Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 18
Chuaigh sé as sin go Coláiste Mhuire mar a raibh an Bráthair Micheál R ··· Agus, nuair a cuireadh in airde staighre mé chun áit a fhágáil sa chliabhán don chéad leanbh eile a bhí ag mo mhuintir, ní raibh mise sásta dul in airde staighre mura dtiocfadh m’athair aníos leis ag seimn na bpíob dom’. In Treoir Iml 23, 1991 tá cuntas ag Dr Kevin McCann, a chomhscoláire i gColáiste Mhuire agus ar mac é le Mairéad Ní Oisín [q.v.], ar an gcaidreamh a bhí aige le Séamus agus ar na cuairteanna a thugadh sé ar an teach i bhFionnghlas ··· Deir an dochtúir freisin: ‘Séamus took up the fiddle in the late 40’s and by 1953 was an accomplished fiddler’. D’fhág sé Coláiste Mhuire in 1936 agus rinne cúrsa i gcoláiste tráchtála
Chaith sé tamall i gCorca Dhuibhne faoi scéim Choiste na bPáistí, thug cuairt ar an mBlascaod Mór, áit ar réitigh Peig Sayers cáca gridille agus tae dó. Tar éis na bunscoile, i bhfómhar na bliana 1936, thug Seán Óg Ó Ceallacháin aghaidh ar Choláiste Mhuire i gCearnóg Parnell ··· Liostáil sé sa bhFórsa Cosanta Áitiúil (LDF) ina dhiaidh sin. Le linn dó a bheith i gColáiste Mhuire a tugadh faoi deara i gceart cumas Sheáin Óig mar iománaí agus mar pheileadóir
Fuair sé a chuid scolaíochta sa Chlochar i nGlas Naíon, i Scoil Naomh Uinseann, Glas Naíon agus ar Choláiste Mhuire, scoil lán-Ghaeilge i gCearnóg Parnell ··· Chaith sé bliain ag teagasc i gColáiste Mhuire agus dhá bhliain ina dhiaidh sin ag na Bráithre Críostaí i nDún Dealgan
Bridget Cotter, deirfiúr le Sinéad de Valera, ar dhuine dá chuid múinteoirí. Rinne sé freastal ar Choláiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath, ó 1941 go 1947, áit a ndearna sé gaisce i gceann an léinn agus na gcluichí Gaelacha
Tá cuntas ar an gclann sa tuairisc ar phósadh na hiníne eile, Bríd, in Inniu 28 Deireadh Fómhair 1962 faoin teideal ‘Pósadh idir dhá theaghlach thírghrácha’. Bhí Colmán i Scoil Phádraig i nDroim Conrach sula ndeachaigh sé go Coláiste Mhuire
Chabhraigh sé chun na scoileanna Gaelacha i mBaile Átha Cliath a bhunú agus bhí páirt aige i mbunú Choláiste Mhuire
Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhuire chuaigh sé go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí an tseandálaíocht agus luathstair na hÉireann mar ábhair aige
Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge agus i gColáiste Mhuire, mar a raibh sé ina mhonatóir (‘pupil/teacher’ in Who’s Who…)
Bhí sé ag obair anseo is ansiúd ar fud na hÉireann: i gCeanannas Mór, i mBóthar na Trá i nGaillimh, i gCaisleán Dhroimeanaigh, Fionnradharc, Scoil Uí Chonaill agus Coláiste Mhuire (Cearnóg Pharnell) i mBaile Átha Cliath, i nDún Dealgan agus san Iúr
Bhí sé ar scoil i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell
Tar éis bunscolaíochta i Scoil Fhionáin Naofa i Spuncán cuireadh faoi chúram a aint Bríd i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ar scoil i gColáiste Mhuire; is ann a dhíol an múinteoir Tomás Ó Floinn [q.v.] cóip den chéad uimhir de Comhar leis i mBealtaine 1942
I Scoil Mhuire, Marino, a fuair sé bunscolaíocht agus chuaigh as sin go Coláiste Mhuire, Cearnóg Parnell
Chaith sé bliain ag múineadh i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell
Nuair a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath is go Coláiste Mhuire (Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath) a cuireadh é
Ar Choláiste Mhuire Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath, a bhí sé ar scoil ar dtús ach ba dheacair dó córas smachta na mBráithre Críostaí a fhulaingt
Tá an Pádraig sin sa liosta de dhaoine a thug síntiús do Irisleabhar na Gaedhilge in 1882. Ba í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh agus is i Scoil Cholm Cille, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, a bhí sé ar dtús agus ansin i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath
Fuair sé bunscolaíocht i gClochar an Chreidimh Naofa, Sráid Dominic, Baile Átha Cliath, agus ansin trí mheán na Gaeilge i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath
Cuireadh bunscolaíocht ar Mhicheál sa Mhodhscoil Láir agus meánscolaíocht i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell