Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 59
Cheana féin bhí sé ag múineadh na teanga. Cheangail sé mar bhall den Ard-Chraobh i mBaile Átha Cliath agus faoi Lúnasa 1908 bhí sé ina rúnaí acu ··· Deir Earnán de Blaghd gurbh é an chéad duine riamh é a chuala sé ag labhairt na Gaeilge agus gurbh é a thug isteach i gConradh na Gaeilge é. D’aistrigh sé dráma ón bhFraincis faoin teideal An Bhean Mhíchomhairleach agus léiríodh é ag fleá san Ard-Chraobh (An Claidheamh Soluis 23 Márta 1907) ··· I gcomhpháirt le Pádraig Mac Piarais [q.v.] bhí léachtanna faoi stair na hÉireann á dtabhairt aige san Ard-Chraobh agus bhíodh colún nuacht an Chonartha á scríobh aige in An Claidheamh Soluis ··· B’fhéidir gurbh é a chaidreamh ar Shinéad agus Éamonn de Valera san Ard-Chraobh i dtús an chéid faoi deara an ceapachán sin, ach deir Seán Réamoinn nach amháin go raibh eolas scolártha aige ar litríocht na Gaeilge ach go mbíodh comhfhreagras ar siúl aige le daoine a raibh dlúthbhaint acu le gluaiseachtaí teanga sna tíortha Ceilteacha go léir. D’éag sé 26 Bealtaine 1964
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tuairim 1906 chuaigh sí i gcion go mór ar Earnán de Blaghd[q.v.] agus in Trasna na Bóinne, 1957 tugann sé pictiúr beo den ógbhean tarraingteach i mbun ranga in Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ··· Is é is dealraithí go mba mhúinteoirí náisiúnta iad. Chláraigh Jennie Flanagan, 6 Richmond Cottages, Sráid Richmond Thuaidh, mar bhall den Ard-Chraobh ar 22 Samhain 1899 (idem 2 Nollaig 1899) ··· D’ainmnigh Craobh Chúculainn, Ardoifig an Phoist, Corcaigh, í mar theachta chuig Ard-Fheis 1906 (idem 28 Iúil 1906) Bhí ardmheas aici ar Art Ó Gríofa agus tuairiscíodh in Sinn Féin 4 Nollaig 1907: ‘On Sunday week at 4 o’clock Sinéad Ní Fhlannagáin of the Ard-Chraobh of the Gaelic League delivered a very sympathetic lecture to the children of Clann na hÉireann branch and their friends ··· Ach tuairim 1924 bhí rang páistí á stiúradh aici san Ard-Chraobh. Tuairim 1917 a thosaigh sí ag scríobh drámaí beaga agus scéalta dá páistí féin
Nuair a léigh Dubhghlas de hÍde[q.v.] páipéar ag cruinniú de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge dúirt sé go raibh aithne aige ar an nGordúnach le fada 'as a poet and a fine Irish scholar' (Fáinne an Lae 21 Deireadh Fómhair 1899) ··· Thogh an Ard-Chraobh mar chisteoir é 22 Samhain 1899 agus bhí sé i gceannas ar rang staire acu ··· Dar leis an Maolánach gurbh é an chaoi a mbaineann ball barrúil den Ard-Chraobh, Liam Soirtéil, síneadh as an sloinne Gordon a tosaíodh ar 'Gabhar Donn' a thabhairt air! Bhí sé ina theachta ón Ard-Chraobh chun mórchomhdháil an Chonartha i 1900 agus bhí baint mhór aige le Feis Laighean agus Mí an bhliain dár gcionn
Ó 1903 ar aghaidh bhí sí ina hOllamh le Gaeilge in Ardscoil Mhuire i nDomhnach Broc. Bhí sí an-ghníomhach i gcúrsaí na hArd-Chraoibhe ar dtús agus ansin i gCraobh an Chéitinnigh (a bunaíodh i mBealtaine 1901) ··· Bhí sí i gceannas ar rang do pháistí san Ard-Chraobh, ina rúnaí ag coiste comórtas Fheis Laighean, ina rúnaí ar choiste na mban i gCraobh an Chéitinnigh, ag múineadh ranga sa Charraig Dhubh, ina hionadaí ón Ard-Chraobh ag comhdháil mhór an Chonartha ar 31 Bealtaine 1901
