Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Fuair sé bás, de réir cosúlachta, go luath ina dhiaidhsean. Bhí Pádraic ar scoil Chlochar na Toirbhirte ar dtús agus ansin ag na Bráithre Phádraig
Ach thuigfeá ón litir nach raibh puinn Gaeilge ag an gCeallachánach le linn do Thomás bheith ar scoil aige, gur ina dhiaidhsean a d’fhoghlaim sé an teanga. Chaith Tomás tamall gairid i Scoil na mBráithre Paitríseacha i nGaillimh agus i samhradh 1887 d’fhág sé Inis Meáin le dul go dtí na Stáit Aontaithe
Bhí sé i gColáiste Bhráithre Phádraig ansiúd sula ndeachaigh sé go Coláiste na nGael i bPáras in 1897. D’éirigh leis chomh maith sin gur tairgeadh dó deis chun leanúint air ag staidéar in Ollscoil Chaitliceach Pháras ach b’fhearr leis dul ag obair sna misin
Chaith sé tamall ansin ag obair do ghrósaeir i gcathair na Gaillimhe go dtí gur thosaigh sé ag freastal ar Choláiste Sheosaimh, meánscoil a bhí ag na Bráithre Phádraig in Oileán Altanach i gcathair na Gaillimhe
Fuair sé scolaíocht i gColáiste Naomh Máire i nGaillimh ar feadh bliana agus ansin ó Bhráithre Phádraig sa chathair. Thosaigh sé ag aisteoireacht ar scoil agus é i ról Shean-Mhaitias in Íosagán
Bhí sé mar ollamh Gaeilge i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh ar feadh dhá bhliain
I 1900 chaith Micheál bliain i gColáiste Iognáid mar dhalta lae, ansin bliain eile mar mhac léinn cónaithe i gColáiste na bProinsiasach sa Chreagán, agus bliain eile fós i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh
I mbunrang mheánscoil na mBráithre, Coláiste Sheosaimh, bhí sé sách óg go fóill chun cur isteach ar oláireachtaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Chabhraigh a dheartháir Peadar leis san obair freisin; gabhann Ciarán Ó Coigligh buíochas leis an mbeirt acu faoi fhoinn roinnt d’amhráin Raiftearaí a thabhairt dó. Tar éis bunoideachais i Scoil Náisiúnta Bhaile Chláir na Gaillimhe agus i Meánscoil Naomh Seosamh, Gaillimh, cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1936
Nuair a rinneadh cónascadh idir an scoil sin agus Scoil Cholmcille ar an Tulach, d’aistrigh sé go dtí an mheánhúinteoireacht: mhúin sé i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh agus ansin bhog go dtí Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal
Cuireadh oideachas air i gColáiste Sheosaimh sa chathair