Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 24
I ndiaidh a bháis chraol Radio Éireann clár dar teideal ‘Labhrás binn Ó Cadhla, Déiseach’. D’fhreastail sé ar chúrsa i gColáiste na Rinne 1907 agus bhain teastas múinteora amach ··· Chaith sé tamall ina chónaí i gColáiste na Rinne sula ndeachaigh sé chun cónaithe ina theach féin i gCeapach Choinn ··· Ó 1929 go dtí 1960 bhí sé ag teagasc sna cúrsaí samhraidh i gColáiste na Rinne. Níor phós sé riamh
Bhí Nioclás agus mé féin ar an lucht foghlama san, agus b’ea a fheabhas a thaitin an obair linn gur chinneamar tinreamh ar Choláiste na Rinne nuair a bunaíodh é i gCnocán an Phaoraigh sa bhliain 1905 .. ··· De thoradh na bliana sin a cuireadh amach Róisín bán an tSléibhe(1923), Oíche ar bharr tuinne (1924), An Dubh ina Gheal (1924), Teoiní agus Tighthe Lóistín (1924) agus leabhair bheaga do na scoileanna. Ó 1923 go 1934 bhí sé ag obair faoin gCoiste Gairmoideachais i gCeatharlach agus ina ollamh i gColáiste na Rinne gach samhradh. Toisc bheith ag dianscríobh agus ag múinteoireacht le chéile bhris an tsláinte air ··· Dúirt Seán Ó Cuirrín faoi: ‘Ba gheall le muileann Coláiste na Rinne na blianta sin, gach aon mhúinteoir ina Ghúmadaer d’éis obair an lae a chur i gcrích, ach Nioclás a bhí ina thosaí meithle
Tar éis scolaíochta i gColáiste na Rinne agus i Waterpark College, Port Láirge, chuaigh sé isteach i gCumann Íosa 3 Meán Fómhair 1930 agus ghlac móideanna 4 Meán Fómhair 1932 ··· Bhí sé i gCaisleán Ráth Fearnáin ag scríobh agus ag gabháil don Ghaeilge gur éag ann 7 Deireadh Fómhair 1982. Bhí sé ina chathaoirleach/uachtarán ar choiste stiúrtha Mheánscoil na Rinne agus ó 1954-1973 bhíodh sé páirteach i gcúrsaí samhraidh Choláiste na Rinne
D’fhreastail sé ar Scoil an Chalaidh ón gcéad lá agus ar Choláiste na Rinne ón gcéad lá freisin ··· Bhain sé céim amach i 1915 agus idir sin agus 1918 bhí sé i mbun na meánscoile lae i gColáiste na Rinne
D’fhreastail sé ar rang oíche Labhráis Uí Chadhla[B3] i Sliabh Rua; uaireanta is i dteach na mBreatnach a bhí sin ar siúl agus bhí de thoradh air go bhfuair sé scoláireacht chun cúrsa samhraidh i gColáiste na Rinne ··· From numerous footnotes the reader may be able to form some idea of what has been lost in fifty years.’ Ba é Nioclás Barún, nia leis an Ardeaspag Micheál Ó Síocháin, a bhronn na nótaí ar Choláiste na Rinne
Tugadh an tríú heagrán de Sceulta Mhicil Uí Mhuirgheasa ó’n Rinn amach i 1997; Coláiste na Rinne a d’fhoilsigh agus Nioclás Mac Craith a chuir in eagar ··· Faoi 1906 bhí sé ag obair ag feirmeoir i gcomharsanacht Choláiste na Rinne
Ar fhoireann Choláiste na Rinne ó 1918
Tá cuid eile fós dá oidhreacht, an tseod déanach di, agus an tseod is álainne, creidim, i seilbh an Choiste Foilsitheoireachta in Iolscoil na Mumhan [Coláiste na Rinne]
