Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 69
Pearsa thábhachtach is ea é toisc an pháirt a ghlac sé sa Chonradh agus i gCraobh an Chéitinnigh i dtús an chéid, a mhéid d’fhilíocht na Mumhan ar chuir sé eagar air agus an obair cheannródaíochta dinnsheanchais a rinne sé. I gCnoc Chonaill Aodha idir Eochaill agus Cill Ia a rugadh é ar 5 Márta 1871 ··· Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Carraige Duibhe 1905-07. In éineacht le Torna, Seán Ó Cuív agus Sceilg, bhunaigh sé Craobh an Chéitinnigh i 1901 ··· Ba é a roghnaigh manadh don Chraobh: ‘Múscail do mhisneach, a Bhanba’ ··· Thuigfeá ó An Duinníneach (1958) gur ag tabhairt tacaíochta don Athair Ó Duinnín in aghaidh comhbhá na Craoibhe leis an Dochtúir Ó hIceadha a thaispeáint is ea d’éirigh sé as an rúnaíocht i Samhain 1909 ··· Bhí sé ina uachtarán ar Chumann Luathscríobh Éireann. Bhí a dheartháir Micheál ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a d’éag sé ar 17 Meitheamh 1961
D’éag Tomás in 1899 agus is ar Chathal a thit cúram na clainne. Dhealródh gur i 1901 a chláraigh sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge ··· ‘Ní mór an spéis a chuir sé sa Ghaeilge go dtí gur bunaíodh Craobh an Chéitinnigh’, a deir ‘Sceilg’ ··· Tar éis tamaill bhí sé ina léachtóir ag Craobh an Chéitinnigh agus ag craobhacha eile ··· Faoin ainm ‘Cathal Buirséis’ toghadh é ina bhall den Choiste Gnó (An Claidheamh Soluis 26 Lúnasa 1905). I 1908 toghadh ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh é mar chomharba ar Phádraig Ó Duinnín [B3] ··· Ba mhinic duine á earcú aige do Chraobh an Chéitinnigh agus don Bhráithreachas ag an am céanna, dar le ‘Sceilg’
Chuaigh sé isteach i gCraobh an Chéitinnigh láithreach agus ba ghairid gur tuairiscíodh é a bheith ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge (An Claidheamh Soluis 25 Eanáir 1908) ··· I gCraobh an Chéitinnigh a chuir sé aithne ar Chathal Brugha [q.v.], Micheál Ó Coileáin, Seán Ó Murthuile [B4], Gearóid Ó Súilleabháin [B4], Diarmuid Ó hÉigceartuigh [q.v.] agus a leithéidí ··· Ar 1 Lúnasa 1917 bhí sé ar dhuine den deichniúr nó mar sin a bhí sa láthair ag cruinniú i gCraobh an Chéitinnigh lena shocrú ar chomhdháil de na hÓglaigh a ghairm
Ó 1903 ar aghaidh bhí sí ina hOllamh le Gaeilge in Ardscoil Mhuire i nDomhnach Broc. Bhí sí an-ghníomhach i gcúrsaí na hArd-Chraoibhe ar dtús agus ansin i gCraobh an Chéitinnigh (a bunaíodh i mBealtaine 1901) ··· Chiarraí, uirthi i gCraobh an Chéitinnigh
Is chun ceolfhoireann a bhunú a thug Diarmuid Ó hAlmhain [B1] isteach i gCraobh an Chéitinnigh é i 1935 ··· Bíonn a ainm le feiceáil i gcláir agus i dtorthaí chomórtais an Oireachtais ó 1940 amach: duaiseanna ar amhráin a ghléasadh, ar chnuasach amhrán, ar fhoinn a chumadh; Cór Chraobh an Chéitinnigh agus Ceolfhoireann an Oireachtais féin á stiúradh aige; é ina bhall de Fhochoiste an Cheoil
