Líon alt a aimsíodh: 37
Mar aguisín sa leabhar tá leagan de chuid den eachtra as lámhscríbhinn in Acadamh Ríoga na hÉireann a bhfuil an dáta 1754 leis (cé gurb é 1782 an dáta ceart dar le hÉamonn Ó Tuathail[B2] in Éigse, samhradh 1939); deir Nic Philibín faoi: ‘Is cosúil go bhfuil an chóip seo níos bunúsaí ná cóip Uí Fhearghail agus gur díreach as scríbhinn an údair a tarraingíodh í, gan aon “chomaoin a chur ar an aisde”.’ D’aistrigh Adrian Kenny na dánta agus eile go Béarla in An Caisideach Bán: the Song and Adventures of Tomás Ó Casaide, 1993 ··· Tá beagáinin eile eolais, go háirithe ar mhuintir Chaiside, agus ar an áit cois na hÉirne arbh as iad, ag Éamonn Ó Tuathail sa léirmheas a rinne sé ar leabhar Mhairghréad Nic Philibín in Éigse, samhradh 1939; tá dánta Éamoinn Uí Chaiside sa leabhar aici freisin agus dearbhaíonn Ó Tuathail go raibh gaol aigsean le Tomás
Rugadh Tomás Ó Rathile ar 11 Samhain 1882 ag 6, An Chearnóg, Lios Tuathail, Co ··· I ndiaidh bunscolaíochta agus tamaill i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, chaith Tomás tréimhse i gColáiste na Carraige Duibhe ··· Thomas Francis Rahilly a athair, fear a fuair gnó ilchineálach rafar i mBéal Átha Longfoirt agus i dTairbeart óna athair agus, nuair a bhí ag teip ar an ngnó sin toisc a throime a bhíodh sé ag ól, a fuair post an chléirigh sa Chúirt Ghearr i Lios Tuathail ··· Rugadh 15 leanbh dóibh agus ba é Tomás an cúigiú duine den 13 a mhair ··· Nuair a d’fhoilsigh an tOllamh Tomás Ó Raghallaigh Filí agus filidheacht Chonnacht (1938) chuir an Rathileach ina leith go raibh a eagráinsean de dhánta ann gan chead agus chaith sé go neamhthrócaireach leis
I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Deir Éamonn Ó Tuathail (idem) go bhfuil sna haistí sin ‘stíl phróis chomh glinn is atá sa nua-Ghaeilge.’ Bhíodh alt in aghaidh na coicíse aige dar teideal ‘Seo is Siúd’ in An Glór 1940-42, iris an Chonartha, faoin ainm sin Ruaidhrí Beag (Prút); in Ón Ulán Ramhar Siar is ‘lagaithris ar Mhyles na gCopaleen’ a thugann sé féin ar na hailt sin ··· Scríobhadh a bheirt deartháireacha filíocht: tá dán le Tomás in Nuabhéarsaíocht, 1950 ag Seán Ó Tuama, agus trí cinn ag Séamas Ó Céileachair[q.v.] in Nuafhilí (1942-1952), 1956 agus tá gearrscéalta leis in An Glór; d’fhoilsítí ábhar le Seán in Ar Aghaidh ··· Bhí feirm bheag 24 acra acu a lig an bhaintreach amach ar cíos; dhéanadh sí cniotáil chun pinginí breise a thuilleamh; ‘Bhí máthair Mháirtín an-oilte ar an obair agus, ó fágadh ina baintreach í, bhíodh sí seasta ag déanamh criosanna agus á ndíol’ (Éamonn Ó Tuathail) ··· Deir Tomás Mac Síomóin (Irish Times 21 Márta 1988): ‘The publication of those early collections marked the birth of modernism in Irish poetry
Ba é Tomás (23) an mac ba shine agus ‘mac feirmeora’ an ghairm bheatha a bhí aige; ag na tuismitheoirí agus ag Tomás amháin a bhí Gaeilge ··· I 1905 thosaigh sé ag múineadh sa choláiste i Lios Tuathail agus i gcraobhacha i Mainistir na Féile, Teampall an Ghleanntáin, Feothanach agus Craobh Mhathúnaigh
