Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí teagmhálacha aici leis an náisiúnachas ó thús: traidisiún gur mháirseáil a sin-seanathair agus cúigear mac leis go dtí Cath Aontroma leis na reibiliúnaigh in 1798; seanuncail aici, Armour Alcorn, feirmeoir a labhraíodh Gaeilge lena chuid oibrithe; buachaill a bhí ar aimsir ag muintir Mhaolagáin, “a veritable Rory of the Hills.” Ach ar scoil san Ómaigh di agus sa Choláiste Meitidisteach i mBéal Feirste b’fhurasta do na tionchair sin dul ar neamhní