Fuaireadar teach ar cíos ar Bhóthar Haddington. Ghlac an teaghlach páirt ghníomhach i saol na Gaeilge, go háirithe i gCraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge, mar ar ghlac Neasa páirt sa cheolfhoireann, sa chór agus, thar aon rud eile, sa ghrúpa drámaíochta ··· Is i gCraobh an Chéitinnigh a casadh uirthi an fear a phósfadh sí, státseirbhíseach agus Corcaíoch, Seán Ó Briain, a scríobh drámaí raidió do pháistí sna 1950idí
I 1901 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh ··· Baineadh a ainm as liosta bhaill Chraobh an Chéitinnigh nuair a d’fhostaigh Bord Chaomhnóirí Thithe na mBocht duine gan Ghaeilge (An Claidheamh Soluis 13 Bealtaine 1911)
Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a bunaíodh í ··· Bhíodh sé i gceannas ranganna amhránaíochta san Ard-Chraobh agus i gCraobh an Chéitinnigh agus ba é a bhí freagrach as an bhfoghraíocht ag Córan Oireachtais i dtús an chéid
Bhí sé ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh ón uair a d’éirigh Tadhg Ó hEarrachtáin as an oifig sin i 1904 ··· D’éirigh sé as uachtaránacht Chraobh an Chéitinnigh 27 Samhain 1909 toisc gur glacadh le rún comhbhá leis an Dr Ó hIceadha
Toghadh í ina leasuachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a bunaíodh é i mBealtaine 1901 agus bhí sí páirteach le baill eile na Craoibhe sin sa chéad léiriú a tugadh do Casadh an tSúgáin sa Ghaiety ar 21 Deireadh Fómhair na bliana céanna
Ag cuimhneamh dúinn ar a mhéid a líon Craobh an Chéitinnigh spás ina shaol is inspéise freisin gur Chéitinn ba shloinne do dhuine dá sheanmháithreacha. Mhaígh sé san alt céanna go mba leo 250 acra, ‘which fairly divides Valentia in two at its widest point’ ··· In 1901 freisin bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh
Bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge agus mhúineadh rang ann ··· Bhí ceann de na príomhrólanna aige sa dráma Cú Roí in 1912 (An Claidheamh Soluis 20 Iúil 1912). Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus chuaigh isteach sna hÓglaigh, Faoi Dheireadh Fómhair 1915 bhí sé ina chaptaen ar Chomplacht F mar a raibh cuid mhaith de bhaill Chraobh an Chéitinnigh
Bhí sé i gCraobh an Chéitinnigh ó 1902 agus is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. Fuair sé post in Oifig an Oideachais Náisiúnta ··· Bhí sé tamall ina rúnaí ar Chraobh an Chéitinnigh agus is ann a casadh a bhean air
Deir beathaisnéisí Joyce, Richard Ellmann, go raibh tuairim fhorleathan ann gurbh i ngeall ar a gcumas chun tromólacháin a cheaptaí iriseoirí an Evening Telegraph. Mr Wyse Power a mhol rún buíochais don chathaoirleach ag cruinniú tionscnaimh Chraobh an Chéitinnigh i dtús na Bealtaine 1901 ··· Bhí an mac agus an bheirt iníonacha ina mbaill de Chraobh an Chéitinnigh
I gcaint raidió a chraol Piaras Béaslaí ar 4 Aibreán 1959 dúirt sé agus é ag tagairt do Chraobh an Chéitinnigh: “Nuair a chuas ann arís b’éigean dom aithne a chur ar a lán daoine nua ··· Colm a mhol an t-ainm sin a thabhairt air, ag cuimhneamh dó gur gasra ceann de na cialla a bhíonn leis i gCiarraí. Seo é an cur síos a rinne Liam Ó Rinn air sa Leader (27 Eanáir 1940): “I gCraobh an Chéitinnigh is dóigh liom do chonac é don chéad uair ..
