Líon alt a aimsíodh: 21
Deir Mac Con Iomaire: ‘Is de bharr a chuid oibre i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn re órga na Comhdhála i gcaogaidí an chéid seo chaite, is mó a bheas cuimhne ar Thomás Mac Gabhann, go háirithe de bharr gurbh é a bhunaigh Club Leabhar na Sóisear chun léitheoireacht na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc daltaí meánscoile na tíre.’ B’fhéidir a rá gurbh é fear an lucht oibre é i measc oibrithe lánaimseartha ghluaiseacht na Gaeilge ··· Deir Mac Con Iomaire, agus é ag tagairt do bhanchéile Thomáis, Teresa Brennan as Dúthamhlacht in aice le Baile na Lorgan: ‘Dhíoladh an bheirt acu trí dhosaen cóip sa tseachtain de Inniu nuair a tháinig an nuachtán sin amach ar dtús.’ Chaith Tomás tréimhse i gCathair na Mart mar a gcuirtí an páipéar i gcló ó 1949 amach ··· Tugann Liam Mac Con Iomaire ómós dó in Foinse 12 Deireadh Fómhair 2003 agus tá cuntas air i leathanach na marbh san Irish Times 11 Deireadh Fómhair 2003 ··· Gheofar cuntas ar an gcairdeas a bhí eatarthu agus ar obair sin na beirte sa Chomhdháil in Breandán Ó hEithir: iomramh aonair, 2000 le Liam Mac Con Iomaire ··· Bhaile Átha Cliath, i 1957 agus Tomás agus an Drisceolach páirteach ann
Tar éis bunoideachais cuireadh go Coláiste Choill Chluana Gabhann é (1890-1893) agus ansin chláraigh sé mar mhac léinn i nDámh an Leighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ··· Scríobhadh péire beathaisnéis: The O’Rahilly (1967) le Marcus Bourke; Winding the clock: O’Rahilly and the 1916 Rising (1991) lena mhac Aodogán O’Rahilly ··· Bhí seisean síolraithe go díreach ó athair Aogáin Uí Rathaille, file, agus deartháir leis ba ea Tomás, athair Thomáis Uí Rathile[B2] agus Shisile Ní Rathaille[B2] ··· Thaithíodh sé an Stad, siopa tobac Chathail Mhic Gharbhaigh[B2] ··· Fuair a chéad mhac bás in 1903 agus bhí baint aige sin leis an aistriú a rinne siad go Brighton ar dtús agus ansin go Londain
In Ríocht na Mí, 1999 tá aiste ag Séamus Mac Gabhann, ‘Dr Paul O’Brien of Cormeen (1763-1820), folk poet and Maynooth professor’ ··· Deir Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille 1972: ‘The language in his later poems becomes stilted and includes many literary words no longer current in ordinary speech ··· In fact this legacy was not paid to the trustees until June, 1820, after a lawsuit which began in 1815.’ Deirtear in Warburton’s History of Dublin, 1815, sa tagairt do ghanntanas na sagart le Gaeilge: ‘To remedy this a pious scrivener, of the name of Keenan, sunk one thousand pounds of his hard-earned property, the produce of a long, laborious and economical life, for £60 per annum to support an Irish professor “for teaching and instructing the students of the College of Maynooth the Irish language in the Irish character”.’ Dhealródh sé ar shliocht as The Life of Archbishop Crolly of Armagh, 1851 le George Crolly, atá i gcló ag Ó Muirithe, gur mhisnigh Ó Briain mic léinn, ollúna óga agus léachtóirí sóisearacha chun Gaeilge a labhairt os ard i bproinnteach an Choláiste, fiú mura raibh ach beagán den teanga ar eolas acu—an Fhraincis is mó a labhraíodh cuid mhór de na hollúna ··· Bhí sé ar cheann de na leabhair a chaill Tomás Rua Ó Súilleabháin[q.v.] i gcuan Bhéil Inse: ‘Bhí Pól Ó Briain an t-eagna, / Go soiléir chuir Gaeilge in anachruth, / Thug riala laoithe is leabhartha / Do chách le léamh’ (‘Amhrán na Leabhar’); ‘Who put Irish into shape for us’ an t-aistriú a rinne Corish ar an dara líne ann ··· His private character was most estimable.’ Scríobh Ó Longáin, Mac Giolla Choille[q.v.] agus filí eile marbhnaí
