Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 14
Phós sé Catherine Lough (Cáit de Loch) ó Bhéal Feirste go luath sna 1890idí agus rugadh ceathrar mac dóibh: Sammy nó Somhairle a bhí i Scoil Éanna agus a bhuaigh an chéad duais don amhránaíocht ar an sean-nós ag Feis Laighean i 1902, Cathal óg a bhuaigh bonn óir ag an bhFeis Cheoil, Colm a bhfuil fógra a bhreithe i nGaeilge in An Claidheamh Soluis ar 9 Márta 1901, agus Jack
Bhí sé ina bhall coiste go dtí 1915. Bhí sé ina rúnaí agus ina chisteoir ag Feis Laighean agus ina uachtarán ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath
Bhuaigh sé an dara duais ar amhránaíocht ag Feis Laighean agus thug an t-airgead do Chiste an Oireachtais (An Claidheamh Soluis 17 Feabhra 1900)
I gceann achair an-ghairid bhí sé ar dhuine de na daoine ba ghníomhaí sa Chonradh, é ina bhall de choiste rúnaíochta agus foilseachán Fheis Laighean agus ina theachta ón Ard-Chraobh ag Mór-Chomhdháil na heagraíochta in Aibreán 1901
Is léir go mba dhuine an-ghníomhach é: mhúineadh sé rang i gCraobh Mhaoilre Uí Raghallaigh, bhí ina chomhrúnaí ag Feis Laighean i 1901 agus faoi Dheireadh Fómhair 1902 bhí sé ina rúnaí cúnta ag Coiste CeantairBhaile Átha Cliath; ba bhall é de Choiste na bhFoilseachán agus dhéanadh sé moltóireacht ar an bhfilíocht agus an drámaíocht ag an Oireachtas. Scríobhadh sé aistí i mBéarla agus i nGaeilge agus b’fhéidir gurbh í an ceann ba mhó a tharraing aird na léitheoirí aiste dar teideal ‘’dTeastaíonn foclóir uainn?’ Tharraing sin searbhas Banba, Meitheamh 1903: ‘..
Go dtí lá a bháis bhí sé ag foghlaim Gaeilge’. Bhuaigh sé an chéad duais i gcomórtas an fheadáin mhóir ag Feis Laighean (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1901)
Ag Feis Laighean bhí sé ina mholtóir ar an bpíb uileann, in éineacht le Pádraig Mac an Fhailghe[B3] agus Tomás Rowsome, agus ar an bhfeadóg mhór (idem 23 Feabhra 1901)
Thosaigh siad le ‘Bánchnoic Éireann Ógh’ agus ‘Is trua gan peata an mhaoir agam’, péire amhrán a bheadh le rá ag córacha buachaillí agus cailíní ag Feis Laighean Lá ’le Bríde
Bhí rang aige i gClub na bhFear Oibre i Sráid Gloucester (11 Samhain 1899); toghadh é ina leasuachtarán ar Chraobh Mhichíl Uí Dhuibhir (3 Samhain 1900)—bhíodh an rang sinsearach agus rang na hamhránaíochta á stiúradh aige; bhí rang aige sa chraobh nua a osclaíodh i Siopa Uí Chléirigh i Sráid Uí Chonaill; amhránaí maith ba ea é—bhí sé ar dhuine de na hamhránaithe aitheanta ag mórscoraíocht na hArdchraoibhe in Ostán Gresham (27 Deireadh Fómhair 1900)—agus deireadh amhráin dá dhéantús féin uaireanta; faoi 1904 bhí an t-ardrang ar siúl aige i gCraobh Shliabh Arguis (23 Iúil 1904) agus bhí sé ag múineadh rang i gCraobh an Chraoibhín (17 Deireadh Fómhair 1904). I Scoil na mBráithre i bPlás Mhuire a bhí sé ag obair go fóill in 1902 agus bhí naonúr ón scoil sin ag cur isteach ar chomórtais Fheis Laighean
In éineacht le Breandán Mac Ruaidhrí [q.v.] rinne sí moltóireacht ar chomórtas córacha na bpáistí ag Feis Laighean i 1901 (idem 30 Márta 1901)
Bhí sé ina bhall de Choiste Fheis Laighean
Bhí cumas aici ar amhrán a chasadh go poiblí: bhain sí an chéad duais ar amhránaíocht ag Feis Laighean (idem 10 Feabhra 1900) agus tuairiscíodh (idem 27 Deireadh Fómhair 1900) gur chas sí féin agus E.E
Dar leis an Maolánach gurbh é an chaoi a mbaineann ball barrúil den Ard-Chraobh, Liam Soirtéil, síneadh as an sloinne Gordon a tosaíodh ar 'Gabhar Donn' a thabhairt air! Bhí sé ina theachta ón Ard-Chraobh chun mórchomhdháil an Chonartha i 1900 agus bhí baint mhór aige le Feis Laighean agus Mí an bhliain dár gcionn
Bhí sí i gceannas ar rang do pháistí san Ard-Chraobh, ina rúnaí ag coiste comórtas Fheis Laighean, ina rúnaí ar choiste na mban i gCraobh an Chéitinnigh, ag múineadh ranga sa Charraig Dhubh, ina hionadaí ón Ard-Chraobh ag comhdháil mhór an Chonartha ar 31 Bealtaine 1901