Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Sa dán ‘Óige an Fhile’ tugann sé ‘an buachaill aisteach ciúin’ air féin. I mbunscoil Eoghanachta ba é Seosamh Ó Flannagáin an múinteoir, fear a raibh tionchar aige ar Mháirtín go ceann tamaill fhada; gheofar cuntas air in Ó Thrá Anoir, 1985 lena mhac Dónal [q.v.]
Bhí Seosamh Ó Flannagáin, athair Dhónaill[q.v.] mar mhúinteoir aige i Scoil Eoghanachta
Phósadar in 1960 agus an bhliain dár gcionn bhogadar go hÁrainn, áit ar chaith Nóirín cúpla bliain ag múineadh i mBunscoil Eoghanachta. Ós rud é nach raibh aon mhuirín ar a aintín ná ar a uncail, ba ag Seán a fágadh an fheirm a bhí acusan i Ré na gCiseach agus d’fhill sé féin agus Nóirín as Árainn ar an áit sin in 1963