Chuir Tomás Máirtín agus a dheartháireacha go Coláiste Choill Chluana Gabhann ··· ‘In the early years of Saorstát Éireann the city’s [Gaillimh] most prominent politician was Máirtin Mór Mac Donough’, a dúirt Breandán Ó hEithir in Irish Times 4 Feabhra 1984 ··· B’as an Droim, Leitir Móir, dá athair Tomás agus b’as Árainn dá mháthair ··· Fear cliste gnótha chomh fada siar le lár an 19ú haois ba ea Tomás ··· Is mar seo atá an cur síos ar an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Tomás (65), ceannaí, feirmeoir agus giúistís, baintreach fir; Máirtin (30); Thomas (27); Mary Anne (22); Kate (20)
Chorcaí, é; agus Brian Mac Gabhann, as Baile Chruaich, Co ··· Bhí beirt eile a chuidigh go mór leis: Domhnall Ó Mathúna, siopadóir i Newcastle, ar chainteoir dúchais Gaeilge ó cheantar Chúirt Mhic Shéafraidh, Co ··· Rinne Brian agus Tomás margadh le chéile: mhúin Tomás léamh agus scríobh na Gaeilge dósan agus d’fhoghlaim sé ceartfhuaimeanna na Gaeilge ó Bhrian ··· ‘Is amhlaidh san a tharla gurbh í canúint Mhaigh Eo is mó chleachtaíodh Tomás, cé go raibh ard-eolas aige ar na canúintí go léir’, a dúirt Ó Muimhneacháin ··· Thart ar 1908 a bunaíodh craobh den Chonradh i Newcastle-upon-Tyne agus toisc níos mó eolais a bheith ag Tomás ar léamh na Gaeilge ná bhí ag aon duine eile sa rang ba é a bhí ina mhúinteoir
Mar seo a chuir Tomás Ó Fiaich síos air in Reportorium Novum, Iml ··· 2, 1960 (‘Dán ar Phádraig Mac Síomóin’): ‘Múinteoir fáin agus lámhscríobhaí torthúil a bhí ann agus tá níos mó LSS Gaeilge dá pheannaireacht ar fáil inniú ná mar atá de shaothar scríobhaí ar bith eile de chuid an Tuaiscirt san 18ú haois.’ B’fhéidir gurbh as Co ··· Mac Gorman’ a thugadh sé air féin go luath ina shaol, ansin Gorman agus ag deireadh O’Gorman; deir Nessa Ní Shéaghdha in Eighteenth Century Ireland, Iml ··· Bhí Cathal Ó Conchubhair [q.v.], Thomas Leland, Charles Vallancey [q.v.] agus Tomás Ó Gormáin mar phátrúin aige ··· Gabhann Charlotte Brooke[q.v.] buíochas leis in Reliques of Irish Poetry as dánta a athscríobh di agus tuairimíonn McCaughey gur baineadh úsáid as an ‘Phrasebook’ in Bolg an tSolair
Dúirt sé leis an nGlaisneach gur thug Tomás Mac Anna, fear amharclainne, cuairt ar a athair i samhradh 1951 agus gurbh eisean a chuir in aithne é do Earnán de Blaghd[B5] a d’fhostaigh é in Amharclann na Mainistreach mar ábhar aisteora agus ‘ina rúnaí, ina thimire, ina theachtaire’ ag Mac Anna ··· Liam Mac Gabhann, iriseoir cáiliúil in Scéala Éireann, a chuir in aithne é do Alec Newman agus Jack White san Irish Times agus d’fhaigheadh sé obair uathu ag scríobh ‘Irishman’s Diary’ (mar ‘Pro-Quidnunc’) agus míreanna don ‘Portrait Gallery’ ··· Scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine a raibh cáil an léinn orthu nó stádas bainte amach acu sa saol, agus a bhí cairdiúil le Proinsias féin, na baill go léir nach mór – Liam Ó Briain, Eibhlín Ní Bhriain[B8], Donal Foley[B4], Máirtín Ó Cadhain, Dáithí Ó hUaithne, Annraoi Ó Liatháin[B1], Tomás Diolún [B2], Criostóir Mac Aonghusa, Tomás de Bhaldraithe, Máire de Paor, Breandán Ó hEithir, Liam de Paor, Art Ó Beoláin ..., gan ach na mairbh in Beathaisnéis a liostú ··· Tá eolas ar a shaol anuas go 1972 ar fáil in ‘Proinsias Mac Aonghusa ag Comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 21 Aibreán 1972 ··· na Gaillimhe, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Criostóir Mac Aonghusa [B8] agus Mairéad de Lappe
