Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhíodar geallta in imeacht trí seachtaine, cé nár phósadar go dtí an bhliain 1950 nuair a bhí a chuid cáilíochtaí múinteoireachta bainte amach ag Seán, post faighte aige i gCeardscoil Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe agus cúpla punt curtha i dtoll a chéile. Thógadar teach gar don Bhóthar Ard ar imeall thiar na cathrach agus ba ansiúd a thógadar cúigear clainne, Ruaidhrí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith agus Conall. Thug Máire Stafford (agus Seán lena hais) an chuid eile dá saol agus dá dúthracht ag cur na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn i gCathair na dTreabh