Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Bhuaigh sé scoláireacht ollscoile de chuid Bhardas Chorcaí agus tháinig faoi anáil Thaidhg Uí Dhonnchadha (Torna) nuair a rinne sé céim ealaíne i gCorcaigh; b’fhéidir gurbh inspéise gurbh i dteach Thorna ar Bhóthar Ghlaisín a bheadh cónaí air féin ó 1962 amach. Sna cuntais in Southern Star 31 Bealtaine 2003 agus in Bandon Opinion, Meitheamh 2003 tá an bhéim ar fad ar an meánscoil a bhunaigh sé i bpáirtíocht le fear eile i nDroichead na Bandan i 1940; Hamilton High SchoolArdscoil Uí Urmoltaigh (nó ‘Hammie’s’) a tugadh air ó 1950 amach ··· Bhí spéis ar leith aige san iomáint agus sa pheil agus b’údar sásaimh dó a fheabhas a d’éiríodh le foirne Ardscoil Uí Urmoltaigh sna comórtais éagsúla
An bhliain chéanna sin bhí sé ar fhoireann peile Chúige Mumhan freisin. Chaith sé cúig bliana ag múineadh i gColáiste Chnoc Mheilearaí agus ceithre bliana in Ardscoil Uí Urmoltaigh (Hamilton High) i nDroichead na Bandan, Co