Cóipcheart

Is féidir leas a bhaint as an ábhar atá curtha ar fáil ar an suíomh seo chun críche taighde ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig ainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Tagairt a dhéanamh do bheathaí ar ainm.ie

Seo a leanas treoir ghinearálta maidir le beathaí ar leith ar shuíomh ainm.ie a lua i dtagairtí acadúla. Is ceart an t-eolas seo a thabhairt:

  • Úda(i)r: Tabhair faoi deara gurb iad Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú na húdair mura sonraítear a mhalairt ag bun na beatha.
  • Teideal na beatha: e.g. ‘Ó Droighneáin, Micheál (1889–1964)’.
  • Ainm an tsuímh: ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.

Moltar gan bliain foilsithe a lua óir is ciclipéid ar líne atá in ainm.ie a mbítear ag cur léi agus á coigeartú go leanúnach. Chomh maith leis sin, tá cóiriú eagarthóireachta déanta ar na beathaí sa leagan seo ar líne. Ní gá, mar sin, gurb ionann go díreach sliocht as beatha áirithe in ainm.ie agus a bhfuil sa bhuntéacs sa tsraith leabhar Beathaisnéis.

Tagairt iomlán
Breathnach, Diarmuid & Ní Mhurchú, Máire, ‘Ó Droighneáin, Micheál (1889–1964)’, in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge [faighte ar an 18 Meitheamh 2019].
Ó Ciardha, Mártan, ‘Páidí Ó Sé (1955–2012)’, in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge [faighte ar an 18 Meitheamh 2019].

Tagairt ghearr
‘…agus d’fhoilsigh sí úrscéal eile faoin ainm cleite “F. Winthrop” (Breathnach & Ní Mhurchú, g.d.).’

Sonraí: © Cló Iar-Chonnacht 2021

Réiteach teicniúil: © Gaois 2021