Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 34
Tuairiscíodh (idem 29 Meitheamh 1907) go bhfuair sí teistiméireacht tar éis bliain a chaitheamh san ardrang i gColáiste Laighean ··· Deirtear in An Claidheamh Soluis 17 Lúnasa 1907 go raibh a deirfiúr Bríd i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh duais sa chomórtas céanna—luaitear Bríd freisin mar oibritheoir díograiseach i gColáiste Laighean (idem 18 Deireadh Fómhair 1913) ··· one of the most successful teachers in the League’. Líon Éamonn Ó Tuathail [B2] a háit i gColáiste Laighean i nDeireadh Fómhair 1910 ··· Bhí sí ar dhuine de na scrúdaitheoirí ag Feis Bhaile Átha Cliath an bhlian dár gcionn (idem 25 Márta 1911) agus fógraíodh 8 Iúil go mbeadh sí ar dhuine de na múinteoirí sa chúrsa a thabharfadh Coláiste Laighean do mhná rialta Ord Loreto
Thosaigh sé an bhliain sin ag obair i Scoil Éanna agus i gColáiste Laighean ··· Ceapadh é ina Phríomhoide i gColáiste Laighean an bhliain chéanna sin, post a choimeád sé gur ceapadh é ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1929 i gcomharbacht ar Thomás Ó Rathile ··· Má tugadh an rothar dó i 1901 is inspéise gur deachtafón a thug a chomhghleacaithe i gColáiste Laighean dó i 1929
Bhí sé ina iontaobhaí ag Coláiste Laighean agus ina uachtarán ar Chuallacht Mhuire agus Lorcáin Uí Thuathail in eaglais Shráid Gardner, Baile Átha Cliath ··· Bhí sí ar fhoireann Choláiste Laighean ó 1929 go 1952
Scríobh sé ceann de phaimfléid an Chonartha, The Spirit of the Gaelic League (1905). Ba é Donnchadh Ó Liatháin a mhol go mbeadh Seachtain na Gaeilge ar siúl ach ba é an Muanánach faoi deara an moladh a chur i gcrích go praicticiúil. Ceapadh é ina rúnaí ar Choláiste Laighean nuair a bunaíodh é agus lean sé air sa phost go dtí 1913 nuair a toghadh é ina chathaoirleach agus ina bhainisteoir oinigh. Phós sé Máire Eibhlín Ní Charthaigh ar 17 Lúnasa 1901 ··· Is é cuid Sheoirse den leabhar sin na léachtaí a thugadh sé ar luathstair na hÉireann i gColáiste Laighean agus ba é a bhí freagrach as ar scríobhadh i dtaobh na litríochta
D’fhill sé abhaile um Meitheamh agus bhí baint aige le Coláiste Laighean ón uair a osclaíodh é 15 Deireadh Fómhair 1906 ··· Bhí post aige i gColáiste Laighean i mBaile Átha Cliath i rith na tréimhse sin
Dúradh sa mhír nuachta chéanna go raibh sé ina oide cónaithe i Scoil Éanna agus gurbh é a bheadh i gceannas na mbunranganna agus na meánranganna i gColáiste Laighean gach Satharn ··· Lean sé air ag teagasc i gColáiste Laighean go 1913 (idem 18 Deireadh Fómhair 1913) agus léigh sé páipéar do Chúirt Chumann na hÉigse ag Oireachtas 1914 (idem 8 Lúnasa 1914) ach is beag má tá aon tagairt dó sna hirisí ina dhiaidh sin
Tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir náisiúnta fuair sé teastas ó Choláiste Laighean i 1911 ··· Bhí baint mhór aige le Coláiste Laighean: d’eagraigh sé ranganna i seacht gcinn de chlochair iata; bhunaigh sé craobhacha den Choláiste i nDroichead Átha, san Uaimh, i gCeanannas, sa Mhuileann gCearr, sa Tulach Mhór agus i bPort Laoise
Bhí teastas múinteora faighte aige i gColáiste Laighean (An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1913) ··· Ó 1913 go 1919 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chloich Chionnfhaolaidh agus ina ollamh i gColáiste Laighean ar feadh 1913-21
Tamall ag múineadh i gColáiste Laighean, ina ollamh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
D’fhreastail sé ar chúrsa faoi stiúir Alf Sommerfelt[B4] i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge agus bhain bonn óir de bharr cúrsa a rinne sé i gColáiste Laighean
I gColáiste Laighean bhí Séamus Ó Searcaigh[B3] ar dhuine dá múinteoirí. Ó 1927 bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge agus chaith tréimhse ina rúnaí ar Chraobh Phádraig Mhic Phiarais i nDumhach Thrá
