Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 18
Is cosúil gur tháinig sé os comhair an phobail a chéaduair i 1935 nuair a ceapadh é mar chúntóir ag Seán Ó Baoill[B5], a bhí ag múineadh amhránaíochta i gColáiste Bhríde, Rinn na Feirste ··· D’fhan cuimhne ag Ó Fiaich ar Aodh ag dul i mbun oibre an chéad lá: ‘Tháinig muid go Coláiste Bhríde sa bhliain chéanna, eisean mar mhúinteoir óg gealgháireach, mise mar ghasúr scoile ··· Amhránaí maith ba ea dheartháir John agus bhíodh seisean ag obair i gColáiste Bhríde freisin.
Bhí Johnny Shéimisín ina sheanchaí ag Coláiste Phádraig, Béal Feirste, i 1924–5 agus ag Coláiste Bhríde, Rann na Feirste, ó 1926 go 1941 ··· D’aistrigh sé Muintir Chois Locha, 1934, Mac-Ghníomhartha Fhinn Uí Dhomhnaill, 1934, Eadar Muir is Tír, 1935, Croí na Cruinne, 1937, Caisleán na Smachta, 1937.Tá cuntas air ag Vincie Shíle (Uinsionn Ó Domhnaill) in Donegal Democrat 2 Samhain 1995. Ba é Johnny Shéimisín a thug don Athair Lorcán Ó Muireadhaigh an giodán talaimh ar ar tógadh Coláiste Bhríde
Nuair a aistríodh Coláiste Bhríde go Rinn na Feirste bhí sé in ann cáilíocht mhúinteora a fháil ann
Nuair a tógadh Coláiste Bhríde i Rann na Feirste chabhraigh sé go mór leis an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh [q.v.]: ba é a ghríosaigh muintir na háite chun caoi a chur ar a gcuid tithe d’fhonn lóistín a bheith ar fáil
Ó 1926 go 1974 bhí sé ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
Bhíodh sé ag teagasc i gColáiste Bhríde agus bhí ardmheas air ní hamháin mar gheall ar shaibhreas a sheanchais ach toisc a shoiléire a labhraíodh sé leis na daltaí: ach shíl Ó hEochaidh go ndearna obair an choláiste dochar dá ealaín scéalaíochta
Mhúineadh sé rang Gaeilge sa chathair i rith an gheimhridh agus chaitheadh sé an samhradh ag múineadh ceoil in éineacht le hAodh Ó Duibheannaigh i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste
Bhí sé tamall ina eagarthóir ar An tUltach, ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh ó 1948 go 1952, ina ardmháistir ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, agus ina uachtarán ar Choláiste Theilinn
Chaith sé tamall de bhlianta ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
Tamall ag múineadh i gColáiste Laighean, ina ollamh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
Bhunaigh Peadar péire coláiste samhraidh sna 1970idí, ceann acu in Árainn Mór agus an ceann eile, Coláiste Chonaill, sa Dúchoraidh; roimhe sin bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rinn na Feirste
Deir Mac an Rí: ‘Ach ní dhearna sé scrúduithe an tríú bliain toisc go raibh sé tar éis an samhradh a chaitheamh ag obair sna tolláin thall in Albain.’ Le linn dó a bheith ina mhac léinn chaitheadh sé an samhradh ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
Bhí Ó hÁdhmaill ag teagasc i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste agus bhí sé eolach ar Loch an Iúir mar áit a bheadh fóirstineach do choláiste Gaeilge ag an am.’ Padaí a bhí i mbun an choláiste sin ar feadh i bhfad agus is mic léinn ó Ard Mhacha an dream ba líonmhaire ann
Bhí sé ina rúnaí ag Coláiste Bhríde ann ó 1937 go ceann deich mbliana. Faoi 1939 bhí léite aige gur ceann é ‘Weldon’ de leaganacha gallda an sloinne ‘Ó hUallacháin’ agus rinne an t-athrú le gníomhas aon pháirtí
Bhí baint mhór aige le hobair Chomhaltas Uladh agus go háirithe leis na coláistí Gaeilge ó thuaidh; bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Ros Goill agus bhí ar fhoireann teagaisc Choláiste Rann na Feirste
Rugadh clann mhór dóibh ach níor mhair ach ochtar, ceathrar mac agus ceathrar iníonacha. Bhí sé ar dhuine de sheanchaithe Choláiste Bhríde agus bhuaigh an chéad áit sa scéalaíocht ag Oireachtais cúpla babhta
Bhíodh ardchlú ar Choláiste Bhríde sna blianta sin – bhaist an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich ‘Ollscoil na Gaeltachta’ uirthi
Gach samhradh ba ghnách leis imeacht chuig Coláiste Bhríde in Ó Méith Mara (agus i ndiaidh 1926 i Rann na Feirste)