Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
I mBaile an Bhóthair a tógadh í. "Claughton Villas" an seoladh a bhí aici nuair a toghadh í ina ball den Chonradh na Gaeilge in 1899. Bhí sí ar scoil ag na Doiminicigh i gCnoc Sion sa Charraig Dhubh i dtosach agus ansin in Ardscoil Mhuire, coláiste a bhí ag na Doiminicigh i gCearnóg Muirfean le haghaidh mná a bhí ag staidéar chun céim a fháil ón Ollscoil Ríoga ··· Bhí Máire éirithe as a post in Ardscoil Mhuire faoin am sin. Scríobh Máire roinnt drámaí nuair ba bheag dá leithéidí a bhí foilsithe: Gleann na Sidheog (1902); An Dúthchas, dráma aonghnímh (1908) - roghnaigh an Comhar Drámaíochta an dráma seo dá gcéad léiriú sa Mhainistir ar 12 Samhain 1923; Sidheoga na mBláth, dráma i gcóir leanaí (1909)