Líon alt a aimsíodh: 39
Bhí triúr clainne acu agus tugadh ‘Mahony’ mar shloinne ar an duine ba shine díobh, an Tomás s’againne, agus is chuige a thiocfadh Caisleán Mhaigh Chuinn, teach nár mhiste caisleán a thabhairt air ··· Dhealródh an scéal go raibh Tomás go maith as sa saol ··· Bhí sé ina Choimisinéir Síochána agus bhris an Tiarna Seansáileir as an ngradam sin é nuair a shínigh sé cáipéisí dlí i nGaeilge (ibid 19 Márta 1904) ··· Nuair a chuaigh dream as Cathair Saidhbhín go Feis na Mumhan i gCorcaigh ba é Tomás a d’íoc na costais ··· B’in é a sheoladh nuair a phós sé Máire Ní Shíocháin [q.v.] ar 23 Eanáir 1908
Ba é Tomás an duine ab óige de cheathrar iníonacha agus ceathrar mac ··· Nuair a chuaigh an Fear Mór go dtí an Rinn chun bheith i bhfeighil Scoil na Leanbh i bhfómhar 1919 chuaigh Tomás ina ionad i gColáiste na nÍosánach, Mungairit, Luimneach ··· Bhí Tomás ina Chathaoirleach ar Choláiste na Rinne ó Lúnasa 1948 go bhfuair sé bás 6 Márta 1954 ··· Bhí meas ar leith ar an aistriúchán a rinne sé ar úrsceal an Chanónaigh Uí Shíocháin, Glenanaar (Gleann an áir, 1931) ··· Gibbard Jackson); Cúrsaí simplidhe sa chreideamh, 1950 (Simple course in religion le Micheál Ó Síocháin) [B3]; Naomh Eoin Bosco, 1954 (Saint John Bosco le F.A
Fear a chuir trí cinn is daichead d’ainmneacha cineálacha feamainne le chéile agus a thug sampla de gach ceann díobh ní beag a eolas ar chladaí...’, a dúirt Tomás Ó Máille[B3] sa réamhrá a chuir sé le leabhar Shéamuis, Cladaigh Chonamara, 1938 ··· Tá cuntas greannmhar in Fáinne an Lae 22 Márta 1924 ar theagmháil a bhí aige le ball den Gharda Síochána nua agus é ag rothaíocht san oíche gan lampa ··· In ‘Seosamh Daibhéid agus cuid dá chairde’ (Feasta, Deireadh Fómhair 1988) tuairimíonn Tomás de Bhaldraithe gur cheal Béarla a theip air cead dul go dtí na Stáit Aontaithe a fháil ón gconsalacht i mBaile Átha Cliath ··· Deir Tomás gur oibrigh sé an seanchleas, dul go Ceanada agus scrúdú a sheasamh a bhí i bhfad níos éasca ··· Chabhraigh Seosamh Daibhéid leis chun eagar a chur air agus ar bhealaí eile (Tomás de Bhaldraithe in Feasta, Deireadh Fómhair 1988)
Chuaigh Tomás go dtí an scoil náisiúnta agus as sin ar feadh bliana go dtí Coláiste Naithí i mBealach an Doirín ··· Bhí baint aige le Ruairí Ó Conchubhair agus le Seosamh Pluincéad sa pholaitíocht agus ba é a bhí ina rúnaí ag Coiste Síochána Tom Kettle le linn Fhrithdhúnadh 1913 ··· Ba é Tomás ionadaí Bhráithreachas na Poblachta i Sinn Féin, é ina rúnaí oinigh i 1917 agus ina bhall den choiste gnó ó 1917 go 1922 ··· Bhí Tomás ar choiste na Taibhdheirce ar feadh tamaill ··· D’éag Tomás Diolún ar 12 Nollaig 1971