Sna Déise bhí sé ar lóistín i gColáiste na Rinne agus thaifid ábhar ó Mhicheál Turraoin[B5] (Maidhc Dhá) agus a dheartháir Dixon
Bhain sé teastas amach i gColáiste na Rinne
Tá cuntas cuimsitheach air ag Mainchín Seoighe in An Linn Bhuí 4, 2000 agus deir seisean: ‘Bheadh sé fíor a rá gur chaith Pádraig Ó hIceadha an chuid eile dá shaol ó d’fhág sé an bhunscoil ag obair ar son na Gaeilge.’ Seoladh leabhrán in ómós dó ag Daonscoil na Mumhan i gColáiste na Rinne: Fear le Ceann Rí air: Cuimhní Cinn ar Phádraig Ó hIceadha, 2002
Ba as Baile Dhá Thuile in iarthar Luimnigh dá mháthair, Frances Madden, a chaith seal i gColáiste na Rinne, Co. Phort Láirge
Bhí sé tamall ag múineadh i lár na tíre ar dtús agus chaith an tréimhse 1932-41 mar oide i gColáiste na Rinne
Ó 1954 go 1970 bheadh sé ina chathaoirleach ar Choiste Bainisteoireachta Choláiste na Rinne agus bheadh baint aige le meánscoil na Rinne a athbhunú
: geárr-stair, [1987]) go raibh sé ar fhoireann teagaisc samhraidh Choláiste na Rinne ó 1924 go 1933, agus ina scairshealbhóir ó 1916 i leith.
Deir Micheál freisin go raibh sé ar fhoireann Choláiste na Rinne ar Bhóthar na Sop. Bhí sé sa tríú háit ag Oireachtas 1907 sa chomórtas ‘Taispeántas don mhodh múinteoireachta is fearr a oireann don Ghaeilge’
Ag obair ar Ché Heilbhic agus ar na bóithre a bhíodh sé roimh dhul isteach dó go Coláiste na Rinne mar a bhfuair sé post mar sheanchaí agus mar fhear oibre
Spreag sin é le seanamhrán a scríobh síos óna athair agus ba ghairid gur thosaigh sé ar bhlúirí seanchais a chur chuig An Lóchrann, an Cork Examiner agus an Echo. D’éirigh leis teastas múinteora Gaeilge a fháil i gColáiste na Rinne in 1925
Scríobh sé leabhar ar an gcuntasaíocht i 1925. Ó 1914 go 1917 bhí baint aige leis na cúrsaí samhraidh i gCathair Dónall agus i 1921 le cúrsa Chraobh na Trá Móire de Choláiste na Rinne. Toisc gurbh ón Ollscoil Ríoga a bhí an Máithreánach aige bhí cead aige dul faoi scrúduithe céime gan freastal a bheith déanta aige ar léachtaí
Toghadh é ar chéad choiste bainistíochta Choláiste na Rinne i 1909
D’éirigh leis teastas múinteora a fháil i gColáiste na Rinne agus thug Séamus Ó Dubhghaill (c.1885-1971) post dó in Inis Córthaidh
Toghadh ina bhall de choiste stiúrtha Choláiste na Rinne é i 1915 agus chabhraigh sé le Séamus Ó hEocha chun Comharchumann na Rinne a bhunú. Ceapadh ina mhúinteoir i Scoil na Leanbh sa Rinn é nuair a bunaíodh í i 1919
Litir, mar shampla, ar 22 Meán Fómhair 1906 i dtaobh Choláiste na Rinne agus an gá a bhí le bunscoil ann agus sraith litreacha um Shamhain 1910 i dtaobh cheist Ollscoil na hÉireann
Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Saibhreas Mháire Mhór, 1927, aistriúchán ar The riches of Mrs Mullooney, le W.J.Carey; Cleasa ar chartaí [g.d.]; Eachtraí Pháidín Turraoin, 1928. Bhí baint aige le Coláiste na Rinne ar feadh i bhfad