Ceapadh an tAthair Brian Ó Críocháin [B3] mar shagart paróiste i gCill Bheagnada i 1927 agus ba é a chuir Tomás in aithne d’Fhionán Mac Coluim [B1], d’Éamonn Ó Tuathail [B2] agus don Athair Eric Mac Fhinn ··· Ar an gcuma sin a d’éirigh sé cairdiúil le Tomás Ó Máille [B3]
Phós sí Tomás Ó Maoláin, Árannach, Rugadh Micheál ar 17 Aibreán 1881 ··· Bhí ar a laghad beirt mhac eile aici, Peadar agus Tomás ··· Is lena mac Tomás, a bhí ina bhúistéir i gCnoc an Línsigh, Co ··· Dúirt Cathal Ó Tuathail [q.v.] in aiste ar Mhicheál in Sunday Independent 6 Bealtaine 1934 gurbh in 1899 a tháinig sé chun cónaithe sa phríomhchathair ··· ‘Choinnigh sé ón am sin dhá cheist os comhair an phobail, mar atá, staid na Gaeltachta agus faillí an Choiste Gnó maidir le tógáil Halla Thomáis Ághas’, a dúirt Cathal Ó Tuathail
Bhíodh seisean ar cuairt ag muintir Uí Thuathail go minic nuair a bhíodh sé ag fanacht lena sheanathair i nGairfeann agus bhí sé ar chomhaois le Tomás, deartháir Mháire, agus an duine ab óige sa teaghlach ··· Ba dhuine í den dáréag clainne ag Seán Ó Tuathail agus Sabina Ní Mháille ··· Duine de mhuintir Uí Mháille Chill Mhaolacháin (feicÓ Máille, Tomás, [B3]) ba ea Sabina, rud a fhágann go raibh gaol aici freisin le Séamus Ó Beirn[B1] ··· Ar na daoine sin ar chuidigh sí leo bhí a fear gaoil Tomás Ó Máille[B3] le linn An Béal Beo bheith á ullmhú aige
Ghlac sé páirt freisin sna drámaí a léiríodh ag an bhFeis, An Deoraí le Lorcán Ó Tuathail agus Áine agus Caoimhín le Tomás Mac Domhnaill[q.v.] (idem 2 Meán Fómhair 1910) ··· Bhí seisear deartháireacha agus triúr deirfiúracha ag Tomás ··· Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ar stailc ocrais le Tomás Ághas[B1] ··· Ceapadh Tomás ina chigire scoile faoin Saorstát i 1922 (Misneach 25 Feabhra 1922)
Phós sé Mary Duffy as an Muileann gCearr ar 10 Meán Fómhair 1888 agus sa Mhuileann gCearr a rugadh Tomás i Lúnasa 1889 ··· Thosaigh Tomás ag obair in oifig dhlíodóra a luaithe a d’fhág sé an bhunscoil ··· Tuairim 1916 thosaigh sé ag freastal ar Choláiste na Nua-Ghaeilge i Sráid Chill Dara, mar a mbíodh rang foghraíochta, agus ar léachtaí a thugadh an tAthair Domhnall Ó Tuathail ar ‘Mhodh na Ráite’ ··· Tomás a bhí freagrach as na heagráin a cuireadh amach i 1945 agus 1947 (Litriú na Gaeilge—Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil) ··· In aiste ar Thomás in Feasta, Eanáir 1956, dúirt Séamas Daltún faoin bhfiontar sin: ‘Thugadh Tomás cuid mhaith dá chreidiúint do dhaoine eile, ach níl aon amhras nach iad a éirimí féin le haghaidh na hoibre a thug críoch fhónta air
Casadh Tomás Bán Ó Concheanainn[B2] air sa Daingean in 1905 ··· Labhair Tomás le Fionán Mac Coluim[B1] agus earcaíodh é mar mhúinteoir taistil ··· Deir Cathal Ó Tuathail[B4] gurbh é an chéad eagarthóir é sa Ghúm (Sunday Independent 4 Samhain 1934) ··· Tá cuntas ar a eagrán de An tOileánach ag Seán Ó Coileáin in ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’ in Scríobh 4, 1979 ··· Is tábhachtaí é ar shlí ná an rud a scríobh Tomás Ó Criomhthain féin
