Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Is cosúil gur Gaeilge a labhraíodh sé i gcónaí lena athair. Bhí a aigne socair aige ar bheith ina Bhráthair Críostaí agus glacadh leis i gColáiste Iósaif, Baile Dúill, i 1925 agus is ann a chríochnaigh sé a chúrsa meánscolaíochta roimh dhul dó go Coláiste Mhuire, Marino, mar ar chaith sé dhá bhliain mar ábhar múinteora ··· Bhí sé ag múineadh ar feadh bliana i mBaile Dúill agus ó 1938 go 1944 ar fhoireann an Choláiste Oiliúna i Marino ··· Fiafraíonn Ó Catháin cá bhfuair Ó hAnluain an t-eolas go léir a bhí aige ar an nGaeilge agus tugann d’fhreagra gur ó na Bráithre ar scoil a fuair sé é agus i gColáiste Mhuire, Marino, óna bheith ar saoire sa Ghaeltacht i seacht gcinn de chontaetha agus ó sheanchainteoirí i Lú agus i dTír Eoghain; bhí spéis ar leith aige i nGaeilge an Chabháin agus Mhuineacháin. I 1960 toghadh é ina Ard-Rúnaí ar na Bráithre
Tar éis tamaill eile sa Mhainistir Thuaidh ceapadh é i Lúnasa 1936 ina ollamh i gColáiste Oiliúna na mBráithre i Marino chun eolaíocht agus ábhair eolaíochta a mhúineadh
Chuaigh sé isteach sna Bráithre agus fuair oiliúint mar bhunmhúinteoir ina gcoláiste oiliúna in Marino; níor thug sé a phroifisiún mar bhráthair riamh ach chaith tréimhse ag múineadh i scoil na mBráithre i Sráid Uí Sheasnáin, Luimneach
Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Muire, Marino, agus thosaigh ag obair i gCnoc Síon, Port Láirge
Chuaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí i gColáiste Iósaif, Baile Dúill, Baile Átha Cliath, i 1917 agus glacadh leis mar nóibhíseach i gColáiste Naomh Muire, Marino i 1918