Bhí comhfhreagras cantalach ann idir é agus Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh [B1] ó 25 Feabhra 1910 ar aghaidh—scríobh Stiofán Mac Énna [B2] litir ag cosaint Pheadair. Cheangail sé le hArd-Chraobh Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra 1900 agus faoi Iúil bhí sé i measc na bhfoghlaimeoirí ab fhearr a chruthaigh sna scrúduithe – bhí Sinéad Ní Fhlannagáin agus Máire Ní Chinnéide [B2] ina measc freisin ··· I gceann achair an-ghairid bhí sé ar dhuine de na daoine ba ghníomhaí sa Chonradh, é ina bhall de choiste rúnaíochta agus foilseachán Fheis Laighean agus ina theachta ón Ard-Chraobh ag Mór-Chomhdháil na heagraíochta in Aibreán 1901 ··· Dar le tuairisc Dhaonáireamh 1911 go raibh beirt deirfiúracha aige, duine acu níos sine ná é agus an duine eile níos óige. Dúradh i dtuairisc úd an Catholic Bulletin gur tháinig sé os comhair an phobail den uair dheireanach ag cruinniú den Ard-Chraobh ag ar thug Eoin Mac Néill léacht i dtaobh na nÓglach
Níl a fhios cén obair a bhí ar siúl aige ach deirtear gur i mBaile Átha Cliath a bhí sé ar dtús, gur chláraigh sé mar bhall den Ard-Chraobh timpeall an ama seo agus go raibh sé i mbun ranga ann ··· Bhí de mheas ag an ngluaiseacht ansiúd air gur bhronn siad slabhra óir air ag cruinniú den Ard-Chraobh 30 Eanáir 1902. Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é ar 8 Deireadh Fómhair 1901
D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath tar éis tamaill agus casadh Fionán air lá agus thug sé chuig cruinniu den Ard-Chraobh é ··· Bhí sé ina chisteoir ag an Ard-Chraobh in 1899 agus mar rúnaí acu in 1899–1900
Fuair sí bás ag 15 Ardán Phort an Iarla ar 5 Eanáir 1941. Glacadh léi mar bhall d’Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge i Samhain 1900 agus bhí sí i bhfeighil na lónadóireachta ag Oireachtas 1902 ··· Wyse Power bheith i measc na bhfear ag cruinniú den Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge ar 11 Deireadh Fómhair 1902 agus tagairt do Sheán Paor ag léamh páipéir i nGaeilge i dtaobh Sheáin Pléimeann [q.v.] ar 7 Eanáir 1903
White, providing the text in Middle Irish, Modern Irish, and Esperanto!’ (Philip O’Leary in Irish Literary Supplement Fall 1993). Ba ghairid go raibh sé ar choistí Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge agus Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge ··· Ag cruinniú den Ard-Chraobh léigh sé amach amhrán a bhailigh sé i nGarmna (idem 13 Deireadh Fómhair 1900). Ach is dóigh gurbh é an rud ba mhó a tharraing aird air ná an Chomhdháil Cheilteach a d’eagraigh sé i mBaile Átha Cliath 1901 agus aris in Carnarvon 1904 agus i nDún Éideann 1907
Laistigh de bheagán blianta i ndiaidh bhunú an Chonartha bhí sé ina bhall gníomhach den Ard-Chraobh ··· D’éirigh leis paimfléid agus lámhscríbhinní a bhain leis an mBarúnach a bhailiú. Go luath sa chéad thug sé faoi leabharlann a chur ar fáil don Ard-Chraobh