‘An cara is dlúithe a bhí aige i gcaitheamh a shaoil’ an tagairt atá ag Diarmaid Ó Doibhlin dó in ‘Tomás Ó Fiaich—saol agus saothar i Maigh Nuad’ (Maigh Nuad: Saothrú na Gaeilge 1795–1995, 1995 in eagar ag Etaín Ó Síocháin) ··· Sna 1940idí a d’éirigh sé cairdiúil le Tomás Ó Fiaich ··· Bhunaigh sé féin agus Tomás Ó FiaichAn Sagart ··· An tAthair Tomás Ó Fiaich a thug an t-aitheasc os cionn na huaighe ··· An cuntas is cuimsithí, b’fhéidir, ar a obair sa Roinn Oideachais, go háirithe maidir le Buntús agus le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann, is in ‘Buntús Gaeilge agus Bunú ITÉ’ le Tomás Ó Domhnalláin[q.v.] atá sé (in Dán do Oide: Essays in Memory of Conn R
Bhí sé mar dhlúthchara ag an Chairdineál Tomás Ó Fiaich agus bhí sé i láthair ag na cainteanna síochána in Essen sa Ghearmáin in 1988 ··· Tháinig Diarmaid féin faoi anáil na mórscoláirí a bhí thuas lena linn: Donnchadh Ó Floinn, Tomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Cathal Ó Háinle, Pádraig Ó Héalaí, Donnchadh Ó Corráin agus a dhuine muinteartha féin Breandán Ó Doibhlin, agus chúitigh sé a saothar leo le líon na scoláirí Gaeilge a spreag sé féin thar na blianta teagaisc ··· Derry 1882–1982 (1982); Nioclás Ó Cearnaigh: beatha agus saothar (i gcomhar le Seán Ó Dufaigh, 1989); Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992); Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin: cnuasach de na sean-amhráin is áille agus is mó clú (1995); Going up the glen: womenfolk of the Glens of Antrim and the Irish language (1996); O’Neill’s own country and its families by Éamon Ó Doibhlin (1998) agus The St
Tá a bheathaisnéis scríofa ag Tomás Ó Canainn agus Gearóid Mac an Bhua: Seán Ó Riada, a shaol agus a shaothar, 1993 ··· an Chláir, dá athair Seán Reidy ar sháirsint sa Gharda Síochána é; feirmeoir ba ea a athairsean ach deirtear gurbh fhile agus dealbhóir é freisin ··· Deireadh an tOllamh Fleischmann le Tomás Ó Canainn ‘nach raibh mac léinn aige riamh ba chliste ná ba cheolmhaire’ ná é ··· Teideal ar chaibidil ag Tomás Ó Canainn is ea an cheist ‘Cé acu Seán Ó Riada?’ ··· Bhí sé ina chomhairleoir agus ina léirithoir acu nuair a bhí a gcéad fhadcheirnín á ullmhú acu: chóirigh sé na hamhráin Ghaeilge a chan Tomás Ó Súilleabháin agus rinne an tionlacan pianó
Tá an leithleachas go háirithe le tabhairt faoi deara freisin sa díspeagadh a rinne sé ar leabhair leis an Dr Micheál Ó Síocháin sna paimfléid a chuir Muintir na Leabhar Gaeilge amach sa tréimhse 1907–12 i dtaobh na faillí a bhí an córas oideachais a dhéanamh i saothar an Athar Peadar ··· D’fhoilsigh Tomás de Bhaldraithe comhfhreagras in Clocha ar a charn, 1982, a thaispeánann go ndearna an sagart gearán ar leabhair le Pádraic Ó Conaire, go raibh siad graosta ··· Ar 24 Bealtaine 1970 eagraíodh siompóisiam i Maigh Nuad in ómós dó agus labhair Tomás Ó Floinn, Seán Ó Ríordáin agus an tAthair Tadhg Ó Murchú ··· Mhúin sé an teanga do scoláirí Gaeilge a linne: Tomás Ó Rathile, Eleanor Knott, Gearóid Ó Nualláin, an tAimhirgíneach, Cormac Ó Cadhlaigh ··· Ba iad seo a sheiceadóirí liteartha a mbeadh cead acusan amháin eagar a chur ar a shaothar: Osborn Ó hAimhirgín, an tAthair Gearóid Ó Nualláin, An Dr Feardorcha Ó Conaill, Norma Borthwick, an tAthair Risteard Pléimionn, Tomás Ó Rathile, Eleanor Knott
Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha an bhliain sin (agus gach bliain beagnach go 1922) agus ar 2 Iúil chuir an Conradh fáilte abhaile i dTeach an Ard-Mhéara roimh a nUachtarán Eoin Mac Néill[q.v.] agus baill den Choiste Gnó: Fionán, Diarmuid Lynch[q.v.], Béaslaí[B1] agus Tomás Ághas[B1] ··· Dlúthchara leis ba ea Tomás Ághas agus bhí an bheirt acu ag fulaingt i dteannta a chéile nuair a tachtadh an tÁghasach 25 Meán Fómhair 1917 de bharr na ndochtúirí bheith ag cur bia siar a scornach in éadan a thola ··· Ní raibh fonn ar an bhfeisire Réamonnach Tomás Ó Domhnaill [B2] seasamh ina aghaidh agus toghadh é ··· Bhí seisean ina sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga sa chathair ach ba ghairid go raibh sé ar na foinsí eolais ab fhearr ag an gCoileánach; bheadh sé ar dhuine de phríomhcheannfoirt thosaigh an Gharda Síochána agus deirtear gurbh eisean ba mhó faoi deara ainm an fhórsa ··· Bhí sé ar dhuine den cheathrar rúnaí ag na toscairí Éireannacha i Londain san idirbheartaíocht i dtaobh conartha síochána
Tar éis bunscolaíochta i Scoil Fhionáin Naofa i Spuncán cuireadh faoi chúram a aint Bríd i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ar scoil i gColáiste Mhuire; is ann a dhíol an múinteoir Tomás Ó Floinn [q.v.] cóip den chéad uimhir de Comhar leis i mBealtaine 1942 ··· Géilltear gurbh é an príomhbhunaitheoir é agus ó thús bhí sé ina Stiúrthóir Oinigh agus ina chathaoirleach ar Bhord na gCaomhnóirí (Seán Ó Síocháin[q.v.], Máirtín Ó Cadhain[B4], Máire Bhreathnach, Aodhagán Brioscú[q.v.]) ··· Sna 1950idí freisin bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Cló Morainn; ar na leabhair a d’fhoilsigh siad tá Tomás Ruiséil, 1957 le Séamus N ··· Mac Giolla Easpaig agus De Valera, 1968-70 le Tomás P
D’fhoilsigh Tomás de Bhaldraithe a chuimhní ar Phádraic in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982 ··· Lean sé Tomás Mac Curtáin [B4] agus Traolach Mac Suibhne mar cheannasaí ar Bhriogáid a hAon d’Arm na Poblachta i gCorcaigh ··· Swanzy, an póilín a mharaigh Tomás Mac Curtáin os comhair a bhean agus a chlann i lár na hoíche ··· D’fhéach sé le síocháin a dhéanamh ach níor éirigh leis
Dúirt sé leis an nGlaisneach gur thug Tomás Mac Anna, fear amharclainne, cuairt ar a athair i samhradh 1951 agus gurbh eisean a chuir in aithne é do Earnán de Blaghd[B5] a d’fhostaigh é in Amharclann na Mainistreach mar ábhar aisteora agus ‘ina rúnaí, ina thimire, ina theachtaire’ ag Mac Anna ··· I measc a dhlúthchairde agus é sna fichidí go fóill bhí Tomás de Bhaldraithe[B8], David Greene[B3] agus Art Ó Beoláin[B8] ··· Deir Íte Ní Chionnaith: ‘Is liosta le háireamh an oiread ceisteanna a bhain le cearta sibhialta agus le cearta daonna a raibh Proinsias ag plé leo in Éirinn agus ar fud an domhain.’ Agus in Foinse 5 Deireadh Fómhair 2003 scríobh Risteárd Ó Glaisne [q.v.]: ‘Bhí sé ar an gcoiste feidhmiúcháin a bhain leis an gComhdháil Síochána i bPrág na Seicslóvaice thar ceann na hÉireann ··· Scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine a raibh cáil an léinn orthu nó stádas bainte amach acu sa saol, agus a bhí cairdiúil le Proinsias féin, na baill go léir nach mór – Liam Ó Briain, Eibhlín Ní Bhriain[B8], Donal Foley[B4], Máirtín Ó Cadhain, Dáithí Ó hUaithne, Annraoi Ó Liatháin[B1], Tomás Diolún [B2], Criostóir Mac Aonghusa, Tomás de Bhaldraithe, Máire de Paor, Breandán Ó hEithir, Liam de Paor, Art Ó Beoláin ..., gan ach na mairbh in Beathaisnéis a liostú ··· Chuir sé eagar ar: Aeriris (1976); Daithí Ó hUaithne: cuimhní cairde (1994) (De Bhaldraithe a chomheagarthóir); Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997) (Proinsias a thug an óráid cois na huaighe ag sochraid Thomáis); Oireachtas na Gaeilge 1898- 1997 (1997)
Is lena linn a d’aistrigh sé Sally Kavanagh le C.J.Kickham faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha: scéal faoi Thiobriad Árann (1932) (d’ullmhaigh an Dr Tomás de Bhaldraithe eagrán 1986) ··· Tar éis go raibh sé ar dhuine de scata a ghabh an Garda Síochána i Meitheamh 1936 bhris a bhainisteoir, an Canónach P.S ··· I mBaile Átha Cliath dó bhíodh Tomás Bairéad [B2] ag tathant air bheith ag scríobh agus chrom sé ar Idir shúgradh agus dáiríre (1939) a chur ar fáil ··· Tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha a chuir sé chuig Tomás Bairéad (As an ngéibheann, 1973)
Bhí sé ar na daoine ab ildánaí i stair na hathbheochana: údar an dá leabhar is mó a raibh éileamh ag an bpobal orthu, múinteoir, riarthóir poiblí, béaloideasóir, scoláire, ceoltóir, fear gnó, díograiseoir, fear troda agus fear na síochána ··· Casadh Tomás Bán Ó Concheanainn[B2] air sa Daingean in 1905 ··· Labhair Tomás le Fionán Mac Coluim[B1] agus earcaíodh é mar mhúinteoir taistil ··· Tá cuntas ar a eagrán de An tOileánach ag Seán Ó Coileáin in ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’ in Scríobh 4, 1979 ··· Is tábhachtaí é ar shlí ná an rud a scríobh Tomás Ó Criomhthain féin
Sa bhunscoil bhí Muiris Ó Catháin[q.v.] ar dhuine dá mhúinteoirí agus sa mheánscoil bhí Tomás Ó Floinn[q.v.] aige ··· Sna 1960idí bhí sé mar phríomhoifigeach ceangail ag fórsaí síochána na Náisiún Aontaithe sa Chongó ··· Chuidigh sé le Tomás de Bhaldraithe i gcás na dtéarmaí míleata in English-Irish Dictionary (1959)
Ba iníon í le Tomás Ó Síocháin, táilliúir, agus a bhean Máire Ní Shíocháin agus is i gCathair Saidhbhín, Co ··· Is ar an gcuma sin a d’éirigh sí cairdiúil le Tomás Mac Donncha Ó Mathúna[q.v.] ··· Dhéanadh Craobh Uíbh Ráthach a lán de agus bhíodh Máire Ní Shíocháin i bpríomhpháirt i gcónaí... ··· Chuaigh sí isteach sa Chomhar Drámaíochta agus tagraíonn Micheál Mac Liammóir[q.v.] in All for Hecuba do na ‘faithful ones, Gearóid Ó Lochlainn[B3], Máire Ní Oisín, Máire Ní Shíocháin...’ ··· Ní mheasaim gur áibhéil ar bith a rá gurbh í Máire Ní Shíocháin an chéad duine a thug a saol—agus a hanam b’fhéidir—le ceird na haisteoireachta a bhunú go cóir sa tír seo in amharclann Ghaelach