I gColáiste Laigheanchuir sé lena eolas ar an nGaeilge agus d’éirigh leis i scrúduithe mháithreánach Ollscoil na hÉireann
Bhíodh sé ag teagasc freisin i gColáiste Laighean, i gColáiste Chloch Cheann Fhaolaidh agus i gColáiste Theilinn
Chaith sé seal ag múineadh i gColáiste Laighean i mBaile Átha Cliath
Fuair sé teistiméireacht ó Choláiste Laighean (An Claidheamh Soluis 29 Meitheamh 1907). Scríobh sé an dráma Ar son baile agus tíre do Chraobh an Chliabhraigh
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1909 go raibh an gradam ab airde bainte amach aige i gColáiste Laighean
Mhúineadh sí an teanga i gColáiste Laighean agus i gColáiste Chonnacht. D’éag sí ar 21 Iúil 1936 ina teach 18 Bóthar Lea, Dumhach Thrá, Baile Átha Cliath
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 29 Meitheamh 1907 go raibh sí san ardrang i gColáiste Laighean
In An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1909 tuairiscíodh gur éirigh léi i scrúduithe idirmheánacha Choláiste Laighean agus ar 27 Nollaig 1912 go bhfuair sí teastas múinteora Gaeilge
Deir Coogan gur sa bhliain sin a d’iarr de Valera a chomhairle i dtaobh cá háit a d’fhoghlaimeodh sé Gaeilge agus gur mhol sé dó dul go Coláiste Laighean, mar ar casadh a bhean Sinéad[q.v.] air. Tuairim an ama seo a thosaigh a thréimhse cheannaireachta i gConradh na Gaeilge
Instructed by Searlot Ní Dúnlaing who holds the diploma of the Leinster Training College
Cuireadh i gceannas an ardranga é i gColáiste Laighean (Sinn Féin 26 Eanáir 1907)
Bhí sé ina Ard-Ollamh i gColáiste Laighean ó 1906 go 1910 agus chaitheadh sé gach samhradh ó 1905 amach ina Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal
Chaith Micheál tréimhse i gColáiste Laighean mar a raibh Séamus Ó Searcaigh agus scoláirí aitheanta eile á mhúineadh
Shíl Ó Dálaigh gurbh é an mac léinn ab fhearr i gColáiste Laighean é sna blianta tosaigh agus ligeadh sé dó dul i gceannas ranga nuair a tharlaíodh dó féin bheith as láthair
Chuir sé coláiste Gaeilge ar bun i Sligeach agus chaith trí bliana ina uachtarán air.I 1913 ceapadh é ina Ard-Ollamh i gColáiste Laighean i mBaile Átha Cliath
Ach is dóigh gurbh é a mórshaothar an bhaint ghníomhach a bhí aici le bunú agus reáchtáil na gcoláistí samhraidh i gCloich Chionnaola agus i dTuar Mhic Éadaigh agus le Coláiste Laighean
D’úsáidfí ar ball é mar théacsleabhar i gColáiste Laighean
Bhí sé ina ollamh i gColáiste Laighean ar feadh roinnt bliain
Fuair sé teastas múinteora i gColáiste Laighean samhradh 1910 agus é ina dhalta i Scoil Éanna go fóill
Bhí sé ina scrúdaitheoir ag Coláiste Laighean (osclaíodh 15 Deireadh Fómhair 1906). I gcomhpháirt le Tomás Ó hAodha [B2] chuir sé an chéad léarscáil Ghaeilge d’Éirinn ar fáil do na scoileanna. Bhí sé ag glaoch ar shagart paróiste Dhomhnach Broc oíche 20 Feabhra 1914 in éineacht le múinteoir eile, agus thit sé isteach i bpoll a bhí tochailte le haghaidh draenála i dtimpeallacht an tséipéil
Chaith sé dhá bhliain ag teagasc Gaeilge agus staire i Scoil na mBráithre ar an mbaile sin agus théadh sé gach Satharn chuig léachtaí sa chraobh de Choláiste Laighean a osclaíodh ann ar 17 Samhain 1912 agus a raibh Éamonn Ó Tuathail [B2] i gceannas uirthi
De réir An Claidheamh Soluis 10 Samhain 1906 bhí rang idirmheánach tosaithe aige i gColáiste Laighean
and Miss Kathleen McGowan, a Wicklow lady, writes with a remarkable grasp of Connacht idiom as readers of the Freeman have lately been able to see for themselves’. Bhí sí ag múineadh nó ag timireacht anseo is ansiúd go ceann ocht mbliana: i gCois Fharraige, i gColáiste Chonnacht (An Spidéal), i gCloich Chionnaola, i gCill Scíre i dTír Eoghain, i gColáiste Laighean, i gColáiste Alexandra, agus i gContae Mhaigh Eo