Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ghnóthaigh sé céim BA sa Léann Ceilteach in 1957 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus céim mháistir ann in 1958, chomh maith le scoláireacht taistil go hOllscoil München, sa Ghearmáin, mar a rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht agus ar an teangeolaíocht faoin scoláire cáiliúil Julius Pokorny [q.v.]. Ó fhómhar 1958 go 1962 is mar léachtóir sóisearach i gColáiste Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, a bhí a chéad phost seasta aige