Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 24
Bhí sé cheana féin ar Choiste an Oireachtais. Oíche Shatharn na Cásca 1916 d’iarr Art Ó Gríofa air dul go dtí teach an Dr Séamus Ó Ceallaigh[B1] i Ráth Garbh agus dúradh leis ansiúd na horduithe cealaithe a thabhairt go hÉadan Doire, Bealach an Tirialaigh agus an Tulach Mhór
I bhFeabhra 1901 comhthoghadh é ina bhall de choiste an Oireachtais agus bhí sé le bheith ina mholtóir ar an amhránaíocht
Bhí sé ina bhall de Choiste an Oireachtais in 1899 agus ó 1900 amach bhí sé ina bhall den Choiste Gnó. Bhí litir dar dáta 30 Meán Fómhair 1900 aige (An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900) ag tairiscint £20 do Chiste na Teanga ach go dtabharfadh iomlán na hÉireann £80 i rith Dheireadh Fómhair, agus ag gealladh go dtabharfadh sé £10 arís um Shamhain agus um Nollaig ar choinníoll go mbaileofaí £90 gach mí den dá mhí sin
Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó sna blianta 1904–09 agus bhíodh ina bhall de Choiste an Oireachtais freisin
Bhí sé ina ionadaí chuig an Eisteddfod agus Mod na hAlban an bhliain dár gcionn agus toghadh é ina bhall de Choiste an Oireachtais
Luann Donncha Ó Súilleabháin é i measc na ndaoine a chaith tréimhsí fada gan briseadh ar Choiste an Oireachtais
Bhí sé ar choiste Oireachtais 1904 agus 1912
Bhí sí freisin ar an mbeagán a chaith tréimhse an-fhada ar choiste an Oireachtais
Bhí sé ina rúnaí ag Feis Bhaile Átha Cliath in 1911 agus ina rúnaí an bhliain chéanna ar Choiste an Mhórshiúil (ibid 13 Bealtaine agus 9 Meán Fómhair 1911) agus ina bhall de Choiste an Oireachtais (Donncha Ó Súilleabháin, Scéal an Oireachtais 1897–1924, 1984)
Bhí an tOireachtas ar siúl lá arna mhárach agus scríobhadh an nóta seo in An Claidheamh Soluis 17 Bealtaine: ‘A protest having been made against the association of Mr George Moore’s garden-party with the Oireachtas, it is necessary to state that Mr Moore’s entertainment is an entirely private one, for which neither the Executive Committee nor the Oireachtas Committee have any responsibility’
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais i nDún Dealgan (Freeman’s Journal 21 Eanáir 1915) agus ag cruinniú de Chonradh na Gaeilge i gContae Lú mhol sé rún go bhfillfeadh Dubhghlas de hÍde[B4] ar an uachtaránacht
Bhí sé ina rúnaí oinigh ar choiste an Oireachtais agus in éineacht le Eoin Mac Néill [B4] bhí sé ar dhuine de theachtaí an Chonartha chuig Mod na hAlban i Meán Fómhair 1897
Coiste an Oireachtais a chuir tús leis an tionscnamh i dtreo go mbeadh teacht ag iomaitheoirí ar fhocail agus ar fhoinn. Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an Fheis Cheoil in 1897; tuairiscíodh in Fáinne an Lae 31 Nollaig 1898 go raibh sé i gceannas ar chruinniú de choiste gnó na Feise
‘Bhí daoine a chaith tréimhsí fada gan briseadh ar Choiste an Oireachtais agus chuidigh an leanúnachas sin go mór le cur chun cinn na hoibre
Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha 1918-23 agus ina bhall de Choiste an Oireachtais i gCorcaigh i 1919 agus 1924
Bhí sí ina ball de choiste an Oireachtais athbhunaithe in 1939. D’éag sí in Ospidéal Shliabh Chairmil i mBaile an Teampaill, Baile Átha Cliath, 26 Meán Fómhair 1962
Faoi 1932, bhí sí ar dhuine d’iontaobhaithe na heagraíochta agus i 1939 bhí sí ina ball de choiste an Oireachtais athbhunaithe thar ceann Coiste Gnó an Chonartha
Tuairiscíodh an tseachtain dár gcionn gur bhuaigh sí an chéad duais ag Feis Mhaigh Chromtha agus ar 8 Meitheamh gur fhreastail sí ar choiste an Oireachtais thar ceann Bhaile Bhuirne
An bhliain sin bhí sé ina bhall de Choiste an Oireachtais agus eisean a mhol gur i gCill Airne a bheadh Oireachtas 1914
Comhthoghadh é ina bhall de Choiste an Oireachtais 10 Deireadh Fómhair 1914 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin)
Bhí sí go minic ina teachta ón gcumann ar choistí an Oireachtais i rith 1939-63
D’éirigh sé as an múinteoireacht i 1977 i ngeall ar dhrochshláinte. Bhí sé bainteach le Conradh na Gaeilge ar bhealaí éagsúla, é ina rúnaí ar Chraobh Liam Bulfin, ina bhall de Choiste Chathair Átha Cliath, ar an gCoiste Gnó 1951-62 agus ina Thánaiste faoi dhó, ina bhall de Choiste an Oireachtais agus den gCoiste Ealaíne
I rith an ama sin, bhí Seán Ó Síocháin gníomhach i gcónaí go mór mór sa drámaíocht agus sa chór.’ Toghadh é ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha i 1943 agus chaith sé tamall ina bhall de Choiste an Oireachtais
Bhí sé ar Choiste Gnó an Chonartha sna 1940idí agus ar choiste an Oireachtais sna 1950idí