Faoi chruinniú de Ard-Chraobhan Chonartha ag 57 Sráid an Dama dúradh in United Ireland 14 Márta 1896: ‘A poem by Seán Ó Coileáin read by Miss E ··· Bhí rang Gaeilge do mhúinteoirí ar siúl aici san Ard-Chraobh
Tuairim 1898 a chuaigh Máire isteach san Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge agus bhí sí ina ball den choiste an bhliain dár gcionn ··· Bhí sí ina hionadaí ón Ard-Chraobh ag comhdháil an Chonartha i 1900 in éineacht le G.A
Ball gníomhach í d’Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge, í ina ball coiste, agus bhí dúil ar leith aici sa drámaíocht agus sa cheol ··· Tuairiscíodh (idem 28 Márta 1903) go raibh compántas aisteoirí aici agus go raibh léiriú de An Pósadh á bheartú acu. Bhí sí ina teachta ón Ard-Chraobh chuig Ard-Fheis 1903
Chláraigh sé mar bhall san Ard-Chraobh an oíche chéanna ar glacadh le ballraíocht John Redmond M.P ··· Bhíodh rang veidhlín agus cláirsí ar siúl aige san Ard-Chraobh (idem 22 Samhain 1901 agus 3 Eanáir 1903)
An bhliain chéanna sin mar dhuine d’aisteoirí na hArd-Chraoibhe bhí ról aige in Na Gaiscígh, dráma le Pádraic Ó Conaire [B2] ag an Oireachtas sa Rotunda (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin [q.v.]); bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chonaire ··· Toghadh é ina rúnaí ar an Ard-Chraobh, Conradh na Gaeilge, i dtús na tréimhse sin agus ann a casadh air Cáit Ní Raghallaigh a bpósfaí léi é ar 19 Lúnasa 1925; neacht ba ea í leis an Athair Dónall Ó Tuathail[B4] agus chaithfeadh sí seal ina rúnaí ag Séamus Ó hAodha (1881–1943) [B2]
Bhí sí gníomhach san Ard-Chraobh agus tá a cuntas ‘An Ardchraobh 1944-1994’ i gcló in Feasta, Meán Fómhair 1994
Bhí baint aige le mórán gnéithe de obair na Gaeilge, é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ó 1931 ar aghaidh, é ina dhuine den seisear a bhí ag feidhmiú mar Rúnaí i 1933, ina rúnaí agus ina Leas-Uachtarán ar an Ard-Chraobh; ina Uachtarán ar an bhFáinne ar feadh na mblianta agus ina Ard-Rúnaí air 1932-35
Le linn dó a bheith i mBaile Átha Cliath bhí sé gníomhach i saol na Gaeilge ann agus bhí i mbun rang Gaeilge in Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge; bhí rang aige uair a bhí bunaithe ar théacs Cré na cille go luath i ndiaidh a fhoilsithe
Bhí sé ag múineadh san Ard-Chraobh ó 1920 go 1957 agus i Ráth Maonais agus sna Sceirí. Bhí aithne ag na mílte de mhuintir na cathrach air toisc go mbíodh sé ina ‘fhear a’ tí’ ag aeraíochtaí a reáchtáileadh an Bardas i gcomhpháirtíocht leis an gConradh sna páirceanna poiblí gach samhradh
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F
Ní foláir nó is tuairim an ama sin a bhí sé ina bhall d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge
Tuairiscíodh coicís ina dhiaidh sin go raibh sé tofa ina bhall den Ard-Chraobh
Ar 25 Bealtaine 1907 bhí an chéad aiste i gcló aige, ‘Sound the Loud Trumpet’, in The Peasant and Irish Ireland. Théadh Seán uaireanta go dtí rang a bhíodh san Ard-Chraobh ag Sinéad de Valera [q.v.]
