bhFiacail, Co
Ba é Colm Ó Gaora [B3] a mhol dó cáilíocht mar mhúinteoir Gaeilge a fháil i gColáiste Chonnacht agus chaith sé tamall leis an gceird sin i gContae Ros Comáin sula ndeachaigh sé go Bealach Conglais i gCill Mhantáin. Le linn an Chogaidh Chathartha cuireadh ina leith go raibh tiomáint eallaigh ar siúl aige agus b’éigean dó dul ar a choimeád
and Miss Kathleen McGowan, a Wicklow lady, writes with a remarkable grasp of Connacht idiom as readers of the Freeman have lately been able to see for themselves’. Bhí sí ag múineadh nó ag timireacht anseo is ansiúd go ceann ocht mbliana: i gCois Fharraige, i gColáiste Chonnacht (An Spidéal), i gCloich Chionnaola, i gCill Scíre i dTír Eoghain, i gColáiste Laighean, i gColáiste Alexandra, agus i gContae Mhaigh Eo
Bhí sé ina Ard-Ollamh i gColáiste Laighean ó 1906 go 1910 agus chaitheadh sé gach samhradh ó 1905 amach ina Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal
(Micheál Ó Maoláin in The Irish Independent, 18 Nollaig 1939). Ó 1906 go 1921 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh agus nuair a d’éag Micheál Breathnach i 1908 ba é Pádhraic a ceapadh ina Ard-Ollamh ina áit
Bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ó 1916 go 1918
Chaith sé coicís i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1917 agus ba mhinic ar lóistín é sa Sián ina dhiaidh sin