Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 14
D’aistrigh siad go dtí Bóthar Larkhill i Whitehall agus fuair Labhrás bunscolaíocht i Scoil Naomh Seosamh, Sráid Dorset, sula ndeachaigh sé go Coláiste Éinde i nGaillimh 1928 ··· Tharla ag ceann de na chéad léiriúcháin de Diarmuid agus Grainne é: ‘Is cuimhin liom an oíche a chuamar, buachaillí Choláiste Éinde, ar bhus isteach go dtí an Taibhdhearc
Bhí sé ag múineadh i Scoil na mBráithre, Cé Uí Shúilleabháin, Corcaigh, ó Lúnasa go Nollaig 1933 sula bhfuair sé post i gColáiste Éinde i nGaillimh, áit ar chaith sé beagnach 28 mbliana ··· Bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste, sa samhradh. An stair an t-ábhar a mhúineadh sé i gColáiste Éinde
I ndiaidh bunoideachais i scoil an Toir, bhí sé i gColáiste Éinde i nGaillimh ··· Bhí sé ag múineadh i gColáiste Éinde 1949-1954 agus ansin i scoileanna na mBráithre Críostaí i bhFhionnradharc, Baile Átha Cliath, agus sa Mhuileann gCearr
Cuireadh bunoideachas air i gCnoc an Stollaire agus meánscolaíocht i gColáiste Éinde, Gaillimh ··· Sheinneadh a mháthair an consairtín ach deir Ó Laoire gurbh i gColáiste Éinde a d’fhoghlaim sé an veidhlín agus gurbh é go háirithe ba chúis leis an mbláth a tháinig in athuair ar an bhfidléireacht agus ar an gceol ionstraime i gcoitinne in iarthuaisceart Dhún na nGall
Bhí sé ar fhoirne Chonnacht a bhuaigh Corn an Bhóthair Iarainn le linn an ama sin freisin. Peileadóir den scoth ab ea Joe freisin, a bhuaigh Craobh Chonnacht le Coláiste Éinde i nGaillimh, áit a bhfuair sé a chuid meánscolaíochta agus áit a bhfacthas léargas ar a chumas óráidíochta den chéad uair nuair a bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh Comórtas Náisiúnta Díospóireachta Ghael Linn ··· Phós siad agus chuir siad fúthu i gcathair na Gaillimhe ar dtús agus ansin i mBearna, áit ar thóg siad a dtriúr clainne, Eoin, Muireann agus Eilís. Chaith Seosamh na sé bliana ba thúisce dá shaol oibre ag teagasc i gColáiste Éinde, an scoil ar a ndearna sé féin freastal
Bhásaigh iníon eile, Tina, de bharr meiningítis in 1942 agus gan í ach naoi mbliana d’aois. D’fhreastail Peadar Lamb ar Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua agus ina dhiaidh sin chaith sé cúig bliana i gColáiste Éinde i mBóthar na Trá, Gaillimh, sular oileadh mar bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach
I gColáiste Éinde ar an mBóthar Ard i nGaillimh a fuair sé a chuid meánscolaíochta agus chuaigh sé as sin chuig Coláiste Phádraig i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, áit ar oileadh mar bhunmhúinteoir é sa bhliain 1970. Níor réitigh an bhunscoil ná an mheánscoil chónaithe leis beag ná mór agus chreid sé go daingean gurbh amhlaidh a d’ísligh an córas iontu a spiorad, in ionad é a neartú
I ndiaidh oideachais i gColáiste Éinde, Gaillimh, cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
I ndiaidh bunoideachais cuireadh Pádraig go Coláiste Éinde i nGaillimh
Cuireadh meánoideachas air i gColáiste Éinde, coláiste ullmhúcháin i nGaillimh, agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
D’éirigh leis de thoradh scrúdaithe i 1943 áit a fháil i gColáiste Éinde, Gaillimh, ceann de na coláistí ullmhúcháin úd a bunaíodh i 1927 chun oideachas den dara leibhéal a chur ar ábhar múinteoirí (i ngeall ar chúrsaí na héig­eandála 1939-45 is i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a bhí an coláiste sa bhliain sin 1943-44)
Anuas go 1966 bhí sé ag múineadh na Laidine agus an Teagaisc Chríostaí i gColáiste Éinde, Gaillimh, agus bhí tamall ina uachtarán ann
Sa Spidéal a fuair sé a chuid bunscolaíochta agus de thoradh scoláireachta fuair sé meánoideachas i gColáiste Éinde agus i gColáiste Mhuire i nGaillimh, áit ar ghnóthaigh sé bonn airgid na Gaeilge sa Mheánteistiméireacht agus bonn óir na Gaeilge san Ardteistiméireacht
Tar éis meánoideachais i gColáiste Éinde cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1942