Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 9
Bhí sé ina rúnaí ag Feis Bhaile Átha Cliath in 1911 agus ina rúnaí an bhliain chéanna ar Choiste an Mhórshiúil (ibid 13 Bealtaine agus 9 Meán Fómhair 1911) agus ina bhall de Choiste an Oireachtais (Donncha Ó Súilleabháin, Scéal an Oireachtais 1897–1924, 1984) ··· Tá cur síos san aiste freisin ar na húdair a léadh an bheirt acu agus ar na hábhair chomhrá a bhíodh acu. Tá litir bharrúil ghearánach i nGaeilge ó Sheán in An Claidheamh Soluis 18 Bealtaine 1912 faoin gcaoi ar chaith Micheál, agus é ina rúnaí ar Fheis Bhaile Átha Cliath, le Cumann Píobairí Lorcáin Uí Thuathail
Bhí sí ar dhuine de na scrúdaitheoirí ag Feis Bhaile Átha Cliath an bhlian dár gcionn (idem 25 Márta 1911) agus fógraíodh 8 Iúil go mbeadh sí ar dhuine de na múinteoirí sa chúrsa a thabharfadh Coláiste Laighean do mhná rialta Ord Loreto
Iarradh air Feis Bhaile Átha Cliath a oscailt bliain amháin
Ag Feis Bhaile Átha Cliath i 1920 fuair sé an chéad áit i gcomórtas scríbhneoireachta
Bhí sé ar Choiste Fheis an Athar Maitiú agus ina ionadaí ó cheardscoileanna na cathrach ag Feis Bhaile Átha Cliath
Go dtí lá a bháis bhí sé ina rúnaí ag Craobh Inse Chór; nuair a chuaigh Feis Bhaile Átha Cliath in éag ba iad Tomás agus Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina Uachtarán ar an gConradh 1965-68, a d’athbhunaigh é agus chaith sé tamall maith ar choiste na Feise sin. Ceann de na feachtais ba mhó dá raibh ar siúl ag an gConradh sna 1980idí is leis an gcaoi a raibh RTÉ ag caitheamh leis an nGaeilge, sna cláir theilifíse, go háirithe, a bhain sé
Um an taca seo bhí staidéar déanta aige ar an amhránaíocht faoi Maestro Adelio Viani, ollamh na hamhránaíochta in Acadamh Ríoga an Cheoil, agus bhí duaiseanna ar óráidíocht, amhránaíocht, comhrá agus filíocht gnóite aige ag Feis Bhaile Átha Cliath 1950
Bhíodh sí ag teagasc ranga i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus go luath roimh a bás bhí sí ina rúnaí ag Coiste Fheis Bhaile Átha Cliath agus ina ball den Choiste Gnó
Dhéanadh sí obair ar son Fheis Bhaile Átha Cliath, chun Fleá na Leanbh a eagrú go háirithe