Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí Toirdhealbhach óg pósta ar Mary O'Rorke a bhí síolraithe ó Bhrian Ó Ruairc na Múrtha, agus ar neacht léi Mallaí Ní Ruairc, máthair Chathail Uí Chonchubhair [B6], Béal Átha na gCarr; is de bharr na cabhrach a fuair siad ó Thoirdhealbhach a d’éirigh leis na Conchubharaigh greim a choimeád ar 700 acra i mBéal Átha na gCarr. Thugtaí Toirdhealbhach Caoch agus ‘Blind McDonagh’ nó an Cabhnsailéir air