Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 20
Faoi fhómhar 1901 bhí sé ina chisteoir ag Coiste Chonate Chorcaí (idem 5 Deireadh Fómhair 1901) ach luadh mar rúnaí arís é 10 Meitheamh 1902. Déanann Diarmuid Ó Murchadha tagairt dó in Liam de Róiste, 1976: ‘Peadar Laighléis a bhí ina rúnaí ar an gcraobh, fear ciúin díograiseach ...’ agus deir gur lorgaigh sé rúnaí cúnta nuair ba mhian le Craobh ChorcaíFeis na Mumhan a chur ar siúl agus gurbh é a roghnaigh Liam de Róiste [B3] ··· Bhí sé ar dhuine de bhainisteoirí roinn ‘Éire na Gaeilge’ i dTaispeántas Chorcaí (An Claidheamh Soluis 15 Feabhra 1902). Sa chuntas atá ag Pádraig Mac Suibhne (1871-1936) [q.v.] ar Fheis na Mumhan i 1902 tá an abairt seo: ‘The two little children of Peadar Ua Laoidhléis—next to an tAthair Peadar the attraction of the Feis—who lisped Irish all day long, furnish abundant proof of what can be done in the home, if only parents will take heart, and face the problem of making the children Irish’ (idem 20 Meán Fómhair 1902). Bhí sé ina bhall de choiste Fheis na Mumhan i dtosach 1903 (idem 3 Eanáir 1903)
Bhuaigh sí féin agus Pádraig Ó Séaghdha (1864–1955) [B1] an dara duais ar aiste ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 22 Meán Fómhair 1900) ··· Is inspéise b’fhéidir go raibh Máire agus an ‘Muirneach Buadhach (D.O’Leary, Cork) ‘luaite le chéile ag Feis na Mumhan 1900 mar bheirt ar moladh go hard a n-iarrachtaí i gcomórtas aiste ar éifeacht na bPéindlíthe ar an teanga (An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900)
Fuair sé bunoideachas i Scoil Chnoc Easúin mar a raibh Éamonn Ó Donnchadha[B1] ag múineadh. In An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902 scríobh Pádraig Mac Suibhne (1871-1936) [q.v.]: ‘At Feis na Mumhan, however, we had evidence of genuine teaching in one school at least—the Eason’s Hill School in the North Parish ··· At Feis na Mumhan, happily, it is well nigh impossible for anyone not a native speaker “ón gcliabhán” to win a prize, and this young “cainteoir” from Eason’s Hill had for antagonists some of the youthful giants who are to continue into the future the tradition which Humphrey Lynch [Amhlaoibh Ó Loingsigh q.v.] and others in the Baile Bhuirne school are creating today
Kelleher of Milleens, Ballyvourney’ san iomaíocht san óráidíocht ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900)
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 9 Aibreán 1904 gur chuir sé ceist i nDáil na Breataine i dtaobh táillí múinteoirí a bhí ag múineadh na teanga agus, coicís ina dhiaidh sin, gur thug sé duaiseanna le bronnadh ag Feis na Mumhan
Ag Feis na Mumhan bhí sé sa chéad áit sa chomórtas le haghaidh an bhailiúcháin d’amhráin neamhfhoilsithe (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1901)
Bhuaigh sé an chéad duais ar bhunscéal ag Feis na Mumhan i 1901 agus an bhliain dár gcionn bhí sa dara háit sa phéire comórtas i gcomhair aistí
Moladh go hard a iarracht ar amhrán nuadhéanta ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902) agus san iomaíocht an lá sin bhí Riobard Bheldon [B2], Conchubhar Ó Deasumhna [B4], Domhnall Ó Conchubhair (1847-1930) [B3] agus Diarmuid Ó Muimhneacháin [B2].
Bhéadh sé ina chathaoirleach ar ball ar Bhord Bhéarra de Chumann Lúthchleas Gael. Bhí guth maith teanóir aige agus bhuaigh sé an chéad duais ar amhránaíocht ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 24 Meán Fómhair 1910)
An bhliain sin freisin in éineacht le Pádraig Ó Duinnín [B3] agus Cathaoir Ó Braonáin [B1] bhí sé ar dhuine den Chúirt Uachtair i gCúirt na hÉigse ag Feis na Mumhan
Deir Ó Súilleabháin agus Ó Conaill gur chaith Micheál cuid mhaith ama ina oibrí feirme ag Micheál Ó hIarlaithe sa Doire Liath, gur aistrigh sé ag pointe éigin go dtí Baile Uí Ghibealláin in aice Cheann Toirc agus ansin gur chaith sé an chuid eile dá shaol i dteannta Thomáis Uí Chorcora i mBarr an tSeana-Chnoic. Nuair a d’oscail an tAthair Peadar Ó Laoghaire [B2]Feis na Mumhan i 1901, thagair sé do Mhicheál agus do cheann dá amhráin, ‘Íde an Ghandail’: ‘Táid na filí ag tosnú ar labhairt arís, áfach
I rith an ama sin bhí baint aige le bunú Rosc agus le Daonscoil na Mumhan agus le Feis na Mumhan
Ag Feis na Mumhan i 1903 socraíodh ar Choláiste na Mumhan a bhunú chun an gnó sin a ghlacadh ar láimh
Ceapadh é ina rúnaí cúnta sa chraobh nuair a beartaíodh ar Fheis na Mumhan a chur ar siúl Meán Fómhair 1900, feis a d’adhain spéis mhór i gcúrsaí na teanga
Is trí Eithne a tháinig airgead uaidh le haghaidh Fheis na Mumhan uair (An Claidheamh Soluis 21 Iúil 1900 lch 297). Ar 31 Nollaig 1868 in aice le Tamhnach an tSalainn, Co
Bhí baint mhór aige le Feis Chionn tSáile, bhí ina leasuachtarán ar an gCoiste Ceantair agus ina ionadaí acu chuig Feis na Mumhan, ina bhall den Choiste Gnó 1904–6 agus ina ionadaí ag an gcoiste sin ar Choiste ComhairleachCholáiste na Mumhan i 1905
Bhronnadh sé £5 ar Fheis na Mumhan gach bliain mar dhuais sa chomórtas píobaireachta.
Bhí sé ar dhuine de na moltóirí ag céad Fheis na Mumhan in 1900
Nuair a chuaigh dream as Cathair Saidhbhín go Feis na Mumhan i gCorcaigh ba é Tomás a d’íoc na costais
Bhí seanscéalta i gcló in Fáinne an Lae aige in Aibreán 1899. Bhuaigh sé duais ar ghearrscéal ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900)