Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ghlac sí páirt sa Chumann Drámaíochta, sa chór, agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an Social Action Movement, gluaiseacht chun cabhrú le dílleachtaí, le páistí na mbocht, le páistí an lucht taistil, agus le daoine aosta. In 1972 fostaíodh í mar léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Bhanríon na Trócaire, Dún Chéirí, An Charraig Dhubh ··· Fógraíodh gan choinne in 1987 go raibh Coláiste Bhanríon na Trócaire le dúnadh taobh istigh de bhliain agus in 1988 fuair Máire post mar léachtóir sinsearach i Roinn na Gaeilge i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais, áit ar fhan sí go dtí 2008. Chuir Máire spéis i bhfoghlaim, sealbhú, agus múineadh na nuatheangacha Eorpacha, bídís ina dteangacha forleathana nó neamhfhorleathana