Líon alt a aimsíodh: 1
Ba i bPoll Raithní ar leithinis an Chorráin a rugadh Seán Ó hÉalaí ar an 27 Eanáir 1938, an té ba shine de bheirt chlainne a saolaíodh do Tom Sheáin Ó hÉalaí as an mbaile sin agus dá bhean Catherine Terry Ní Ghallchóir ··· Bhí na scórtha acu ann, ach ar an dream ba iomráití acu bhí Seán Ó Dochartaigh as Ceathrú Thaidhg (nó ‘Stanton’ mar ab fhearr aithne air), Micky Joe Ó Conólaí as Ros Dumhach, Mary John Tom Breathnach as an nGlais ar an bhFód Dubh, Biddy Phat Mhicil Conboy (Bríd Pheaits Mhicil Ní Loideáin) as Ceapaigh na Creiche i gCoill an tSiáin i dTuar Mhic Éadaigh, a rugadh in 1899 agus a raibh cuimhne ghléineach aici ar chuairteanna Phádraig Mhic Phiarais ar an gceantar sin, agus Tony Chatherine Antoine William Ó Cathmhaoil as Buaile an Ghleanna ar an gCorrán, Acaill, údar na leabhar Seanfhocail as Acaill (1995) agus A chomhairle féin do Mhac Anna: seoda as Acaill (1999), leabhair nach mbeadh ann murach Ó hÉalaí ··· Ba é Seán Ó hÉalaí glór Mhaigh Eo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 1978 agus 2001 ··· Fearacht bhunáite mhuintir Acla ní raibh de rogha ag Tom Sheáin ach aghaidh a thabhairt ar Shasana agus ar Albain, áit a raibh obair le fáil ar fheirmeacha agus ar shuíomhanna tógála fad agus a d’fhan a bhean agus a chlann sa bhaile ag tabhairt aire don gheadán beag talún a bhí ansiúd aige agus a bhfillfeadh sé air gach uile Nollaig nó le hobair an earraigh a dhéanamh ··· Fad agus a bhí sé i Londain a chuaigh Seán Ó hÉalaí i gConradh na Gaeilge, eagraíocht a raibh sé sáite inti ar feadh a shaoil ina dhiaidh sin