Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ba iad scannáin na mbuachaillí bó, scannáin chogaidh agus scannáin ghrinn Laurel and Hardy agus Abbot agus Costello ab ansa leis. Tosaíodh ag reáchtáil damhsaí ansin Tigh Deáirbí agus cé is moite d’achar gairid a chaith sé i Sasana, ba ina bhfeighil siúd agus i bhfeighil an tí ósta a chaith Diarmuid Mac an Adhastair an chéad leath dá shaol oibre, agus é críochnaithe lena chuid scolaíochta i Scoil Náisiúnta an Tuairín, i nGairmscoileanna na Ceathrún Rua agus Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe. Ba faoi smacht na sagart a bhí na hallaí pobail a bhí i gConamara ag an am agus cosc dá réir iontu ar ‘dhamhsaí Gallda’, ar jeighbheáil agus ar válsáil