I mBaile Átha Cliath cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh mar a raibh a dheartháir Séamus agus a dheirfiúr ina mbaill cheana féin
Thug sé cuairt ar Chraobh an Chéitinnigh i ndeireadh mhí Feabhra chun cuntas a thabhairt ar thuras mórthimpeall na hÉireann a bhí tugtha aige agus ar an gcuma ar éirigh leis gach tráth ar bhuail lucht an dlí uime
Tá caint a chraol Diarmuid Ó hAlmhain[B1] faoin gcaidreamh a bhí aige féin agus Craobh an Chéitinnigh ar an gceoltóir i gcló in Aeriris (1976) in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa
Deireadh sé gur teanga iasachta aige féin an teanga a bhí sé a mhúineadh. Toghadh é ina bhall de choiste Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh nuair a bunaíodh an chraobh sin Bealtaine 1901. Bhí staidéar déanta aige ar an nGaeilge, idir shean is mheán is nua, agus d’iarr Cumann na Scríbheann Gaeilge air eagar a chur ar Caithréim Conghail Cláiringhnigh, 1904
Deir Breandán Breathnach in Ceol agus rince na hÉireann, 1989: ‘Go leor de na damhsaí a dhéantar ag céilithe fós ba iad an bheirt seo a chuir ó bhaol a gcaillte iad’. Aístríodh go Baile Átha Cliath é timpeall 1902 agus cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh
A luaithe a d’fhill sé abhaile is ea a chinn sé ar liostáil sna hÓglaigh, i gComplacht B den Chéad Chath ar dtús, agus ansin i gComplacht F mar a raibh cuid mhaith de bhaill Chraobh an Chéitinnigh
Dar leis gur mhinic ag cruinnithe Chraobh an Chéitinnigh é agus nach dtéadh sé abhaile riamh gan óráid bhreá bhlasta a thabhairt uaidh. Fuair sé bás 17 Samhain 1913. Phós a iníon Mairéad Micheál Ó Loingsigh [B2] ó Bhaile Bhuirne in Eaglais Mhuire na mBrón, Carn na gCloch, Baile Átha Cliath, 31 Iúil 1917
Bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh agus ar dhuine díobh sin a thaithíodh ‘An Stad’
Bhí de cháil air gurbh é an díograiseoir ba mhó sa scoil é timpeall na Gaeilge. Ball an-ghníomhach de Chraobh an Chéitinnigh ba ea é ón lá a bunaíodh í i mBealtaine 1901
Bhí Móirín (d’éag 24 Nollaig 1990) ina rúnaí ag Craobh an Chéitinnigh agus chaith sí trí bliana i ngéibheann sna luathdhaichidí mar gheall ar a poblachtánachas
Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó agus de Chraobh an Chéitinnigh agus deir Fiachra Éilgeach gur mhinic é sa Stad i Sráid Fheardorcha Thuaidh ag plé céimeanna agus figiúirí na rincí leis féin agus le Séamus Ó Caoimh
“He has done at least a man’s share in the laudable work of popularising the Irish pipes”, a dúradh in Banba. Bhí sé i láthair ag an gcruinniú ag ar bunaíodh Craobh Mhic Éil den Chonradh ar 23 Márta 1901, craobh a bunaíodh go speisialta do Chonnachtaigh i mBaile Átha Cliath, ach is léir ar dhán “An File” go raibh baint aige le Craobh an Chéitinnigh freisin: “Ochón
Bhí sé ar dhuine den cheathrar a bhunaigh Craobh an Chéitinnigh i mí na Bealtaine 1901 agus bhí i láthair mar ionadaí on gcraobh sin ag Ard-Fheis 1902
Bhí baint aige le Craobh an Chéitinnigh go luath ina shaol agus ina dhiaidhsean i gCraobh Móibhí i nGlas Naíon
Chuaigh sé isteach i gCraobh an Chéitinnigh nuair a tháinig sé chun cónaithe i mBaile Átha Cliath in 1905
Bhí sé ar bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh agus b’fhéidir go raibh baint aige le bunú na hirise Banba (1901-06)
Idir sin agus 1915 bhain sé amach BA, Ard-Dioplóma san Oideachas agus MA. Cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh agus bhíodh ag múineadh ranganna ann agus bhí ina bhall dá choiste, é ina rúnaí acu in 1916