Mar ‘Enyes O Dalye, of Palees’ (1598) agus mar ‘Enos O Dalie’ of ‘Pallice’ (1601) a luadh é i gcáipéisí stáit (‘Irish Poets, Historians, and Judges in English Documents, 1538–1615’ le Tomás Ó Rathile[B2] in Proceedings of the Royal Irish Academy XXXVI, C, 1922) ··· Most of this poem could be applied to the present time.’ Tá sé ag Tomás Ó Flannghaile[B1] in Seacht Sárdhánta Gaedhilge, 1908 agus ag Pádraig Mac Piarais[B4] tá sé ar cheann de na 14 dánta in Songs of the Irish Rebels, 1918 ··· In Éigse, geimhreadh 1942 (‘A Poem for Felim O’Toole’) tá an dán ‘Ná diúlt mh’ionmhuine, a Fhéilim’ in eagar ag Éamonn Ó Tuathail[B2]
Fear Flatha féin dob é ceann na fine é, mar tugtar “Ó Gnímh” air.’ Níl a fhios go cinnte cá raibh cónaí ar a mhuintir i gContae Aontroma; in Éigse, fómhar 1950 tá mír i dtaobh Bhaile Uí Ghnímh in ‘Varia’ le hÉamonn Ó Tuathail[B2] agus tuairimíonn sé: ‘The exact position of Ó Gnímh’s place of residence has not been determined but there can scarcely be any doubt that it was in Co ··· Antrim and in the neighbourhood of Larne, chiefly in the barony of Upper Glenarm in the 17th century.’ Mar áit chónaithe ag filí atá Baile Uí Ghnímh luaite ag Piaras Feiritéar[q.v.] sa dán ‘Oide a ndréachtaibh an dreasfháil’ (in eagar ag Tomás Ó Rathile[B2] in Ériu XIII, 1942) ··· Is iad na cinn is minice a ndéantar trácht orthu: ‘Tairnig éigse fhuinn Ghaoidheal’ (i gcló in Nua-Dhuanaire I); ‘A Niocláis, nocht an gcláirsigh’, ‘Beannacht ar anmain Éireann’, ‘Cuimseach sin, a Fhearghail Óig’, agus ‘Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais’ (in eagar ag Osborn Bergin in Irish Bardic Poetry..., 1970); ag Tomás Ó Rathile in Measgra Dánta 11, 1927 tá ‘Mo thruaighe mar táid Gaoidhil’ agus ‘Beannacht ar anmain Éireann’; ag Láimhbheartach Mac Cionnaith[B2] in Dioghluim Dána, 1938 tá ‘Éireannaigh féin fionnLochlannaigh’
Mhaigh Eo a saolaíodh Máire Ní Thuathail ar an 29 Iúil 1959, an duine ba shine de sheachtar clainne a bhí ag Tomás Ó Tuathail, tábhairneoir agus fear gnó ar an mbaile agus ag a bhean Bríd Nic Giollarnáth, arbh as Bóthar na Trá, taobh amuigh de chathair na Gaillimhe di ó dhúchas ··· Ba i dTamhnach in Eanach Mheáin i gConamara a rugadh a seanathair, Tomás Ó Tuathail, freisin agus bhí gaol i bhfad amach idir é féin agus Sean-Phádraic Ó Conaire ··· Bhí tionchar as cuimse ag Máire Ní Thuathail ar chúrsaí teilifíse i nGaeilge agus bhí saothrú agus ullmhú go leor déanta aici sa réimse go fiú sular bunaíodh Teilifís na Gaeilge in 1996 ··· Sa bhliain 1997 bronnadh an gradam Bean Ghnó Óg na Bliana ar Mháire Ní Thuathail ··· Fiú agus TG4, mar a tugadh ar TnG san athbhrandáil in 1999, ar a chosa, níor laghdaigh an creideamh a bhí ag Máire Ní Thuathail sa tábhacht a bhí le hoiliúint agus le traenáil chun tuilleadh forbartha a chur le hearnáil na teilifíse Gaeltachta agus Gaeilge