Ba iníon le Tomás Ó Criomhthain[B5] a mháthair Cáit; ba í a bhí ag foghlaim snámha ar an Trá Bhán sa Bhlascaod ó Eibhlín Nic Niocaill[B2] an lá cinniúnach úd 13 Lúnasa 1909 ··· Bhí feirm mhaith ag a athair Tomás ··· In 1936 chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ··· Ó Síocháin[q.v.], Outline of evidence practice and procedure in Ireland (Dlí na fianaise in Éirinn, 1962), agus Criminal law of Ireland (Dlí coiriúil na hÉireann, 1964), a dtugann Titley ‘aistriú máistriúil’ air ··· Ó d’éirigh sé as an nGarda Síochána bhí sé fostaithe ag an nGúm ar fhoireann Foclóir Gaeilge-Béarla (1978)
Seán ’Lís Ó Súilleabháin a athair agus ba í Cáit Ní Ghuithín, neacht le Tomás Ó Criomhthain[q.v.], a mháthair ··· Bhí sé ag beartú a dheartháir agus Eibhlín a leanúint go Meiriceá ach gur mhol George Thomson dó in 1927 dul isteach sa Gharda Síochána ··· In 1929, mhol sé do Mhuiris leabhar ar nós An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain a scríobh ··· Faoi 1934, bhí sé tuirseach de shaol an Gharda Síochána le tamall ··· Chuaigh sé ar ais sa Gharda Síochána 16 Feabhra 1950
Daoine mar Sheán Ó hÓgáin[B2], James Cogan[B3] agus Tomás Ó Néill Ruiséal[B3] a chastaí air i leabharlann an Acadaimh Ríoga nó in áiteanna eile, bhí siad ar aon fhocal leis go raibh gá le gníomh ··· Agus é ag scríobh faoin troid i dtaobh ionad na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann in 1908 dúirt Tomás Ó Fiaich: ‘By far the best argued case in favour of the League’s policy on this issue was Eoin Mac Néill’s pamphlet, Irish in the National University of Ireland, and it must have convinced many a waverer who took time to study it’ ··· Fuair an dara mac Brian (1900–22), mac léinn leighis, bás ag troid ar son na Poblachta; bhí Turlough (1903–55) páirteach i gCogadh na Saoirse agus bhí ina cheannphort sa Gharda Síochána sula raibh 21 bliana aige
Ó 1952 ar feadh tamaill bhí baint aige le Cara, eagraíocht a bhunaigh Pádraig Ó Síocháin[B8] an bhliain sin chun spéis mhórphobal na hÉireann a mhúscailt sa Ghaeilge; leis an gcuid sin de pholasaí Chara i dtaobh ‘Bun-Ghaeilge’ a bhí Risteárd ag plé leis an eagraíocht agus níorbh fhéidir a rá gur mhó ná sásta a bhí sé leis an mbun-Ghaeilge ba mhian leis an Síochánach a chur chun cinn ··· Tharraing sé dímheas cuid dá chomhchreidmhigh air féin trína bheith i láthair, mar agóidí, b’fhéidir, ag an gcruinniú den Language Freedom Movement i dTeach an Ard-Mhaoir 22 Meán Fómhair 1966; ar chuireadh ó Dhónall Ó Móráin [B8] bhí sé ar dhuine de na cainteoirí a labhair ar son na Gaeilge ón ardán an oíche sin (tá cuntas maith aige ar an oíche úd in Tomás Ó Fiaich, 1990) ··· (1978); Don ábhar saoririseora (1980); Raidió na Gaeltachta (1982); Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael (1988); Tomás Ó Fiaich (1990); To Irish