Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Chuaigh sé isteach i gColáiste Naomh Eoin, Port Láirge in 1878 ··· Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin agus é fós ina mhac léinn ··· I Leabharlann an Ruiséalaigh, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad tá cóip de Irish-English Dictionary Uí Raghallaigh agus laistigh den chlúdach tá lipéad ar a bhfuil an téacs thíos clóbhuailte: ‘Beidh an Ghaedhilge faoi mheas fós i n-Éirinn i n’inis na righ/ This volume was presented to Mr Michael Hickey by members of the Irish Class, taught by him in St John’s College, Waterford, during the scholastic year 1881-´82’.’ In Irisleabhar na Gaedhilge 4 Feabhra 1883 tá véarsaí dá dhéantús (‘Fáilte d’Irisleabhar na Gaedhilge go Port Láirge’) faoin ainm cleite ‘Seamróg’. Chaith sé an tréimhse idir 1884 agus 1893 i misean na hAlban, ach bhí comhfhreagras rialta aige leis an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh [q.v.] agus le daoine eile i ngluaiseacht na Gaeilge le linn dó a bheith ann
Fuair sé bunoideachas i Scoil Náisiúnta an Chnoic Bhuí sular fhreastail sé ar Scoil Ollscoile Phort Láirge agus ar Choláiste Naomh Eoin ··· Bunaíodh craobh de Aontacht na Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin agus is ansin a thosaigh sé á foghlaim ··· Bhí ‘Irish MSS in Library of St John’s College, Waterford’ aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1904-Feabhra 1905. Bhí sé ina eagarthóir ar Journal of Waterford and South East of Ireland Archaeological Society ó 1896 go 1915 agus san iris sin a foilsíodh a mhórshaothar Place-names of the Decies ar dtús
Bhí Gaeilge aige ón gcliabhán. Chaith sé tamall i gColáiste Naomh Eoin i bPort Láirge roimh dhul go Maigh Nuad (1886–1892)
Ó 1887 go dtí 1889 bhí sé ag freastal ar mheánscoil Chnoc Mhellerí agus ar Choláiste Naomh Eoin i bPort Láirge as sin go dtí 1891. In aiste in Feasta, Márta 1964 tá an sliocht seo as litir a chuir sé chuig Muiris Ó Droighneáin: “I Meán Fómhair 1891 chuaigh mé go Maigh Nuad mar ar chaith mé cúig bliana nach mór
Tar éis bliana i gColáiste Naomh Eoin i gcathair Phort Láirge, chuaigh sé isteach i Maigh Nuad in 1890 agus oirníodh ann é in 1895