Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Fuair sé post i gCeardscoil Dhún Garbhán
Bhí sí an-ghníomhach sa phobal ansiúd, í ar bhord bainistíochta Choláiste na Rinne agus ar bhord Mheánscoil San Nioclás, áit ar chaith sí tamall i mbun teagaisc arís, mar a rinne sí in Ardscoil na nDéise, sa Cheardscoil i nDún Garbhán agus sa scoil ar an gCarraig Liath dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu, obair as ar bhain sí an-sásamh. Bhí sí ina ball de Chomhairle Raidió na Gaeltachta i ndeireadh na seachtóidí agus bhí baint aici freisin le cúrsaí craolacháin ina ceantar féin agus í mar láithreoir ar Raidió Pobail na Rinne in 1978 nuair a chuir RTÉ an tionscnamh sin ar bun i gcearnaí éagsúla den tír. I bhfad sula raibh aon trácht ar ‘chógais mhalartacha,’ bhí an-suim agus an-scil ag Neans i luibheanna, ina gcomhdhéanamh agus sna leigheasanna a bhí iontu agus is iomaí sin clár a rinne sí ina dtaobh ar Raidió na Gaeltachta