Protestants (1991); Dúbhglas de hÍde (1991-93) (2 iml.); Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992 (1992); Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach (1994); Pádraig Ó Fiannachta (1995); Cosslett Ó Cuinn (1996); Niall Brunicardi (1997); Modhaigh: scéal pobail – scéal eaglaise (1999); Denis Ireland (2000); De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge (2000); Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan (2001); Cearbhall Ó Dálaigh (2001); Coláiste Moibhí (2002); Esperanto: teanga idirnáisiúnta (2004); Eagarthóir (2005)
B’as ceantar na Fairche i dtuaisceart Chonamara do sheanathair athartha Mhichíl, fear ar scríobh Tomás Ó Colmáin [B5] síos uaidh ceann de na hamhráin a thug sé do Eileen Costello [B2] ··· Mac leo is ea an scoláire Gaeilge Máirtín Ó Briain; bhuaigh mac leo an gradam ‘Eolaí óg na bliana’ i 1977; chuaigh mac eile isteach sa Gharda Síochána; le dochtúireacht a chuaigh a n-iníon
Níl á lua anseo ach na daoine in Beathaisnéis a rinne ceirníní do Doegan agus a chomhghleacaithe: Amhlaoibh Ó Loingsigh [B5], Diarmuid Mac Coitir [B5], Seán Ó Conaill [B4], Pádraig Mac Meanaman [B9], Aodh Ó Dubhthaigh [B1: 68], Domhnall Bán Ó Céileachair [B4: 97], Pádraig Ó Cruadhlaoich [B1], Conchúr Ó Síocháin[B1], Micheál Ó Cionnfhaolaidh [B4], Micheál Turraoin [B5], Labhrás Ó Cadhla[B3], Fionán Mac Coluim [B1], Tomás Ó Lócháin [B5], Stiofán Ó hEalaoire [B1], Seán Ó Domhnaill [B1]
Bhí seo bunaithe ar scéala gur trí mheán na Gaeilge a dhéanfaí gnó an Gharda Síochána sa Ghaeltacht feasta ··· Ba í an dara duine ab óige í den aon duine déag a bhí ag Tomás Mac Fheilimí Ó Dubhaigh agus Máire Ní Ghallchobhair
Ba iad an dá leabhar sin Caint an tSean-Shaoghail, 1942 agus Cúrsaí an tSean-Shaoghail, 1948, ábhar a scríobh sé síos ón treabhadóir Tomás Ó Muirithe (c.1880-1958) ··· Is cosúil gurbh é Micheál Ó Síocháin [B3] a spreag é chun an saothar sin a dhéanamh
‘Deir Tomás, a dheartháir, ná raibh ach feirm ná raibh rómhór ag a mhuintir, ach gur bean tíosach ab ea a mháthair—bean dearthúil a bhfuil cuimhne fós ar a flaithiúlacht leis na boicht—agus go raibh gamhain beathuithe i gcóir don mhargadh aici nuair a bhí na costaisí beaga breise a bhain le fear óg a chuir chun na hiolscoile ag glaoch orthu’ (Nic Dhonnchadha) ··· I léirmheas ar an dara heagrán de Sean-Chaint na nDéise, le Micheál Ó Síocháin[B3] deir sé: ‘Its publication may well lead us to hope that another and an even more important book, representing the greater part of Dr ··· From numerous footnotes the reader may be able to form some idea of what has been lost in fifty years.’ Ba é Nioclás Barún, nia leis an Ardeaspag Micheál Ó Síocháin, a bhronn na nótaí ar Choláiste na Rinne
Faoin teideal ‘Fathach Fir’, déanann Seán Ó Síocháin cur síos ar a ndearna sé in An tUltach, Meitheamh 1975 ··· Tuairiscíodh in Inniu 18 Meitheamh 1976 gur nocht Tomás Ó Fiaich leacht i gcuimhne air i Rann na Feirste