I mbrollach An Bíobla Naofa, 1981 gabhann Pádraig Ó Fiannachta buíochas leis an bhForas agus le Mac Thiarnáin as a dtacaíocht fhial ··· Tá eolas ina thaobh: sa léacht a thug sé um Meán Fómhair 1987 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus atá ‘athchlóite mar ar scríobh sé í sa seanchló Gaelach’ in “Is treise dúchas ná oiliúint”: Eoghan Mac Tighearnáin, Ollamh Meiriocánach Gaelach agus conas mar a bhunaigh sé an Foras Cultúir Gaeil-Mheiriocánach, 1987 (Comharchumann Íde Naofa, Áras Íde, Faing, a d’fhoilsigh); in Dreamers of dreams: portraits of the Irish in America, 1984 le Donal O’Donovan; in The Irish Times 24 Iúil 2004; i bpíosa ómóis le ‘N ··· Sa réamhrá leis an léacht deir Risteard Mac Siacuis[B8] gurbh í Máiréad Nic Dhonnchadha a chéad mhúinteoir Gaeilge ··· Anuas go 1959 bhí sé ina cheann ar roinn an Bhéarla in Ollscoil Stáit Manhattan ach d’aistrigh ansin go Coláiste Ollscoile San Tomás in St ··· Roimh dhul isteach sa phost nua sin fuair sé an deis naoi mí a chaitheamh in Éirinn in éineacht lena bhean agus a naonúr clainne (triúr mac agus seisear iníonacha)
Rinne Séamus Mac Gabhann agallamh cuimsitheach leis an scríbhneoir/staraí seo in Ríocht na Mídhe 17 (2006) agus tá cuntas gairid air in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (1998), in eagar ag Gearóidín Uí Nia ··· ‘It all added up to a deprived, miserable existence…,’ a dúirt Pádraig le Séamus Mac Gabhann ··· Mac Gabhann, S ··· Fear meánaosta a athair Tomás ag am a phósta agus, nuair a d’éag sé in aois 57 dó, is ar a bhaintreach Anne Maria (Ní Dhufaigh) a thit cúram a n-ochtar leanaí ··· There appears to be a great stigma attached (by the academics, of course), to those historians who come in by the back door, as it were… Bhí sé pósta ar Mary Jones agus rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh
Phós Geraldine Tomás Diolún [B2]; phós Philomena Diarmaid Ó Laoghaire agus mac leosan an scannánaí Colm Ó Laoghaire; bhí cáil an phoblachtánachais ar Sheoirse (d’éag ar 21 Eanáir 1944) agus ar Jack (d’éag 1962) ··· Bhí sé ina dhiaidh sin i Scoil na nOblátach i Sráid an Mhóta Uachtaraigh, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann ··· Mac leis ba ea Joseph Mary Plunkett (1887–1916)
Cuireadh amach arís é i leabhar Aodha Mhic Chruitin[q.v.], The Elements of the Irish Language Grammatically Explained in English, 1728 ··· Níl eolas ar a bheatha sa chuntas gairid atá ag Tomás Ó Cléirigh in Aodh MacAingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lováin, 1935 agus níl le rá ag Colm Ó Lochlainn[B4] sa nóta a chuir sé le Tobar Fíorghlan Gaedhilge: deismireachta na teanga 1450–1853 , 1939 ach go raibh sé ina ab ar mhainistir Chill Manach, Co ··· Gabhann sé buíochas leis na Froinsiasaigh Giolla Brighde Ó hEodhasa[q.v.] agus Antoin Gearnon[q.v.]
Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu agus ba é Risteard an dara duine clainne ··· ‘Deir Tomás, a dheartháir, ná raibh ach feirm ná raibh rómhór ag a mhuintir, ach gur bean tíosach ab ea a mháthair—bean dearthúil a bhfuil cuimhne fós ar a flaithiúlacht leis na boicht—agus go raibh gamhain beathuithe i gcóir don mhargadh aici nuair a bhí na costaisí beaga breise a bhain le fear óg a chuir chun na hiolscoile ag glaoch orthu’ (Nic Dhonnchadha) ··· Gabhann sé buíochas sa leabhar le Pádraig, le Micheál Turraoin (‘Maidhc Dháith) [B5] agus le Micheál Ó Cionnfhaolaidh[B4]
Bíonn tagairtí dó in An Claidheamh Soluis: gur bhuaigh sé scoláireacht Mhic Ghiolla i gColáiste Choill Chluana Gabhann toisc a fheabhas a bhí na marcanna sa Ghaeilge aige (26 Deireadh Fómhair 1907); go raibh sé ina rúnaí ag Ciste na Teanga i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (31 Iúil 1909) ··· Aturnae ba ea mac eile leis, Gearailt, agus maraíodh a mhac Aodh sa Fhrainc i gCogadh 1914–18 ··· Bhí seisear mac acu ··· Sa chuntas ar Chlár Chlainne Mhuiris sa Chlaidheamh ar 14 Deireadh Fómhair 1899 tá an tagairt seo ag Tomás Ó Concheanainn [B2]: ‘Níl Clár Chlainne Mhuiris chomh Gaelach leis an oíche úd a chodail Raiftearaí ann, ach muna bhfuil tá Gaeil mhaithe fós ann... ··· Mac leis ba ea Conchubhar Alasdar Maguidhir (1889–26 Meán Fómhair 1971) a bhí ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1962
D’éag Micí Mac Gabhann ar an gCaiseal ar an 29 Samhain 1948 ··· Tomás a athair agus Bríd Ní Chanainn a mháthair
Chuaigh Tomás go dtí an scoil náisiúnta agus as sin ar feadh bliana go dtí Coláiste Naithí i mBealach an Doirín ··· Bhí sé i gColáiste Choill Chluana Gabhann ansin go dtí go ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Banríona i gCorcaigh in aois 16 bliana dó ··· Ba é Tomás ionadaí Bhráithreachas na Poblachta i Sinn Féin, é ina rúnaí oinigh i 1917 agus ina bhall den choiste gnó ó 1917 go 1922 ··· Shuigh sé an dráma in iarthar na hÉireann agus is cosúil go raibh baint an-mhór ag Proinsias Mac Diarmuda sa Taibhdhearc lena fheabhas agus lena ghreannmhaire a bhí sé ··· Bhí Tomás ar choiste na Taibhdheirce ar feadh tamaill
Tháinig Pádraig Archer [q.v.] ó Gloucester agus bhí ann freisin Séamus Ó Fiannachta [q.v.], an Dr Marcas Ó Roighin [B1], Art Ó Griofa, Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] [q.v.], Pádraig Ó hAichir [q.v.], Séamus Mac a’Bhaird[q.v.], Donnchadh Ó Liatháin [q.v.] ó Bhéal Feirste, Dónall Ó Duibhne ón Spidéal, Éamonn Ó Néill [q.v.] ó Chionn tSáile, Tomás Ó hAodha[B2] agus go leor eile ··· Phós sé Catherine Lough (Cáit de Loch) ó Bhéal Feirste go luath sna 1890idí agus rugadh ceathrar mac dóibh: Sammy nó Somhairle a bhí i Scoil Éanna agus a bhuaigh an chéad duais don amhránaíocht ar an sean-nós ag Feis Laighean i 1902, Cathal óg a bhuaigh bonn óir ag an bhFeis Cheoil, Colm a bhfuil fógra a bhreithe i nGaeilge in An Claidheamh Soluis ar 9 Márta 1901, agus Jack ··· Shíl a mhac Cathal (a rugadh in 1896 agus a bhí fós ina bheatha i Newcastle-on-Tyne um Nollaig 1988) gur le cabhair Chonradh na Gaeilge a bhí an siopa ar cíos aige, nárbh acmhainn dó féin é ··· Bhíodh cruinnithe Chumann na bPíobairí ar siúl ann freisin, Rowsome agus Pádraig Mac an Fhailghe ag teagasc ceoil agus Archer ag teagasc rince ··· Ní túisce a bhíonn píopa tobac caite ag Tadhg Ó Donnchadha ná a chuireann sé a lámh ar a éadan agus – ’sí an fhírinne ghlan í – gabhann sé amhrán úrnua, agus bíonn an scéal céanna ag mórán daoine eile