Máirt na hInide 1903 bhí fleá ar siúl ag Craobh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath, agus thar ceann Banba bhronn Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) [B3] dealbh de Eoghan Ó Gramhnaigh[q.v.] mar chomhartha pósta ar Mhicheál agus a bhean Bríd
‘Is cuimhin le lucht Chraobh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath an téarma a chaith sé ina measc a cúig nó a sé de bhlianta ó shin agus an dianspéis is dúthracht a chuir sé i bhfoghlaim na Gaeilge’ (ibid 16 Samhain 1918). Is mar oifigeach pinsin a chuaigh sé go Cill Airne tuairim 1911
Tuairiscíodh ar 25 Samhain na bliana sin go raibh sí ina ball de choiste Chraobh an Chéitinnigh
Toghadh é ina bhall de choiste chraobh nuabhunaithe an Chéitinnigh i mBealtaine 1901
Bhí páirt aici sa léiriú a rinne Craobh an Chéitinnigh ar dhráma Phádraig Uí Dhuinnín [B3], Creideamh agus Gorta, in Amharclann na Mainistreach i 1905 agus tugadh ardmholadh di
Ba bhall é de choiste bunaidh Chraobh an Chéitinnigh i 1901
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí ceathrar den ainm seo a raibh cáil orthu: Micheál, múinteoir na Rinne (faoi NÍ FHOGHLÚDHA, Áine [B2]); Micheál, uachtarán Chraobh an Chéitinnigh, ba dheartháir do Fhiachra Éilgeach; Micheál a bhí ina rúnaí ag ‘ceardchumann’ na múinteoirí taistil, agus Micheál seo thuas, an timire a scríobhadh faoin ainm ‘Déaglán’. I Móin Aodha, Aird Mhór, Co
Bhí baint mhór aige freisin le fás Chonradh na Gaeilge sa phríomhchathair, é i láthair go minic nuair a bhí craobhacha nua á mbunú, é ina bhall coiste i gCraobh an Chéitinnigh a luaithe a bunaíodh í Bealtaine 1901
Bhí sé gníomhach in obair na teanga freisin agus bhí an bheirt chailíní ina mbaill de Chraobh an Chéitinnigh. Bhí Séamus ina bhall den Chéad Chath, Complacht B de na hÓglaigh agus ghlac sé féin agus a thriúr deartháireacha páirt in Éirí Amach 1916, agus bhí sé féin agus Seosamh ina mbaill de gharastún Ard-Oifig an Phoist
Bhí baint aige le Craobh an Chéitinnigh, é ina rúnaí, ina Chathaoirleach tamall agus ina Leas-Uachtarán acu i ndeireadh báire
Bhí sé ina bhall den Chonradh i Londain agus anois chuaigh sé i mbun ranga i gCraobh an Chéitinnigh
Bhí baint aige le hAisteoirí Chraobh an Chéitinnigh go luath ina shaol; ba é an t-aon Ultach amháin ina measc é
Bhí Proinsias agus Róis beirt i gCraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Róis ag canadh sa chór agus Proinsias ag plé le drámaíocht, agus b’amhlaidh a casadh ar a chéile iad
Nuair a d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh agus bhí ina bhall den chomplacht drámaíochta Na hAisteoirí
Ón bpríomhoide Séamus Ó Longaigh, a bhí seal ina rúnaí ar Chraobh an Chéitinnigh, a fuair sé a chéad fhocal den teanga
Bhí sé ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh ar feadh breis agus daichead bliain
B’as Baile Átha Cliath do Ghearóid agus is i gCraobh an Chéitinnigh a casadh Bríd air
Deir Ó hAnnracháin: ‘Diarmuid Ó hÉigceartuigh was reputed to have mastered in an uncommon way much of the internal workings of the British Government here and particularly so in its financial departments’. Faoi 1913 bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh agus dá gcomplacht amharclainne, Na hAisteoirí
Bhí an Pilib seo ina bhall de choiste bunaidh Chraobh an Chéitinnigh agus ina thaistealaí le haghaidh mustaird de dhéantús na hÉireann (idem 9 Nov 1901)