Ba é Muiris an chéad duine clainne ag Tom Ó Meara, Garda Síochána de bhunadh na cathrach, agus a bhean chéile, Máirín, a rinne Dioplóma Bainistíochta Óstán i gColáiste Shráid Chathail Brugha ··· Deartháir amháin, Tomás, a bhí níos óige ná í, a bhí ag Máirín
Is dóigh go bhfágfaí ansin é murach gur dúradh leis na saighdiúirí san oileán go mbeadh orthu an tsíocháin a choimeád ag cruinniú mór de chuid Shinn Féin i gCathair Saidhbhín ar 4 Samhain 1917 ··· I ndeireadh 1920 gabhadh é faoi airm agus bhí sé i bpríosún in Swansea go dtí gur saighneáladh an conradh síochána ··· Ach faoi 5 Deireadh Fómhair bhí post múinteora Gaeilge faighte aige i mbaile Chill Mhantáin, post a bhí ag Tomás Ó Cléirigh[q.v.] roimhe
Chuir Tomás Ó Flannghaile[B1] an cuntas sin, mar aon le haistriúchán, i gcló in Eachtra Ghiolla an Amaráin; or The Adventures of a Luckless Fellow and other poems by Donnchadh Ruadh Mac Conmara (1897) ··· An tArdeaspag Micheál Ó Síocháin[B3] a chum an inscríbhinn Laidine
Deirtear gur lean sé den troid go dtí gur ghabh fórsaí Chromail Caisleán an Rois 22 Meitheamh 1653, gur gheall an Briogáidire Nelson dá dtagadh sé a dhéanamh síochána sa chaisleán go scaoilfí saor abhaile é ··· Tá a dhán grá ‘Léig dhíot th’airm, a mhacaoimh mná’i gcló ag Tomás Ó Rathile[B2] in Dánta grádha: an anthology of Irish love poetry (1926)
Chuir Tomás Ó Raghallaigh[B2] eagar ar Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, 1930 ··· Scríobh sé dán dá dheartháir Ruairí nuair a chuaigh seisean go Baile Átha Cliath ag déanamh síochána leis an rialtas (‘Dána an turas trialltar sonn’)
Is é a bhaineann sé as an dán gur mhaith le comrádaithe an fhile, agus iad ag ól sláinte a chéile um Nollaig, a chlos go raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana á thuar, in ainneoin na síochána a bhí le tamall eatarthu ··· Deir Morley gurbh ann a bhí cónaí ar a iníonacha nuair a fuair Tomás Ó Gormáin[B6] a chuid páipéar uathu le tabhairt leis chun na Fraince
Roghnaigh Tomás de Bhaldraithe[q.v.] scéal leis, ‘Aislingí’, sa díolaim Nuascéalaíocht, 1952 ··· Thaistil sé ar fud cuid mhaith de dheisceart na hEorpa, chaith tamall i Moscó nuair a bhí comhdháil síochána ar siúl ann, sna luathsheachtóidí, agus in Leningrad
Sé sheachtain a chaith sé ann agus ní hé amháin gur chuir sé aithne ar mhuintir an oileáin, Tomás Ó Criomhthain[B5] agus Peig Sayers[B5] ina measc, ach gur fhoghlaim sé Gaeilge go sármhaith ··· Bhí sé sa Bhlascaod samhradh na bliana sin agus thosaigh ag tathant ar Mhuiris Ó Súilleabháin dul isteach sa Gharda Síochána in ionad dul go Meiriceá
I nDaonáireamh 1901 bhí na daoine seo a leanas sa teach i i nGort na Croise: Thomas (53), feirmeoir agus giúistís síochána, a rugadh san Astráil; Alice (50), a bhean, a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Bridget (24), iníon feirmeora; James (19), mac feirmeora; Vincent (15), scoláire ··· In The Nenagh Guardian i ndiaidh bhás Thaidhg deirtear go raibh a sheanathair John Gleeson (1814-1878) cairdiúil ina óige le Tomás Dáibhís nuair a thugadh seisean cuairt in 1825-34 ar a uncail, an tUrramach Hastings Atkins, i dTeampall Doire