Chaith sé 1895–7 ag múineadh i gColáiste na Mungairte i Luimneach agus 1898–1900 i gColáiste Choill Chluana Gabhann ··· Bhí an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn[q.v.] ag múineadh ansin freisin, é ag ullmhú eagráin de dhánta Sheathrúin Céitinn ag an am ··· B’fhéidir go mbíodh ball den Chumann i gColáiste Choill Chluana Gabhann á shíorcheartú ··· Sa tréimhse 1900–09 foilsíodh tuairim 30 leabhar dá chuid: úrscéal; drámaí; eagráin de shaothar fileata Uí Rathaille, Eoghain Rua Uí Shúilleabháin, Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin, Mhic Dhomhnaill, Uí Dhonnchadha an Ghleanna, Fheirtéir, fhilí na Máighe; imleabhair a dó agus a trí den Foras feasa ar Éirinn; Foclóir Gaedhilge agus Béarla i 1904; saothar ilghnéitheach ··· Chuir sé tús lena shaothar ar fhoclóir 1904 nuair a d’iarr Cumann na Scríbheann Gaeilge air dul ina bhun tar éis gurbh éigean don Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] agus Dáithí Coimín[B2] éirí as cheal ama, agus ansin Eoin Mac Néill
That strict grammarian Dr Mac Énrí[B2] told us on one occasion that many of our best writers, even among the native speakers, make slips in their grammar, but Caitlín Nic Ghabhann never makes a mistake’ ··· Liatroma: Seaghán Ó Beirn (30); Eithne, Bean Uí Bheirn (38); Caitlín Nic Gabhann (27) ··· I nGaeilge a líonadh isteach na sonraí seo: go raibh Gaeilge agus Béarla ag Seághan Ó Beirn agus faoi Chaitlín Nic Gabhann, gur bean singil í, gur múinteoir Gaeilge í, agus gurbh i gContae Chill Mhantáin a rugadh í ··· We doubt, however, if any worker in the London Gaelic League ever earned the enthusiastic praise of her fellows more fully than Caitlín Nic Ghabhann ··· Tá deimhniú air sin ag Mac Énrí in aiste in Freeman’s Journal 16 Iúil 1917: ‘..
Is mar seo a bhí acu i nDaonáireamh 1901 i Sráid an Chaisleáin: Thomas (75), ceannaí ginearálta; Anne (55); a mac Joseph (28), ardbhainisteoir a raibh céim mháistir aige ón Ollscoil Ríoga; a n-iníon Anne (18) ··· I nGaeilge a líon Seosamh an fhoirm i 1911: Seosamh Tomás Ó Dóláin (39), grósaeir; a aint Úna Ní Shiochrú (45) ··· Bhí sé ar scoil sa Tulach Bheag agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann ··· Go gairid sula bhfuair sé bás scríobh sé chuig Bean Mhic Phiarais le rá nár mhian leis go dtabharfaí ar ais dó den iasacht a bhí tugtha aige ach cibé airgead a bheadh fágtha nuair a bheadh soláthar déanta di féin agus dá hiníon
Leabhair a bhfuil trácht iontu ar a dhánta grá is ea: Lorg na hiasachta ar na dánta grá (1989) le Micheál Mac Craith agus An grá i bhfilíocht na n-uaisle (1988) le Seán Ó Tuama ··· Foilsíodh A bhean óg ón … (2001) le Máire Mhac an tSaoi ··· In 1641 ceapadh Pádraigín Mac Muiris, Tiarna Chiarraí, ina ghobharnóir ar Chontae Chiarraí thar ceann an rí, tugadh airm agus saighdiúiri dó agus cead chun dlí cogaidh a chur i bhfeidhm ··· Gan amhras b’fhéidir do Phiaras a áitiú gur ar son an rí a bhí Gaeil ag troid agus dá réir sin gur dóibh a thug sé tacaíocht: rinne duine nó beirt de leasdeatháireacha Mhic Mhuiris féin an rud céanna ··· Ag tagairt don líne ‘Cuirfead bannaidhe ón rígh ort’ i gceann dá dhánta deir Michéal Mac Craith: ‘is léir ón gcaoi neamhchúiseach a ndeirtear na focail seo gur chreid an file gurbh é an rí, rí Shasana, foinse an údaráis agus an smachta
I nDaonáireamh 1901 bhí na daoine seo a leanas sa teach i i nGort na Croise: Thomas (53), feirmeoir agus giúistís síochána, a rugadh san Astráil; Alice (50), a bhean, a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Bridget (24), iníon feirmeora; James (19), mac feirmeora; Vincent (15), scoláire ··· In The Nenagh Guardian i ndiaidh bhás Thaidhg deirtear go raibh a sheanathair John Gleeson (1814-1878) cairdiúil ina óige le Tomás Dáibhís nuair a thugadh seisean cuairt in 1825-34 ar a uncail, an tUrramach Hastings Atkins, i dTeampall Doire ··· Fuair Timothy meánscolaíocht sa Tulaigh Bheag agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann ··· Chaith sé 1894-1901 agus 1904-1906 ina mháistir clasaiceach i gCoill Chluana Gabhann agus i Stonyhurst