I Lios Tuathail, Co ··· I gClochar na Toirbhirte, Lios Tuathail, a cuireadh bunoideachas uirthi ··· Faoi threoir a dearthár Tomás chuir sí eagar ar Five seventeenth century political poems (1946), Eachtra Uilliam (1949) agus Trompa na bhFlaitheas (1955) ··· In Éirinn mholtaí í go hard ar a shéimhe agus a fhoighní a chaitheadh sí le scoláirí óga agus mar dhuine oirirc grástúil i gcontrárthacht le Tomás
Tá an chreidiúint sin agus breis tugtha dó ag Liam agus Tomás Ó Flaithearta’ (Breandán Ó hEithir in ‘Liam Ó Flaithearta agus a dhúchas’, Comhar, Lúnasa 1976) ··· Bhí litir aige in An Claidheamh Soluis 7 Deireadh Fómhair 1899 á chosaint féin ar chúiseamh ina aghaidh a bhí i gcuntas 23 Meán Fómhair ar an timire nuacheaptha Tomás Ó Concheanainn[B2] ··· Tugadh le tuiscint go ndúirt Tomás féin go mbuaileadh an múinteoir é dá ndeireadh sé fiú focail ina theanga dhúchais ··· Is cosúil ó phíosa a scríobh a iardhalta Tomás Ó Flaithearta (i gcló in Aran reader in eagar ag Breandán agus Ruairí Ó hEithir) gurbh fhear crua i mbun ranga é: ‘As the liner sneaked along in the now smooth sea I wondered where my old schoolmaster was, if he was still alive, and if he recollected the many tricks I played on him for which he thrashed me with violence and with demoniacal fury ··· Tomás Ó Flaithearta a bhain an duais
Chiarraí, ar a chéile agus ba ansiúd a saolaíodh an bheirt ba shine clainne a bhí orthu, Mícheál agus Tomás ··· Bhí sé sa mianach freisin, mar ba chol ceathar é le Páidí Tom Long, a bhuaigh boinn Chraobh na hÉireann é féin in 1959 agus 1962 agus bhí a dheartháir Tomás ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na Mionúr in 1963 ··· Ba i Coláiste Mhichíl i Lios Tuathail a chríochnaigh sé a chuid meánscolaíochta, mar go raibh a dheartháir Mícheál ina chónaí ansiúd ag an am
Fuair cuid de na mic bás ina naíonáin ach mhair Tomás, Pádraig agus Riocard; bheadh post an mhúinteora i Saighleán ag Riocard (An Claidheamh Soluis 5 Aibreán 1902 agus Cuimhne an tSeanpháiste) agus bheadh Tomás ina Ollamh le gné den leigheas i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus ina uachtarán ar an gCumann Éigse agus Seanchais sa Choláiste ··· Is timpeall an ama seo a thosaigh a spéis i ngluaiseacht na teanga; bhí páirt aige sa dráma Lá an Chíosa le Labhrás Ó Tuathail [B5] agus bhuaigh duais ar labhairt na Gaeilge ag Feis na Gaillimhe
Ba iníon le Tomás Ó Criomhthain[B5] a mháthair Cáit; ba í a bhí ag foghlaim snámha ar an Trá Bhán sa Bhlascaod ó Eibhlín Nic Niocaill[B2] an lá cinniúnach úd 13 Lúnasa 1909 ··· Bhí feirm mhaith ag a athair Tomás ··· Cnuasach de shaothar ilchineálach is ea Ár leithéidí arís (1978) agus tá ann aistí magúla faoin gcineál litríochta a tháinig as a cheantar féin agus faoi Sheachtain na scríbhneoirí i Lios Tuathail
Ansin fuair sé post i gColáiste Naomh Micheál i Lios Tuathail thart ar 1914/15 ··· Thagadh Tomás Mac Donnchadha ar cuairt chuige agus bhíodh ag foghlaim Gaeilge uaidh ··· Tá sé curtha i Lios Tuathail