Cúpla ba ea é féin agus Pól a rugadh i gceantar Phort Laoise Lá ’le Peadar is Pól 1829. Tuairiscíodh in The Nation 26 Meán Fómhair 1896 gur toghadh John, Joseph agus William Shortall ina mbaill den Ard-Chraobh den Chonradh
Ag 42 Bóthar Haddington a bhí cónaí air go fóill. Cláraíodh é mar fho-bhall de Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge (‘Arthur E
Chláraigh sé mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i dtús an chéid ach bhí sé féin agus Séamas Deakin [q.v.] ina mbaill de Chraobh Dhroim Conrach in Eanáir 1902 (liosta Chiste na Teanga in An Claidheamh Soluis 11 Eanáir 1902)
Ag cruinniú den Ard-Chraobh rinne sé dánta le Raiftearaí a reic—‘poems by a Galway poet named O’Rafferty’ (idem, Eanáir 1897)
In ainneoin na hoibre go léir chuir sé tús le sraith de léachtaí Gaeilge ar an stair san Ard-Chraobh (idem 5 Deireadh Fómhair 1907)
Toghadh d’aonghuth í ina rúnaí ar an Ard-Chraobh (An Claidheamh Soluis 24 Meitheamh 1899)
Naonúr mac agus ochtar iníonacha a rugadh don lánúin. Cláraíodh í mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i Meán Fómhair 1898 (Fáinne an Lae 1 Deireadh Fómhair 1898)
Agus é á oiliúint mar mhúinteoir i Modhscoil Shráid Mhaoilbhríde chláraigh mar bhall den Ard-Chraobh (An Claidheamh Soluis 23 Meán Fómhair 1899)
Dúradh in Misneach 11 Meitheamh 1921 gur bhall dílis d’Ard-Chraobh den Chonradh agus scríbhneoir tofa ba ea Stiofán agus go ndéanadh sé obair d’eagarthóir an Catholic Herald.
I Meán Fómhair 1899 aistríodh go Baile Átha Cliath é agus chláraigh sé mar bhall den Ard-Chraobh ar 7 Deireadh Fómhair
B’éigean dó dul ar an gcúlráid go ceann tamaill agus bheith sásta le Gaeilge a mhúineadh d’oifigigh na nÓglach san Ard-Chraobh
Ar 13 Meán Fómhair 1899 bhí sé ag cruinniú den Ard-Chraobhi mBaile Átha Cliath: ‘Mr Michael Mullin, Inis Meáin, gave in the vernacular an interesting account of the work of the League in his native island’ (An Claidheamh Soluis 23 Meán Fómhair 1899). Dúirt Cathal Ó Tuathail [q.v.] in aiste ar Mhicheál in Sunday Independent 6 Bealtaine 1934 gurbh in 1899 a tháinig sé chun cónaithe sa phríomhchathair
Sular phós sé is ag 31 Cullenwood, Raghnallach, a bhí cónaí air. Scríobh sé péire dráma: Bás Aodha óig Uí Néill a léiríodh san Ard-Chraobh i rith na hoíche a cuireadh ar siúl le hómós do Liam Ó Maolruanaidh[B2]—d’fhoilsigh an Conradh é i 1902 faoin teideal Aodh Ó Néill ach is faoin teideal ‘Na Díbeartaigh’ a foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1901
Bhíodh sé i gceannas ranganna amhránaíochta san Ard-Chraobh agus i gCraobh an Chéitinnigh agus ba é a bhí freagrach as an bhfoghraíocht ag Córan Oireachtais i dtús an chéid
Faoi cheann ceithre bliana bheadh an bheirt ógfhear sin marbh den eitinn. Bhí Séamus i láthair ag cruinniú den Ard-Chraobh 28 Nollaig 1894 chun léitheoireacht as an Irisleabhar a thabhairt
D’éag sé ann 10 Nollaig 1952 agus is ann a cuireadh é. Dhéanadh sé freastal ar rang Shinéad de Valera [q.v.] san Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge
Chomh fada siar le samhradh 1896 d’fhan sé seacht seachtain ann agus thug tuairisc ar a shaoire san Ard-Chraobh
D’imigh sé ar ais go Béal Feirste ach bhí athrú mór ar an saol ansin toisc na críochdheighilte. In Aibreán 1931 bhíothas tar éis cúpla cruinniú a thionól i gColáiste na Nua-Ghaeilge, Baile Átha Cliath, chun a éileamh go gcuirí scoil ar bun faoi stiúradh Hardebeck chun cúram a dhéanamh den cheol Gaelach agus bhí an t-éileamh céanna ina ábhar rúin ag an Ard-Chraobh ar chlár Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an bhliain sin