Chaith sé seacht mbliana ag múineadh i Scoil Náisiúnta Phádraig, scoil a raibh dlúthbhaint aige leis an gcoláiste oiliúna agus a raibh de cháil uirthi fadó go gcuirfeadh sé le seans múinteora a bheith ina chigire scoile ach tamall a bheith caite aige inti mar mhúinteoir. I rith an ama sin bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge i gCearnóg Parnell, Baile Átha Cliath
Ó Ceallaigh [q.v.], ar Mhícheál Ó Coileáin, agus ar bhaill eile Chraobh an Chéitinnigh, Conradh na Gaeilge
Bhí sí ina captaen ar fhoireann camógaíochta Chraobh an Chéitinnigh agus ina ball de Chumann na mBan
Bhí sé féin agus Micheal Ennis i measc na gceoltóirí ag Coirm Cheoil na Samhna a bhí ag Craobh an Chéitinnigh i Seomra Cruinn an Rotunda 8 Samhain 1902
D’imríodh sé peil sa chathair le Erin’s Hopes, (a n-imríodh mic léinn an Choláiste leo) agus chabhraigh le Craobh an Chéitinnigh chun craobh Bhaile Átha Cliath a bhuachan
Thuigfeá ón epithalamium le Torna go raibh Seán tráth ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh (An Claidheamh Soluis 18 Samhain 1905) agus is dóigh gur le linn dó a bheith i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a ghlacadh sé páirt in imeachtaí na craoibhe sin
Ball de Chraobh an Chéitinnigh ba ea é
Chuaigh Seosamh isteach i gCraobh an Chéitinnigh
A dheartháir Tadhg, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an chéad uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh.
Chaith sé an bhliain acadúil 1978-79, ar chuireadh ón Ollamh Breandán Ó Madagáin, ina aoi-léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Dar leis féin gur léacht a thug Torna [Tadhg Ó DonnchadhaB1] in Áras Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh a chuir ag cumadh dánta é
D’éirigh sé as an bpost i 1964 chun a dhúthracht iomlán a chaitheamh leis an amhránaíocht agus an aisteoireacht. Ba bhall é de Chraobh an Chéitinnigh, Conradh na Gaeilge, agus bhí sé ar dhuine de na haisteoirí ba chumasaí dá raibh sa ghrúpa cáiliúil, Aisteoirí Chéitinn, grúpa a léiríodh drámaí go minic in Amharchlann na Mainistreach agus sa Phéacóg faoi scáth an Chomhair Drámaíochta
Bhí sé tamall ina chisteoir ag Craobh an Chéitinnigh den Chonradh nuair a bhí an chraobh sin i mbarr a nirt
Le linn dó a bheith á oiliúint i mBaile Átha Cliath bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh, an chraobh ba spleodraí sa chathair ó thaobh na n-ealaíon de
I mBaile Átha Cliath bhuaigh sé bonn craobhchomórtais le Clann na nGael agus bhí tamall ina bhall de Bhord an chontae. Bhí a uncail Micheál Ó Loingsigh ina Leas-Uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge, craobh a bhí i mbarr a nirt ó thaobh ceoil agus drámaíochta de ar feadh 1935-50, agus ball gníomhach sa chraobh sin ba ea Seán
I 1971 thuill Seaghán Gradam Fhear na Bliana i nGnó na Turasóireachta; ba é ba chionnsiocair le seifteanna mar laethanta saoire i dtithe feirme agus leis an roinn den ghnó a dtugtar ‘Town and Country Homes’ air. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ar feadh i bhfad, é tamall ina oifigeach i gCraobh an Chéitinnigh agus tamall eile ina chathaoirleach ar Chraobh na Carraige Duibhe
Ba é a bhunaigh cór cáiliúil Chraobh an Chéitinnigh i 1935
Ba ghairid go raibh sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh, de na Fianna agus de Club Lorcáin Uí Thuathail de Chumann Lúthchleas Gael
Státseirbhíseach ba ea Séamus agus aisteoir cumasach i gCraobh an Chéitinnigh agus i gcompántais eile; maraíodh go traigéideach é ar 16 Eanáir 1992