I gColáiste na Tríonóide bhí cúrsa onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla á dhéanamh aige agus bhí tionchar ag foireann na Gaeilge air, go háirithe ag Éamonn Ó Tuathail [B2], Seán Beaumont [B1] agus Sorcha Ní Ghuairim [B4] ··· Tharraing sé dímheas cuid dá chomhchreidmhigh air féin trína bheith i láthair, mar agóidí, b’fhéidir, ag an gcruinniú den Language Freedom Movement i dTeach an Ard-Mhaoir 22 Meán Fómhair 1966; ar chuireadh ó Dhónall Ó Móráin [B8] bhí sé ar dhuine de na cainteoirí a labhair ar son na Gaeilge ón ardán an oíche sin (tá cuntas maith aige ar an oíche úd in Tomás Ó Fiaich, 1990) ··· (1978); Don ábhar saoririseora (1980); Raidió na Gaeltachta (1982); Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael (1988); Tomás Ó Fiaich (1990); To Irish Protestants (1991); Dúbhglas de hÍde (1991-93) (2 iml.); Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992 (1992); Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach (1994); Pádraig Ó Fiannachta (1995); Cosslett Ó Cuinn (1996); Niall Brunicardi (1997); Modhaigh: scéal pobail – scéal eaglaise (1999); Denis Ireland (2000); De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge (2000); Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan (2001); Cearbhall Ó Dálaigh (2001); Coláiste Moibhí (2002); Esperanto: teanga idirnáisiúnta (2004); Eagarthóir (2005)
Ó Cochláin in Donegal Annual37, 1985 (‘Hugh O’Donnell of Larkfield’), agus in Éigse, samhradh 1941 ag Éamonn Ó Tuathail [B2] (‘On Hugh O’Donnell of Larkfield’) agus in Éigse, earrach agus samhradh 1939 ag Tomás Ó Cléirigh [B4] (‘A poem book of the O’Donnells’) ··· Tuairimíonn Éamonn Ó Tuathail: ‘Doubtless O’Donnell hoped by these alliances with influential Ascendancy families to ensure that he would be left in possession of the Larkfield property.’ Ní raibh cead ag Caitliceach léas níos faide ná 31 bliain a bheith aige
I Lios Tuathail, Co ··· Bhí Bryan McMahon mar mhúinteoir ag Tim i Lios Tuathail agus cuireadh meánoideachas air i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne ··· Is iad na haistriúcháin a rinne sé: Is truagh ná fanann an óige le Micheál Ó Gaoithín[B5] (A pity youth does not last, 1982); Allagar na hInise le Tomás Ó Criomhthain[B5] (Island cross-talk, pages from a diary, 1986), Lá dár saol le Seán Ó Criomhthain[B5] (A day in our life, 1992)
Tar éis bunoideachais i Lios Eiltín chaith sé tamaill i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, agus i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, roimh dhul go Maigh Nuad dó mar ar oirníodh é i 1946; i Maigh Nuad chuir sé suim ar leith i stair na heaglaise agus i léann na Gaeilge agus bhain BA amach sa léann Ceilteach ··· Ceapadh é ina shagart cúnta ag an Athair Tomás Ó Muircheartaigh i mBaile an Fheirtéaraigh agus, nuair a d’éag seisean i 1966, chaith sé 22 bliain ina shagart paróiste ann
