Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 10
Tugadh léirithe eile dó gan mhoill: ag Feis Chonnacht (idem 27 Lúnasa 1904); ag Oireachtas 1905; i gCarna (idem 20 Eanáir 1906); léiriú Scoil Haverstock Hill i mí Bealtaine 1906 (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin); ag Feis Chonnacht sa Spidéal (An Claidheamh Soluis 3 Meán Fómhair 1910); léiriú Chraobh an Spidéil ag Oireachtas 1913 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin)
Faoi 1927 bhí sé ina bhall deChonradh na Gaeilge sa chathair, agus i gcomórtas litríochta Fheis Chonnacht bhuaigh sé duais le halt ar scríbhneoirí Chonnacht
Bhí a uncail Cathal ina rúnaí ag Feis Chonnacht i 1908; faoi 1917 bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag tacú le Pádraic Ó Conaire [B2] chun An Ridireacht Liteartha a bhunú d’fhonn cabhrú leis an scríbhneoireacht Ghaeilge (An Claidheamh Soluis 21 Aibreán 1917). Níor thosaigh Eoghan ar an nGaeilge a fhoghlaim go raibh sé 13 bliain d’aois nuair a d’fhreastail sé ar rang oíche ar feadh sé mhí sula ndeachaigh sé go meánscoil na mBráithre Críostaí, Cathair na Mart, i 1922; ní raibh aon Ghaeilge ag múinteoir Scoil Lainn Chille
Bhuaigh sí duaiseanna ag Feis Maitiú freisin agus ag Aonach Tailteann, Feis Chonnacht agus Feis Luimnigh
Theastaigh ó Bhord Bardachta Dhlí na mBocht go mbrisfí as a phost séiplínigh é agus go gcaithfí san abhainn é! Ag cruinniú a tionóladh i gClár Chlainne Mhuiris chun Feis Chonnacht a eagrú d’fhéach an Canónach Ó Maicín chuige nach dtoghfaí Hannay mar bhall coiste
D’eagraíodh sé feis bhliantúil sa pharóiste agus bhí ina bhall de choiste Fheis Chonnacht—ina rúnaí i 1907—agus de Dháil Chonnacht
Scríobh sé stair an pharóiste. Nuair a labhair sé ag Feis Chonnacht dúradh in An Claidheamh Soluis : ‘Scaoil an tAthair Uaitéar as Gleann na Madadh óráid mhaith chiallmhar uaidh i nGaeilge
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F
Bhí sé ina ollamh cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1910 agus ina bhainisteoir stáitse ag Feis Chonnacht
Tháinig de chor sa saol ag Mairéad i 1910 gurbh í féin agus Eileen Costello na moltóirí san amhránaíocht ag Feis Chonnacht sa Spidéal agus gurbh í a deirfiúr Eibhlín a bhain ceann de na chéad duaiseanna (An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1910)