Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 7
Thosaigh sí ag múineadh i gColáiste Mobhí tamall i ndiaidh 1942 ··· Cuireadh deireadh le Coláiste Mobhí mar choláiste ullmhúcháin i 1968; mhair sé níos faide ná na coláistí eile agus ó shin amach ba choláiste sóisearach é de chuid Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann ··· Ceapadh Gleadas ina Leas-Phríomhoide ar an gcoláiste agus bhí sí fós ina Príomhoide ar Choláiste Mobhí
I dtuairisc a bháis in Church of Ireland Gazette 14 Márta 1947 deirtear gurbh é Art Ó Gríofa a d’fhéach chuige gur ceapadh é ina bhall de Bhiúró na Teorann díreach i ndiaidh an tsosa cogaidh i 1921 ach gur ghairid gur fhill sé ar an státseirbhís. Nuair a bunaíodh Coláiste Mobhí, coláiste ullmhúcháin i nGlas Naíon, i 1926 ceapadh Seoirse i gceannas air ··· San aiste úd in Cork Holly Bough tá cur síos ceanúil ag Máire Ní Ghuithín (an Bloscaodach a scríobh Bean an Oileáin, 1986) ar Sheoirse agus Máire; bhí aithne mhaith aici orthu le linn di a bheith ag obair i gColáiste Mobhí
Ceapadh í an bhliain sin mar chúntóir ag George Ruth [B5] i gColáiste Moibhí, coláiste ullmhúcháin Protastúnach d’ábhair múinteoirí
Bhí an t-ádh air sa deireadh post sealadach mar fhear foirnéise a fháil i gColáiste Mobhí, coláiste ullmhúcháin d’ábhair múinteoirí Protastúnacha
Chaith sí tamall ag obair i gColáiste Mobhí, coláiste ullmhúcháin Eaglais na hÉireann d’ábhar múinteoirí i nGlas Naíon; d’fhostaíodh George Annesley Ruth[B5], an príomhoide, agus a bhean May Leeson-Marshall, cailíní ón nGaeltacht
Deir Ó Glaisne go raibh a tuismitheoirí báúil a bheag nó a mhór le teachtaireacht Chonradh na Gaeilge; a hathair a chuidigh leis an rún 22 Eanáir 1914 (Ó Glaisne, Coláiste Mobhí, 2002) go mbunófaí Cumann Gaelach na hEaglaise
Chuaigh sé as sin go Coláiste Mobhí, coláiste oiliúna do mhúinteoirí, agus chaith an chuid eile dá shaol ag múineadh staire ann. Bhí baint aige le cumainn Ghaelacha a linne, leis an gCumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide, leis na Cairde Gaelacha, an Caidreamh Gaelach