Bhí beirt deirfiúracha aici, Eibhlín a bheadh i gceannas na gcailíní i Meánscoil na Rinne ar ball, agus May a fuair bás an-óg in 1895 agus deartháir amháin, Tomás ··· Bhí sé ar dhuine de na chéad fhir a chuaigh isteach sa Gharda Síochána ··· Go dtí go bhfuair sé an post sa Gharda Síochána bhíodh Áine ag múineadh anseo is ansiúd, go háirithe i gClochair na Toirbhearta i gCaiseal agus i bhFiodh Ard ··· Nuair a bhí Séamus sa Gharda Síochána bhí siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, i gCuan Bhaile na Cúirte agus i gCathair Saidhbhín
Bhí an méid seo le rá ag Máirtín Ó Cadhain[B3] le Sáirséal agus Dill sular foilsíodh é: ‘An fear seo [Breandán Ó Beacháin] agus Seán Ó Ríordáin[B3] an dá fhíorfhile sa nGaeilge’ (nóta ag Tomás Bairéad[B2] in As an nGéibheann, 1973) ··· Ar ais i mBaile Átha Cliath scaoil sé urchar le ball den Gharda Síochána agus ar 25 Aibreán 1942 gearradh ceithre bliana déag air
Nuair a bhí teagmhálacha ar bun ag an Ardeaspag Mac Clúin ó Pherth um Shamhain 1920 chun téarmaí síochána a shocrú chuir sé teileagram chuig Lloyd George: ‘You state you are willing to make peace at once without waiting till Christmas, Ireland is also willing to make peace ··· Nuair a tháinig Fianna Fáil i réim d’iarr a chara Tomás Ó Deirg, Aire Oideachais, air stair na gcontaetha a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge
Thug sé uaidh rabhadh fadradharcach in 1974: ‘Rabhadh ón stair (non immemor in pace vivere), ná déan dearmad go mbeidh ort amach anseo maireachtáil faoi shíocháin agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí do ghnímh agus maireachtáil leo siúd a bhfuil tú ag troid leo anois.’ Timpeall thús na 1970idí, bhíodh seirbhísí Gaeilge á reáchtáil ó am go ham sa samhradh i Séipéal Chill Maoilchéadair, agus Cór Chúil Aodha Sheáin Uí Riada rannpháirteach iontu ··· Mar éacúiméiní tiomanta, bhain Dónall sult as a chaidreamh pearsanta leis an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich, scoláire mór Gaeilge agus staire, agus na hardeaspaig Chaitliceacha a bhí mar chomhghleacaithe aige i mBaile Átha Cliath le linn a thréimhse féin, Kevin McNamara agus Desmond Connell ··· Mhol Dónall go minic ina ráitis phoiblí go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag Protastúnaigh sna fórsaí cosanta, sa Gharda Síochána agus in údaráis áitiúla, téama ar lean sé de mar easpag sna deoisí éagsúla a bhí faoina chúram ··· Mar ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath i ré an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh agus tús phróiseas na síochána ina dhiaidh sin, tháinig a cheannaireacht go maith le ceannaireacht Ardeaspag Ard Mhacha, Robin Eames, ó thuaidh, sa tslí gur sholáthair Dónall léargas ar dhearcadh chomhaltaí Eaglais na hÉireann ó dheas