Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 10
Is léir ar eagarfhocal in An Claidheamh Soluis 27 Bealtaine 1899 nár thaitin an obair sin in aon chor le Conradh na Gaeilge: ‘The idea was started a year ago in Belfast during the Feis Cheoil week, the moving spirit being Mr Fournier, who is not a native of this country, and who was then the paid official of the Feis Cheoil ... ··· the Feis Cheoil, at its annual general meeting, found it necessary to disclaim, publicly and emphatically, all responsibility for the acts of its registrar, Mr Fournier, in connection with the Pan-Celtic Congress, and shortly after Mr Fournier resigned his position in the Feis Cheoil.’ Bhunaigh sé an iris Celtia agus bhí ina eagarthóir uirthi 1901 go 1906
Bhí sé ina bhall den choiste a stiúir an chéad Fheis Cheoil in 1897 ··· Coiste an Oireachtais a chuir tús leis an tionscnamh i dtreo go mbeadh teacht ag iomaitheoirí ar fhocail agus ar fhoinn. Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an Fheis Cheoil in 1897; tuairiscíodh in Fáinne an Lae 31 Nollaig 1898 go raibh sé i gceannas ar chruinniú de choiste gnó na Feise ··· Deirtear sna tuairiscí báis gur bhuaigh sé duais ag an bhFeis Cheoil ar réamhcheol i gcomhair lán-cheolfhoirne
Fuair sé Duais Uí Chearbhalláin ón stáisiún agus duaiseanna ó Acadamh Ríoga an Cheoil, ón Oireachtas agus ón bhFeis Cheoil
I rith an ama sin go léir chaitheadh sé dúthracht mhór le hobair Chonradh na Gaeilge agus le feiseanna i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, go mór mór le Feis Cheoil an Iarthair
In ainneoin contrárthachtaí agus bréaga—nó botúin, b’fhéidir—caithfidh sé gurbh aon duine amháin Áine na Báinsí agus Áine Mhaigh Chromtha. I Maigh Chromtha in 1898 bhuaigh sí duais ag an gcéad fheis a bhí riamh in Éirinn, ach an Fheis Cheoil a fhágáil as an áireamh
Bronnadh Bonn Annie Patterson [B3] air ag an bhFeis Cheoil i mBaile Átha Cliath ceithre bliana as a chéile
Bhuaigh sé bonn óir ag Feis Cheoil 1912
Fear réidh díreach macánta ab ea é’. B’fhéidir a rá gurbh é faoi deara an Fheis Cheoil a chur ar bun
Tá sé in éineacht lena phíb inniu i Músaem Ros Nualach. Bhuaigh sé an dara duais ag an gcéad Fheis Cheoil in 1897
In Irisleabhar na Gaedhilge 1 Márta 1895, i mír nuachta faoin bhFeis Cheoil, luaitear í in aon anáil le Eoin Mac Néill [B4], George Sigerson [B1], Annie Patterson [B3], Seosamh Laoide [B1] agus Tomás Ó Néill Ruiséal [B3] mar bhall coiste a sheasfadh an ceart don Ghaeilge