Rannpháirtithe

Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, ó 2009 i leith, i gcomhar le:

  • Cló Iar-Chonnacht
  • an painéal comheagarthóirí
  • Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis

Tá liosta foirne Gaois ar fáil anseo.

Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán digitiú an ábhair agus forbairt ainm.ie sa tréimhse 2009–2013, mar aon le hóstáil agus cothabháil theicniúil an tsuímh ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge ó 2014 i leith.

authors

Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú

DIARMUID BREATHNACH

I gCill tSíomóin, Co. Chill Mhantáin, a rugadh é ar an 5 Lúnasa 1930. Bunscolaíocht (Bré); meánscolaíocht (na Bráithre Críostaí san Áras Brianach agus i nDún Laoghaire). Chuaigh le leabharlannaíocht (An Chomhairle Leabharlann; Bré; Leabharlann Cho. Chill Chainnigh; RTÉ). FLAI (Cumann Leabharlann na hÉireann). Dochtúireacht oinigh 2002 (Ollscoil na hÉireann). Foilseacháin: Almanag Éireannach (1981); Almanag Éireannach 2 (2001); Beathaisnéis 1-9 (1986–2007) (i bpáirt le Máire Ní Mhurchú); Titim agus Éirí (2013). Aistriúchán: Lámhleabhar Ginearálta don Cheoltóir (1973) leis an tSiúr Cecily OP.

MÁIRE NÍ MHURCHÚ

Sa Stúinín, Co. Chill Chainnigh, a rugadh í ar an 4 Lúnasa 1932. Bunscolaíocht (Muing Mhic Óda agus Baile Mhic Andáin); meánscolaíocht (Coláiste na Toirbhearta, Móinteach Mílic, Co. Laoise). Post sa státseirbhís agus ansin in RTÉ. Cháiligh mar leabharlannaí (FLAI Chumann Leabharlann na hÉireann). Dochtúireacht oinigh 2002 (Ollscoil na hÉireann). Foilseacháin: Beathaisnéis 1-9 (1986–2007) (i bpáirt le Diarmuid Breathnach).

Comheagarthóirí

Bunaíodh painéal comheagarthóirí i mí Eanáir 2013 le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus cinn úra a scríobh. Is iad seo thíos na baill reatha.

LILLIS Ó LAOIRE

AN T-OLLAMH LILLIS Ó LAOIRE (OÉ GAILLIMH)

Rugadh agus tógadh Lillis Ó Laoire i nGaeltacht Thír Chonaill. Chaith sé roinnt mhaith blianta ag múineadh in Ollscoil Luimnigh agus tá sé anois ina léachtóir le Gaeilge agus le Béaloideas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

MÁRTAN Ó CIARDHA

MÁRTAN Ó CIARDHA (IRISEOIR/CRAOLTÓIR)

Iriseoir é Mártan Ó Ciardha a fuair a chuid oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gColáiste Iarfhlatha Naofa, Tuaim, agus i Scoil Shailearna sna hAille. Chaith sé os cionn 30 bliain ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá obair déanta aige freisin do TG4, do RTÉ agus do na meáin chlóite i nGaeilge agus i mBéarla.

ÉILIS NÍ ANLUAIN

ÉILIS NÍ ANLUAIN (SCRÍBHNEOIR)

Chaith Éilis Ní Anluain tamall mar thaighdeoir in RTÉ agus mar mhúinteoir meánscoile. Colúnaí ó 2004 ar an Irish Times, eagarthóir Aghaidheanna Fidil agus Púiciní (2009) le Muiris Mac Conghail agus Creidim Fós (2013) le hEoghan Ó hAnluain, agus údar an úrscéil Filleann Seoirse (2011).

SEÁN MAC LABHRAÍ

SEÁN MAC LABHRAÍ (IARLÉACHTÓIR, COLÁISTE OLLSCOILE NAOMH MUIRE, BÉAL FEIRSTE)

Tá B.A. sa Léann Éireannach ag Seán Mac Labhraí ó Ollscoil Uladh (1981) agus M.A. i litríocht na Gaeilge faoi stiúir Bhreandáin Uí Bhuachalla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1987). Tá suim faoi leith aige sa nualitríocht chomhaimseartha agus i litríocht na Gaeilge san ochtú haois déag. Bhí sé ina eagarthóir ar An áit a n-ólann an t-uan an bainne (2008) agus Anam na teanga (2012). Tá ailt leis foilsithe ar Seanchas Ard Mhacha, Taighde agus Teagasc, Éigse Loch Lao, Clogher Record agus Donegal Annual. Tá píosaí déanta aige don teilifís agus don raidió leis an BBC, macasamhail Ar mo bhealach féin clár ar thuras Sheosaimh Mhic Grianna sa Bhreatain Bheag in 1934.

Bhí an tOllamh Regina Uí Chollatáin (UCD) agus an tOllamh Fionntán de Brún (NUIM) mar chomheagarthóirí ar an tionscadal ó 2013 go 2016. Tá beathaí áirithe scríofa ag údair eile agus tá siadsan luaite ag bun na gcuntas.