Glacadh leis mar bhall d’Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge i nDeireadh Fómhair 1899
Faoi Dheireadh Fómhair 1900 bhí sé ina bhall d'Ard-Chraobh an Chonartha (An Claidheamh Soluis, 13 Deireadh Fómhair 1900, lch 490)
D’fháiltigh Ard-Chraobh an Chonartha roimhe ar 24ú den mhí sin agus chuir sé síos dóibh ar staid na gluaiseachta i Meiriceá
Bhí sé ina stiúrthóir ceoil ag Ard-Chraobh an Chonartha agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais
“The Turning of the Tide” ba theideal do léacht an Athar Yorke (Ó hEirc a thugadh an Dr de Hindeberg[q.v.] air) ar 6 Meán Fómhair 1899 san Antient Concert Rooms i mBaile Átha Cliath faoi choimirce Ard-Chraobh an Chonartha
Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó, ina uachtarán ar An Fáinne (1925–27) agus ina Leas-Uachtarán san Ard-Chraobh ó 1929 amach. ‘An Buachaillín Buidhe’ an t-ainm cleite a d’úsáideadh sé
Rugadh Bríd in 1912. Bhíodh rang aige san Ard-Chraobh anuas go dtí sé mhí roimh a bhás
D’fhan sé ansiúd go dtí an lá cinniúnach úd i 1922. Riamh ón uair a cheangail sé leis an Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge sna 1890idí chaith sá a dhúthracht ar fad leis an teanga
Léigh sé páipéar san Ard-Chraobh 11 Aibreán 1900 faoin leathnú a bhí tagtha ar an gConradh ó thug an tAthair Yorke an léacht úd agus dúirt nach raibh lá nach dtagadh daoine isteach i seomraí an Chonartha mar gheall ar an spéis nua seo sa teanga
Bhíodh sé ag múineadh i ranganna Ard-Chraobh an Chonartha
He spoke French, German and Irish with a very pure accent’. Chláraigh sé mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge 13 Meán Fómhair 1899
Ceapadh é ina rúnaí ar an Ard-Chraobh agus bhí sé ar dhuine dá dteachtaí chuig Ardfheiseanna 1915 agus 1916
Tá tuairisc ‘faoi rún’ a chuir sí chuig Ard-Rúnaí an Chonartha, Proinsias Ó Fathaigh [q.v.] i gcló ag Aindrias Ó Muimhneacháin inDóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–1932. I 1928 bhí sí ina rúnaí ar an Ard-Chraobh agus tá an nóta seo fúithi in An Tír, Meitheamh 1928: ‘D’éirigh Caitlín Nic Ghabhann as rúnaíocht na hArd-Chraoibhe tá cúpla mí ó shin le iomlán a cuid ama a thabhairt do Dhia amháin
Ba é a mhúin ceird na haisteoireachta do Mháire; ó Frank Fay a d’fhoghlaim sí an deaslabhra. Chláraigh sí mar bhall d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ar 21 Feabhra 1900 (An Claidheamh Soluis 3 Márta 1900)
Bhí sé i láthair ag Feis Ghobnatan, Baile Bhuirne, thar ceann Chonradh Londan, dar leis An Claidheamh Soluis 12 Lúnasa 1899, agus tuairiscíodh gur cláraíodh é mar bhall den Ard-Chraobh 13 Meán Fómhair na bliana céanna
Is aicisean a bhíodh An Craoibhín ar cuairt. Cheangail Mary le hArd-Chraobh Chonradh na Gaeilge ar 7 Márta 1899 (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1899) agus glacadh léi mar bhall de Chraobh Londan ar 22 Aibreán 1901 (ibid 11 Bealtaine 1901)
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 4 Márta 1916 go raibh Alf Sommerfelt ó Christiania ag cruinniú de Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge agus go raibh ocht mí caite aige i nDún na nGall
Cláraíodh é mar bhall de Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge agus ba iad Donncha Ó Liatháin [q.v.], Éamonn Ceannt [q.v.] agus Sinéad Ní Fhlannagáin a bhí ag teagasc Gaeilge dó ansiúd