Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí scoil scairte ar bun ag a mhuintir i Loch an Oileáin, Co ··· Ach in Samuel Ferguson: beatha agus saothar, 1993 déanann Gréagóir Ó Dúill talamh slán de gurbh é an Loingseach a bhí ag múineadh Gaeilge sna luath-thríochaidí do Ferguson, do Thomas O’Hagan (1812-85) agus do George Fox agus gur fhág sin ‘gur mar phíosa grinn a roghnaigh Ferguson agus a chomhdhalta Fox an chéad amhrán Gaeilge a d’éirigh leo a aistriú, a bhfuil cáil air mar “The County of Mayo”.’ I dtaifid pharóiste Loch an Oileáin d’aimsigh Mac Giolla Fhinnéin Pat Lynch a d’éag an 27 Samhain 1838 agus ba dhóigh leis gurbh é seo an Pádraig s’againne ··· ‘Nuair nach bhfuil a dhath scríofa fá imeachtaí na mblianta i ndiaidh 1803, táimid ag brath ar fad ar an tseanchas béil sa cheantar a deir gur phill Ó Loingsigh ar Loch an Oileáin agus gur ann a fuair sé bás agus aois mhór air ach ní hinstear cá huair a phill sé ··· Tá tagairt i Leabhar na mBaistí, na bPóstaí agus na mBreitheanna i Loch an Oileáin gur cuireadh Pat Lynch ar 27/11/1838 sa tsean reilig sa pharóiste agus tá cruthú ann gur seo Pádraig Ó Loingsigh, an “professor of Irish” a thug an fhianaise ag triail an Ruiséalaigh’