Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Deireadh Lorcán gur imir an tsraith de Cré na Cille in Scéala Éireann i rith 1949 draíocht ar leith air. Phós sé Cáit Ní Shiúrdáin, Marino, Baile Átha Cliath, ball de Chraobh Móibhí, ar 11 Deireadh Fómhair 1955 agus bhí beirt bhuachaillí agus triúr cailíní acu, ar le Gaeilge ar fad a tógadh iad ··· Thabharfá leat ón agallamh raidió sin gurbh i gCraobh Móibhí, Conradh na Gaeilge, a thosaigh sé ag aisteoireacht
Chuir sí fúithi i gceantar Bhaile Phib agus ghlac ballraíocht i gCraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge. Ba an tráth sin agus gan í ach 23 bliain d’aois a chéadléirigh sí a cumas liteartha nuair a d’fhoilsigh an Talbot PressThe green eagle, úrscéal Béarla a scríobh sí agus a bhain le ré Chromail. Thug a cumas mar cheoltóir isteach sa City of Dublin Girls’ Pipe Band í agus a grá don stáitse in Aisteoirí Moibhí. Ba ag cleachtadh do dhráma, Laom-luisne fómhair, a scríobh Micheál Ó Siochfhradha, a chas Máire ar Sheán Stafford, ábhar oide óg as Baile Mhic Andáin i gCo
Mar bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge ghlacadh sé páirt i gcomórtais drámaíochta agus ba é a bhí i gceannas ar fhoireann drámaíochta Choláiste Mhuire; ba spéis leis dráma a scríobh ach chaill Proinsias Mac Diarmada[B5] ceann a scríobh sé sula raibh sé léite aige fiú; tá dráma aonghnímh dar teideal An Luighchán i measc a lámhscríbhinní agus an dáta 5 Deireadh Fómhair 1940 leis ach ní léir gur stáitsíodh é riamh
Bhí sé ina uachtarán tamall ar cheann de na craobhacha ba dhíograisí i mBaile Átha Cliath, Craobh Moibhí
Bhí sé ina bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge agus ina dhiaidh sin ina bhall de Ghlúin na Buaidhe, a bpáipéar Inniu á dhíol aige agus fógraí á mbailiú aige