In An tUltach, Feabhra 1954 (‘Dánta de chuid Uladh: An teach a ndearnadh Ballóg De’) deir Éamonn Ó Tuathail[B2]: ‘Is cosúil gur duine amháin an Diarmuid Mac an Bhaird a chum an dán atá i gcló anseo agus an Diarmuid (Mac Laoisigh) Mac an Bhaird a rinne tuireamh ar Thadhg Ó Rodaighe[q.v.] i mbliain a 1689 (Cat ··· In ainneoin filí agus fir léinn níos aitheanta a bheith i dTír Chonaill, nocht Tomás Ó Rathile[B2] an tuairim seo in Proceedings of the Royal Irish Academy XXXVI, C, 1922 (‘Irish Poets, Historians, and Judges in English Documents, 1538–1615’): ‘The family of Mac-an-Bhaird in the sixteenth century were settled in several districts ··· Is dóigh le Ó Tuathail gur faoi áras a bhí ag duine de mhuintir Mhic Mhathghamhna i gContae Mhuineacháin a cumadh an dán atá in eagar aige, ‘Truagh an cor-sa ar ráth na ríogh’
‘An t-oidhre deiridh ar fhilí Oirghialla’ a thug Tomás Ó Fiaich agus Liam Ó Caithnia, eagarthóirí Art Mac Bionaid: dánta (1979) air ··· Tá cuid dá n-ainmneacha i gcló ag Éamonn Ó Tuathail[B2] in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1934
Ar 13 Márta 1921 lámhaigh saighdiúirí a uncail Tomás Ó hAonghusa i bhfeirm in aice Bhun an Tábhairne ··· Nuair a cuireadh i mbun Coláiste na Mumhan sa chathair seo é an chéad bhliain chaith sé an samhradh san go léir ag faire na hoibre ins na coláistí eile Gaeilge (go mór mhór i gColáiste Ó Méith Mara in Ultaibh mar a raibh Módh Múinte an Athar Domhnall Ó Tuathail [B4] ar bun) féachaint an raibh aon ní i dtaobh múineadh ceart na teanga ag dul ó Choláiste na Mumhan’
Bhí sí mar ‘Ard-Chompánach’ ag Cúirt Chuimhne an Phléimionnaigh 26 Meán Fómhair 1902 i Halla na mBuachaillí, Bóthar na bhFál i mBéal Feirste, ag dáileadh duaiseanna agus teistiméireachtaí ar scata a raibh Mary E.Byrne [q.v.], Cathal Brugha, Éamonn Ó Tuathail [B2], Máire Ní Chinnéide [B2], Máire agus Neans de Paor ina measc ··· Déantóirí cóistí i mBaile Átha Cliath ba ea muintir Annie Hutton (d’éag 7 Meitheamh 1853), an bhean a raibh Tomás Daibhís i ngrá léi
Bhí beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Séamas: ba dhuine díobh Tomás Ó Maoileoin nó ‘Seán Forde’, trodaire nótáilte i gCogadh na Saoirse i Luimneach agus i dTiobraid Árann (a bhfuil cuntas ar a bheatha scríofa aige féin in Survivors: the story of Ireland’s struggle as told through some of her outstanding living people .. ··· Chaith sé dhá bhliain ag teagasc Gaeilge agus staire i Scoil na mBráithre ar an mbaile sin agus théadh sé gach Satharn chuig léachtaí sa chraobh de Choláiste Laighean a osclaíodh ann ar 17 Samhain 1912 agus a raibh Éamonn Ó Tuathail [B2] i gceannas uirthi
Ba chuimhin le hAindrias Ó Muimhneacháin (Feasta, Aibreán 1969) Séamus agus a dhlúthchara Tomás Page[B1] a bheith ag seinm ceoil ag céilithe an Choláiste ··· Ba iad an seisear sin: Séamus féin, a bhí mar chisteoir, an rúnaí Micheál Ó Maoláin as Árainn, Cathal Ó Tuathail, Seán Beaumont [B1], Seán Ó hUadhaigh [B2], agus Earnán de Siúnta [B1] ··· A chomhoibrí sa Chonradh agus i gCoiste na bPáistí, Cathal Ó Tuathail, a sheas leis
