Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 29
Phós siad ar 14 Meitheamh 1876 agus bhí ochtar clainne acu. In 1874/5 bhí sé ag teagasc ábhar tráchtála i gColáiste na Carraige Duibhe; chaith sé ráithe ag obair i gColáiste Eoin, Cill Chainnigh, agus tréimhse in 1876/7 ag múineadh i gColáiste Choill Chluana Gabhann ··· D’imríodh sé rugbaí i gColáiste na Carraige Duibhe agus chuir tús le foireann ina acadamh agus d’imríodh sé féin leo
Is i gColáiste na Carraige Duibhe a bhí sé ina ollamh le matamaitic ··· I measc a dhaltaí i gColáiste na Carraige Duibhe bhí Éamonn de Valera agus Tomás Ó Rathile[B2]. D’éag Kathleen Haugh, baintreach, 17 Samhain 1938
Faoi 1912 bhí sé i gColáiste na Carraige Duibhe: ‘He continued to work hard for the Board of Intermediate Education examination which he sat in 1914 at the age of eighteen ··· In the Senior Grade he won a first class exhibition (Irish and Latin) and an entrance scholarship (Classics, 1st Class) to University College, Dublin’ (eolas a fuair Sheeran ó Choláiste na Carraige Duibhe)
Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Carraige Duibhe ó 1922 go 1923 agus d’éirigh as a chúrsa sagartachta i 1924 ··· I 1932 d’fhoilsigh an Gúm An Cliathán Clé, úrscéal atá bunaithe ar a thaithí ar choláistí Charraig an Tobair agus na Carraige Duibhe
I ndiaidh tamaill i scoileanna príobháideacha, ‘St Brigid’s’ i mBré agus ‘Willow Park’, cuireadh meánoideachas air i gColáiste na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath. An Ghaeilge an teanga a chleachtadh a mhuintir cois teallaigh ach tháinig sé go mór faoi thionchar mhuintir Chúil Aodha i gCorcaigh go luath ina shaol agus é ar saoire ann lena athair ··· Chodail sé féin agus compánach leis ar bhinsí i mBóthar na Trá agus ar a cúig ar maidin shiúil siad go dtí an Cnoc go bhfuair lóistín cúpla oíche ann. Imreoir maith rugbaí ab ea é agus chaith sé tamall agus é ina fhear óg ag imirt i roinn ‘A’ d’fhoireann Choláiste na Carraige Duibhe mar húcálaí
Cuireadh go Coláiste na Carraige Duibhe é nuair a d’aistrigh an teaghlach go dtí 4 Ardán Abhóca sa Charraig Dhubh
Tar éis cead ár gcinn a bheith againn ó rugadh sinn go dtí an t-am sin, gan caidreamh nó cuimilt le buachaillí eile, gan dualgas le comhlíonadh, gan ceart ag aon strainséir bagairt orainn ná cúraimí a chur orainn, gan buaireamh faoi cheachtanna a ullmhú nó iad bheith ceart, níl samhailt le tabhairt do ghéire an anró ach comórtas foréigneach éigin cosúil le caitheamh duine sa tine nó a thumadh in uisce oighreata.’ I 1927 thosaigh an triúr ag freastal ar Choláiste na Carraige Duibhe agus sa bhliain sin thug siad a gcéad chuairt ar Chloich Chionnaola: ‘Chonaiceamar deireadh an tsaoil ar tógadh Séamus Ó Grianna[B2] leis ina bhuachaill agus a bhfuil trácht aige air ina scéalta.’ Céimí é de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Nuair a d’aistrigh an teaghlach go Dún Laoghaire bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa bhaile sin agus ansin i gColáiste na Carraige Duibhe
I gColáiste na Carraige Duibhe a cuireadh meánoideachas air agus in 1955 d’éirigh leis bunchéim le céad onóracha san eolaíocht a bhaint amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
B’í an Ghaeilge gnáth-theanga an tí sin agus ann a d’fhoghlaim Peadar í. I ndiaidh freastail ar an scoil náisiúnta ann chaith sé bliain sanArd-Scoil i nGlas Naíon agus dhá bhliain i gColáiste na Carraige Duibhe
Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Carraige Duibhe 1905-07. In éineacht le Torna, Seán Ó Cuív agus Sceilg, bhunaigh sé Craobh an Chéitinnigh i 1901
Múinteoir matamaitice a bhí ann i dtús a shaoil - bhí sé ag múineadh an ábhair sin d’Éamonn de Valera i gColáiste na Carraige Duibhe
Is cosúil gur le Gaeilge a tógadh Seán. Chaith sé tamaill i gColáiste Iarlatha agus i gColáiste na Carraige Duibhe roimh dhul go Maigh Nuad in 1881
Sheol an tOllamh Alan Titley an suíomh www.gogan.ie i gColáiste na Carraige Duibhe ar 26 Deireadh Fómhair 2012. Bhí sé ag gabháil don fhilíocht ar feadh beagnach 70 bliain agus foilsíodh naoi gcnuasach leis idir 1919 agus 1966: Nuadhánta (1919); Dánta agus duanóga (1929); Dánta an lae inniu (1936); Dánta eile (1946); Dánta agus duanta (1952); Duanaire a sé (1966)
Ó 1917 go 1922 bhí sé i gColáiste na Carraige Duibhe
Nuair a dúnadh an scoil shóisearach (Juniorate) ansin, i samhradh 1898, cuireadh ar aghaidh go dtí Coláiste na Carraige Duibhe é
Liostaíodh Seán ar lucht caointe an Chíosógaigh nuair a fuair sé bás ar 28 Samhain 1906. Bhí Seán ar scoil i St Mary’s, Ráth Maonais, i gColáiste na Carraige Duibhe agus i gColáiste Thír an Iúir
Tá cuntas ar mhuintir Rathile agus a gcúlra ag Anthony Gaughan in Alfred O’Rahilly I: Academic (1986). I ndiaidh bunscolaíochta agus tamaill i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, chaith Tomás tréimhse i gColáiste na Carraige Duibhe
Bhí bailiúchán breá lámhscríbhinní aigesean agus is ar an gcuma sin a chuaigh Séamus i dtaithí na teanga liteartha go luath ina shaol. I ndiaidh meánoideachais i gColáiste na Carraige Duibhe fuair sé post cuntasóra in Oifig an Chogaidh i Londain
Craig, ag a dheartháireacha sa chathair sin ar ball. Shíl sé gairm chrábhaidh a bheith aige agus chaith sé an bhliain 1884 i gColáiste na Carraige Duibhe sula ndeachaigh sé go dtí Seminaire de Chevill sa Fhrainc
Tar éis bunscolaíochta chuaigh sé isteach i gColáiste na Carraige Duibhe; bhí sé ann ag an am céanna le de Valera, lena chol seisir Pádraic Ó Conaire[B2], agus le John Francis D’Alton a bheadh ina chairdinéal
Ní raibh siad ann ach oiread nuair a rinneadh Daonáireamh 1901: bhí Máire ar aíocht i gClochar Lughaidh, Muineachán, ag an am agus Micheál i gColáiste na Carraige Duibhe
As sin chuaigh sé ar dtús go Coláiste Charraig an Tobair agus ansin goColáiste na Carraige Duibhe
Chaith sé an tréimhse fhada 1934-49 i Coláiste na Carraige Duibhe, tamaill ina ollamh, tamall ina Dhéan Staidéir, agus tamall ina Leasuachtarán
Bhí sé ar scoil ag a mháthair ar an Droim agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Carraige Duibhe, mar ar músclaíodh a spéis i lúthchleasa, i liathróid láimhe agus sa pheil. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe mar a raibh gaolta leis agus chláraigh mar bhall de Chumann Lúthchleasa Nua-Eabhrac
Fuair sé an sútán ar 8 Meán Fómhair agus bhí ag múineadh (‘Prefecting’) i gColáiste na Carraige Duibhe 1928-31
Fuair sé scoláireacht sa mhatamaitic agus is chun céim a bhaint amach san Ollscoil Ríoga a chuaigh sé go Coláiste na Carraige Duibhe
Cuimhnítear freisin ar Loisceadh na Teamhrach, ar mheascán de cheoldráma agus de ‘dhamhas-dráma’ é, ag Oireachtas 1943. Thug an tOireachtas coimisiún dó chun ceoldrámaí a scríobh: Nocturne sa Chearnóig (25 Deireadh Fómhair 1944 sa Ghaiety), agus Trá na Taoide (21 Deireadh Fómhair 1945 i gColáiste na Carraige Duibhe
Ó 1907 go 1926 bhí post mar mhúinteoir teangacha aige i gColáiste na Carraige Duibhe