Tuairiscíodh rólanna a bheith aici in An Cleamhnas le Dubhghlas de hÍde [q.v.] agus in An Deoraí le Lorcán Ó Tuathail i 1905 ··· D’fhoghlaim an tAthair Tomás Ó Ceallaigh[B1] uaithi é agus thug do bhean i nGaillimh é agus thug sise é d’Eileen Costello
In Tomás Ó Flannghaile, scoláire agus file..., 1940 tá eagar curtha aige ar dhánta Uí Fhlannghaile[B1] ··· Tá cuntais air in Sunday Independent 17 Meitheamh 1934 ag Cathal Ó Tuathail [q.v.] agus in Inniu 11 Lúnasa 1950
Cuireadh spéis ar leith i Láimh-leabhar Mhódha na Ráidhte, 1919 leis an Athair Ó Tuathail a foilsíodh i mBéal Feirste ··· Scríobh Tomás Ó Fiaich cuntas dar teideal ‘Triúr de chlann Uí Thuathghaile’ in Seanchas Ard Mhacha Iml
Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn, 1996; cuid insuime den bheathaisnéis sin a bhfuil inti de shleachta as dialanna a choinníodh sé agus den chomhfhreagras a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4], Seán Ó Ríordáin [B3], Tomás Ó Fiaich [q.v.].. ··· I 1933 d’iarr Séamus Ó Duilearga air léirmheas a dhéanamh in Béaloideas ar Scéalta Mhuintir Luinigh le hÉamonn Ó Tuathail[B2] ··· Chuir Éamonn Ó Tuathail comhairle air i dtaobh béaloideas a bhailiú agus scríobhadh sé scéalta síos ó sheanchainteoirí dúchais
Mar aguisín in Gaeltacht Ráth Cairn tá ‘Cosnaítear an Creideamh: Chuala tú faoi Ráth Cairn?’, bileog a chuir Séamus Ó Tuathail amach, agus tá ainm Chriostóra i measc na sínitheoirí ··· Roghnaigh Tomás de Bhaldraithe[q.v.] scéal leis, ‘Aislingí’, sa díolaim Nuascéalaíocht, 1952
Sé sheachtain a chaith sé ann agus ní hé amháin gur chuir sé aithne ar mhuintir an oileáin, Tomás Ó Criomhthain[B5] agus Peig Sayers[B5] ina measc, ach gur fhoghlaim sé Gaeilge go sármhaith ··· Bhí Thomson agus a bhean sa láthair nuair a seoladh an t-eagrán nua ag Féile na Scríbhneoirí i Lios Tuathail i 1976
Roimhe sin bhí cuid de in An tUltach ag Éamonn Ó Tuathail[B2] ··· Cé gur aithin Tomás Ó Fiaich cuntais Uí Chearnaigh a bheith lán d’áiféis agus d’earráidí shíl sé in Seanchas Ardmhacha 3, 1959 (‘Dánta fá Chléir Ardmhacha’) go raibh bunús éigin leis an méid seo uaidh: ‘It was he [Linden] that kept alive the lingering spirit of poetry and music and it was owing to his example that the Fews, Down and Louth produced so large a number of truly learned bards and musicians at this and at a subsequent period despite the vigilance and exertions of the tory-hunters of that locality
Toghadh é ina rúnaí ar an Ard-Chraobh, Conradh na Gaeilge, i dtús na tréimhse sin agus ann a casadh air Cáit Ní Raghallaigh a bpósfaí léi é ar 19 Lúnasa 1925; neacht ba ea í leis an Athair Dónall Ó Tuathail[B4] agus chaithfeadh sí seal ina rúnaí ag Séamus Ó hAodha (1881–1943) [B2] ··· Bhí Seoirse Mac Niocaill[B2] agus Cathal Ó Tuathail[B4] ag cabhrú leis agus an cúram sin air ··· Bhí an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich[q.v.] agus tríocha sagart ag comhcheiliúradh a aifrinn éagnairce in Eaglais Naomh Treasa i gCnoc Mhuirfean (Irish Times 1 Márta 1990)